Vóta ag triúr ball de Bhord Údarás na Gaeltachta i dtoghchán ceannaireachta Fhine Gael

Deir an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ‘gur léiriú eile’ é an scéala go bhfuil vóta ag triúr de Bhord an Údaráis i dtoghchán ceannaireachta Fhine Gael ar an ‘géarghá le toghchán an Údaráis a thabhairt ar ais’

Vóta ag triúr ball de Bhord Údarás na Gaeltachta i dtoghchán ceannaireachta Fhine Gael

Is é Bord Údarás na Gaeltachta an t-aon bhord stáit sa tír a bhfuil baill dá chuid i dteideal vóta a chaitheamh i dtoghchán ceannaireachta Fhine Gael ar aon dul le hionadaithe tofa áitiúla an pháirtí.

Tá vóta ag triúr de bhaill Bhord an Údaráis sa toghchán agus iad áirithe ar Chomhairle Ionadaithe Áitiúla Fhine Gael i mbunreacht an pháirtí in ainneoin nár toghadh iad.

Tá sciar 10% den vóta i dtoghchán ceannaireachta Fhine Gael ag Comhairle Ionadaithe Áitiúla an pháirtí ar a bhfuil 235 duine, ag áireamh 232 duine ar toghadh ar chomhairlí cathracha agus contae iad agus triúr ball de Bhord Údarás na Gaeltachta.

“The Fine Gael Constitution and Rules provides for a Council of Local Representatives. This is comprised of Members of City and County Councils, and Members of Údarás na Gaeltachta. The rule doesn’t say anything about whether members of Údarás na Gaeltachta were elected or appointed.

“We have four persons, who are members of the Board of Údarás na Gaeltachta, and as such, they qualify for membership of our CLR.
One of them, Séamus ‘Cosaí’ Mac Gearailt [as Corca Dhuibhne] is a County Councillor – so there is a net three, in terms of the Leadership Election,” a dúirt urlabhraí ó Fhine Gael le Tuairisc.ie.

Is iad an triúr ball de Bhord an Údaráis a bhfuil vóta acu sa toghchán don chéad cheannaire eile ar Fhine Gael ná Ian Mac Aindriú, as Béal an Mhuirthead i Maigh Eo, Seosamh Ó Laoi as an Spideál i gConamara, agus Seán Ó Cuireáin as an bhFál Carrach i nDún na nGall.

Cuireadh deireadh leis an toghchán do Bhord Údarás na Gaeltachta in 2012, dhá bhliain sular ghlac Fine Gael leis an mbunreacht ina leagtar amach na rialacha don chóras coláiste toghcháin do cheannaireacht an pháirtí.

Nuair a d’fhógair rialtas Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre go raibh deireadh á chur le toghchán an Údaráis, dúradh gur ar mhaithe le hairgead a shábháil agus Bord na heagraíochta a dhípholaitiú a tógadh an cinneadh sin.

Dúradh chomh maith go bhfágfadh an córas nua ceapacháin go mbeadh saineolaithe i réimsí éagsúla, go háirithe sa phleanáil teanga, ar an mbord feasta.

Ní mó ná sásta a bhí daoine áirithe, áfach, nuair a fógraíodh an chéad bhord ‘neamhthofa’ in 2012 toisc nach raibh aon saineolaí aitheanta sa phleanáil teanga ina measc siúd a ainmníodh.

Dúirt an Seanadóir de chuid Shinn Féin, Trevor Ó Clochartaigh le Tuairisc.ie inniu “gur léiriú eile” é an scéala go bhfuil vóta ag triúr de Bhord an Údaráis i dtoghchán ceannaireachta Fhine Gael ar an “géarghá atá le toghchán an Údaráis a thabhairt ar ais”.

“Mura mbíonn toghchán ann is bord a bheidh ann a mbeidh drogall orthu aon cháineadh, dubh bán ná riabhach, a dhéanamh ar pholasaí an Rialtais a cheap iad.

“Sin an fáth go bhfuil Sinn Féin ag iarraidh vóta daonlathach a thabhairt don phobal arís agus táimid ag súil le tacaíocht ó pháirtithe eile don éileamh sin,” a dúirt Ó Clochartaigh.

Beidh Bille á leagan ag Sinn Féin faoi bhráid Thithe Oireachtais an tseachtain seo chugainn a bhfuil faoi an reachtaíocht a athrú chun go mbeadh vóta ag an bpobal athuair maidir le baill bhord na heagraíochta Gaeltachta a thoghadh.

Comhairle Contae Mhaigh Eo, faoi Acht na Gaeltachta 2012, a d’ainmnigh Ian Mac Aindriú ar Bhord an Údaráis in 2012.

Toghadh é ar an mbord den chéad uair i 1999 agus bhí sé ina chomhalta tofa ar an Údarás go dtí an 30 Meán Fómhair 2012.

De thoradh ainmniúcháin ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe a cheap an tAire Stáit Dinny McGinley Seosamh Ó Laoi ar an mbord.

Bhí sé ina Chomhairleoir Contae ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe ó 2011-2014

Ceapachán díreach de chuid an iar-aire Dinny McGinley é Seán Ó Cuireáin.

Tiocfaidh deireadh i mí na Samhna le téarma cúig bliana an triúir ar Bhord an Údaráis a mbeidh vóta á chaitheamh acu ar son Simon Coveney nó Leo Varadkar i dtoghchán ceannaireachta Fhine Gael.

“If and when they cease to be members of the Board of ÚnaG, they will also cease to me members of our CLR,” a dúirt an t-urlabhraí de chuid Fhine Gael.

Tá sciar 65% den vóta ag páirtí parlaiminte Fhine Gael sa toghchán ceannaireachta, tá luach 10% den vóta ag comhairleoirí áitiúla agus baill de Bhord an Údaráis agus sciar 25% den vóta atá ag gnáthbhaill an pháirtí.

Fág freagra ar 'Vóta ag triúr ball de Bhord Údarás na Gaeltachta i dtoghchán ceannaireachta Fhine Gael'

  • M

    Vóta do imircigh++ +agus daonflathas san Udarás++++++ agus sa tír ????????