Vóta stairiúil ar son Oifigeach Gaeilge i gComhairle Cathrach Bhéal Feirste

Vótáil tromhlach na gcomhairleoirí cathrach ar Choiste Straitéise agus Acmhainní na comhairle ar son rúin inniu a fhágann go bhfostófar Oifigeach Gaeilge den chéad uair sa chomhairle

Vóta stairiúil ar son Oifigeach Gaeilge i gComhairle Cathrach Bhéal Feirste

D’éirigh leis an rún a cuireadh os comhair Choiste Straitéise agus Acmhainní i gComhairle Cathrach Bhéal Feirste go bhfostófaí Oifigeach Gaeilge sa Chomhairle. Léiríodh i bpróiseas comhairliúcháin bhí ar siúl i gcaitheamh an tsamhraidh go dtacaíonn 61% de mhuintir na cathrach le ceapachán an Oifigigh Gaeilge.

Mí Bealtaine a vótáil na comhairleoirí cathrach i mBéal Feirste ar son an rúin a d’fhágfadh go gceapfaí na t-oifigeach sa Chomhairle. Lean próiseas comhairliúcháin poiblí an cinneadh sin, agus léiríodh gurbh é an rogha ab fhearr leis an bpobal ná go gceapfaí beirt oifigeach, duine amháin a bhreathnódh i ndiaidh cúrsaí Gaeilge agus duine eile a bheadh ag plé le teangacha eile, an Ultais ina measc.

Bhí 53% de lucht freagartha an tsuirbhé ar son na rogha sin, agus 40% ina haghaidh. Bhí 28% ar son oifigeach amháin do gach teanga sa chomhairle agus chuir 49% ina aghaidh sin.

Cuirfear an rún ar aghaidh anois chuig cruinniú iomlán de chuid na Comhairle ag tús na míosa seo chugainn.

Dúirt Michael Long, ceannaire an Alliance Party sa chomhairle, gur “cathair ilchultúrtha” í Béal Feirste a bhfuil an ilchineálacht ag fás inti, agus go bhfuil rólanna tábhachtach ag teangacha “nua” sa chathair.

“Má labhraíonn Linda Ervine í, má tá ranganna ar fáil ar Bhóthar Bhaile nua na hArda, cheapfainn go léiríonn sé gur teanga do chách í. Faraor, tá sé tugtha le fios ag aontachtaigh ar an gComhairle gur beirt oifigeach teangacha a bheidh á lorg acu, in áit oifigeach Gaeilge agus oifigeach teangacha.

“Chosnódh an cur chuige sin i bhfad níos mó airgid ar an gcáiníocóir, mar tá sé tugtha le fios ag Conradh na Gaeilge go maoineoidh siad leath an chostais a bhainfidh le hoifigeach Gaeilge iad féin,” a dúirt Long.

Fág freagra ar 'Vóta stairiúil ar son Oifigeach Gaeilge i gComhairle Cathrach Bhéal Feirste'