Vótáil éigeantach? Difríochtaí móra idir an córas polaitiúil sa Bhrasaíl agus in Éirinn

Is iomaí difríocht idir Éirinn agus an Bhrasaíl, agus tá an chaoi a ndéantar toghchán a reáchtáil ar cheann acu. Agus toghchán áitiúil ar na bacáin sa Bhrasaíl, tugann ár gcomhfhreagraí léargas ar na difríochtaí sa chultúr polaitiúil

Vótáil éigeantach? Difríochtaí móra idir an córas polaitiúil sa Bhrasaíl agus in Éirinn

Toghchán áitiúil sa Bhrasaíl – cén fáth go mbeadh spéis ag éinne nach bhfuil cónaí orthu sa tír sin ina leithéid? Deis mhaith atá sa cheist sin chun díriú isteach ar dhifríocht ollmhór idir córas polaitiúil na Brasaíle agus córas polaitiúil na hÉireann.

Ní hionann agus in Éirinn, is é an pobal a thoghann an méara sa Bhrasaíl, i dtoghchán díreach. Tá i bhfad níos mó cumhachta ag an méara Brasaíleach, leis: tá sé nó sí mar a bheadh Taoiseach na hÉireann, ar leibhéal áitiúil. Ach ós rud é go bhfuil daonra mór millteach i gcuid de na cathracha sa Bhrasaíl, bíonn freagracht níos mó – ó thaobh daonra de – ar ghuaillí roinnt mhéaraí sa tír sin ná mar a bhíonn ar ghuaillí cheannairí áirithe san Eoraip, Enda Kenny san áireamh.

Tá os cionn dhá mhilliún déag i gcathair São Paulo, mar shampla – rud a fhágann go bhfuil méara na cathrach sin i gceannas ar níos mó daoine ná ceannairí na Beilge, na Gréige nó na Portaingéile.

Ach an difear is suntasaí idir córas polaitiúil na Brasaíle agus córas polaitiúil na hÉireann ná an vótáil éigeantach.

Mura gcaitheann duine vóta sa Bhrasaíl agus mura mbíonn leithscéal maith aige, cailleann sé slám cearta, an ceart ar phas nó cárta aitheantais ina measc. Agus mar is eol do phobal na Gaeilge go rímhaith, cothaíonn rud ar bith atá éigeantach neamhshuim, nó níos measa. 

Tá an ghráin ag cuid mhaith Brasaíleach ar aimsir an toghcháin, agus tá pointe acu. Aisteach go leor, ní chrochtar póstaeir ar chuaillí solais mar a dhéantar in Éirinn, ach é sin fágtha as an áireamh, bíonn feachtas toghchánaíochta i bhfad níos feiceálaí – agus i bhfad níos inchloiste – sa Bhrasaíl. 

Ar feadh mí go leith roimh an toghchán, dhá uair sa lá, bíonn dualgas ar gach stáisiún raidió agus ar gach stáisiún teilifíse cláir feachtasaíochta na bpáirtithe polaitiúla a chraoladh.

Bíonn teachtaireachtaí na n-iarrthóirí á gcraobhscaoileadh ag carranna fuaime, leis, agus bíonn arm feachtasóirí ag croitheadh bratacha agus ag dáileadh bileoigíní eolais ar na sráideanna.

Agus leis sin, táimid tagtha chuig an difear is aistí idir toghchán in Éirinn agus toghchán sa Bhrasaíl. Sa Bhrasaíl, íoctar na feachtasóirí as a gcuid oibre. Daoine iad atá fostaithe ag comhlachtaí poiblíochta, seachas oibrithe deonacha. Níl barántas ar bith ann go gcaithfeadh an fear nó an bhean a chaitheann an lá ar fad ag feachtasaíocht ag crosbhóthar gnóthach (ar airgead suarach) vóta don iarrthóir a bhfuil sé ag déanamh feachtasaíochta dó nó di. 

Dé Domhnaigh a bheidh an toghchán áitiúil ar siúl. Tá an chuma ar an scéal go gcaillfidh Fernando Haddad, méara liobrálach chathair São Paulo – an fear sin a bhfuil daonra níos airde faoina chúram ná mar atá ag roinnt mhaith ceannairí rialtais san Eoraip – a phost, agus go dtiocfaidh iarláithreoir teilifíse ó lár an speictrim pholaitiúil i gcomharbacht air.

Chuile sheans go mbeidh an bua ag an amhránaí soiscéalach Marcelo Crivella i gcathair Rio de Janeiro, agus is féidir talamh slán a dhéanamh de go n-atoghfar Antônio Carlos Magalhães Neto, duine as ceann de na clanna polaitiúla is cumhachtaí sa tír, ina mhéara ar chathair Salvador, mar a bhfuil cónaí orm féin.

Beidh na torthaí ar fáil go gairid tar éis do na bothanna vótála dúnadh; tá vótáil leictreonach i bhfeidhm sa Bhrasaíl.