Vótáil thar lear agus ó thuaidh – an bhfuil gá le le reifreann a chosnódh €20 milliún agus fanacht ocht mbliana?

Ar chóir cearta vótála á cheilt ar ár muintir ó thuaidh agus thar sáile ar feadh ocht mbliana eile?

Vótáil thar lear agus ó thuaidh – an bhfuil gá le le reifreann a chosnódh €20 milliún agus fanacht ocht mbliana?

Beidh Lá Fhéile Pádraig á cheiliúradh ag Éireannaigh ar fud an domhain as seo go dtí an Domhnach. Tá ionadaithe rialtais ina measc agus mór is fiú á dhéanamh acu gan dabht den gheallúint stairiúil a thug Enda Kenny i Philadelphia Dé Domhnaigh seo caite. Den chéad uair riamh, tá ceart vótála tairgthe ag ceannaire Éireannach d’Éireannaigh atá ina gcónaí taobh amuigh den Stát.

Ní foláir a bheith cúramach mar sin féin agus “geallúint” an Taoisigh go mbeadh vótaí acu i dtoghcháin uachtaránachta á cíoradh. Cén fáth?

  1. Toisc nach gcuirfear an gheallúint i bhfeidhm roimh an toghchán uachtaránachta atá beartaithe a reáchtáil in 2018
  2. Toisc gur i dtoghchán uachtaránachta 2025 a vótálfadh saoránaigh atá ina gcónaí lasmuigh den stát den chéad uair.
  3. Toisc nach bhfuil sonraí ar bith socraithe. Mar shampla, an dtairgfear vótaí do dhaoine nár rugadh in Éirinn ach a bheadh i dteideal imirt ar fhoireann sacair na hÉireann?
  4. Toisc nár pléadh sonraí ar bith leis an bhfreasúra sular fhógair an Taoiseach reifreann.
  5. Toisc nach Enda Kenny ach a chomharba a bheas freagrach as cur chun cinn an togra a d’fhógair sé i Philadelphia.

Foilseoidh an rialtas páipéar maidir le roghanna cearta vótála nua an mhí seo chugainn. Má shíleann tú, a léitheoir dhil, go bhfuil moill as cuimse curtha cheana féin ar mheá na ceiste seo, tá an ceart agat.

In 2012, d’iarr rialtas Enda Kenny ar an gCoinbhinsiún ar an mBunreacht plé a dhéanamh ar an gceist maidir le leathnú lasmuigh den stát ar chearta vótála i dtoghcháin uachtaránachta. I mí na Samhna 2013, d’eisigh an Coinbhinsiún tuairisc inar moladh an leathnú mar a d’fhógair Enda Kenny i Philadelphia. Moill go dtí seo: trí bliana go leith.

Is léir cheana féin nach mbeidh gach duine sa stát sásta le geallúint an Taoisigh. Cibé toradh a bheas ar an díospóireacht, tá baol ann go gcuirfear i leataobh í de bharr caint ar bheartas eile. Beartas a thairgfeadh ionchur díreach sa chóras polaitiúil, seachas tionchar siombalach, d’Éireannaigh atá lasmuigh de dhlínse an Stáit.

“Is Éireannach mé toisc go bhfuilim i mo chónaí abhus le 25 bliain,” a dúirt bean a rugadh sa bhFrainc le scríbhneoir an cholúin seo le gairid. “Ach is Francach mé freisin. Bím ag smaoineamh ar leas na Fraince i gcónaí. Ar ndóigh, vótálaim i ngach toghchán.”

Toghann saoránaigh na Fraince atá ina gcónaí taobh amuigh den stát 11 ionadaí san Assemblée Nationale. Deimhníonn an córas (a) ionadaíocht pharlaiminte d’eisimircigh agus (b) srian ar a dtionchar.

Tar éis an reifrinn in 2013 inar vótáil móramh nár chóir deireadh a chur le Seanad Éireann, bhunaigh an Taoiseach coiste neamhspleách (faoi chathaoirleacht an iarSheanadóra Maurice Manning) chun atheagrú an tí uachtaraí a phlé.

In 2015, mhol an coiste* go mbeadh Éireannaigh, thuaidh agus theas, chomh maith le daoine thar lear a bhfuil pas Éireannach acu, i dteideal vótála feasta chun 30 comhalta den Seanad a thoghadh. Trí phointe:

* Ní bheadh reifreann riachtanach chun moladh an choiste a chur i bhfeidhm.
* D’fhéadfaí cur leis nó baint de (mar shampla chun suíocháin a chur in áirithe d’ionadaithe ón Tuaisceart agus/nó ón iasacht).
* D’fhéadfaí an reachtaíocht chuí a rith roimh an gcéad toghchán eile.

Tá an rialtas ar tí 20 milliún (garbhchostas reifrinn) a chaitheamh ar bheartas vótála nach gcuirfear i bhfeidhm go ceann ocht mbliana.

Idir an dá linn tá an tuairisc inar mhol coiste beartas simplí dhá bhliain ó shin sa ghnáth-áit.

An tseilf.

* Bhí Mary O’Rourke, Maurice Manning (cathaoirleach), Joe O’Toole agus Pat Magner i measc chomhaltaí an choiste. Is féidir teacht ar a saothar anseo 

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon