Vóta fós oscailte do Google Doodle 1916-2016

Is iad daltaí scoile na hÉireann a dhear na pictiúir atá san iomaíocht le bheith ar leathanach baile Google ar Dhomhnach Cásca na bliana seo. Dúnfar an vóta poiblí Dé Domhnaigh

Google 1916
Doodle Dawn Wheeler as Scoil Mháirtín, Cill Uird, Corcaigh, atá san iomaíocht le bheith ar leathanach baile Google Éireann ar Dhomhnach Cásca

Tá an vótáil don Google Doodle a bheidh ar leathanach baile Google.ie Domhnach Cásca 2016 faoi lánseol ar shuíomh Doodle 4 Google.

Cuireadh tús leis an vótáil Dé Domhnaigh an 7 Feabhra agus beidh deis ag an bpobal a vóta a chaitheamh go dtí an Domhnach seo, an14 Feabhra.

Fógrófar an buaiteoir ag ócáid bhronnta duaiseanna ar 7 Márta sula mbeidh an Doodle buaiteach féin le feiceáil ar Google ar Dhomhnach Cásca, 28 Márta 2016.

Fógraíodh i mí Mheán Fómhair seo caite go mbeadh fáilte roimh dhaltaí scoile ar fud na hÉireann Doodle a chur isteach a bhaineann ar bhealach éigin le Comóradh Céad Bliain 1916. Ba iad na téamaí a luadh leis an gcomórtas ná ‘Ár mBaile’, ‘Ár Scéal’, ‘Ár bhFéiniúlacht’ agus ‘Ár dTuras’.

Tá cúig ghrúpa ar an suíomh faoi láthair agus 15 Doodle in gach grúpa. Tá pictiúir tarraingthe ag daltaí ó na naíonáin bheaga suas go rang na hArdteiste agus is féidir leis an bpobal vóta amháin a chaitheamh sa chúig ghrúpa.

Bronnfar Chromebook ar bhuaiteoirí an vóta phoiblí agus ar mhúinteoir a ranga. Nuair a bheidh an cinneadh deiridh déanta ag moltóirí Google ar 7 Márta, bronnfar deontas teicneolaíochta €10,000 ar scoil an bhuaiteora agus gheobhaidh an buaiteoir féin scoláireacht choláiste ar fiú €5,000 í.

Is iad Tomm Moore, Stiúrthóir Ealaíne an Cartoon Saloon; an t-ealaíontóir aitheanta graifítí Maser; agus Aideen Howard, Stiúrthóir an Ark i mBaile Átha Cliath a bheidh i mbun moltóireachta don chomórtas.

Fág freagra ar 'Vóta fós oscailte do Google Doodle 1916-2016'

  • Seán

    Ach níl sé soiléir conas vóta a chaiteamh! Is féidir liom gach pictiúr eile a fheiceáil ar Doodle 4 Google ach ní fheicimse an ceann sin ag barr an leathnaigh seo :/