Varadkar le cuairt a thabhairt ar Ghaeltacht Thír Chonaill anocht

Beidh Leo Varadkar ag labhairt faoi thionchar an Bhreatimeachta ar an phobal cois teorann ag ócáid phríobháideach in Amharclann Ghaoth Dobhair anocht

Varadkar le cuairt a thabhairt ar Ghaeltacht Thír Chonaill anocht

Sam Boal/Rollingnews.ie

Tabharfaidh Leo Varadkar, atá luaite go láidir le ceannaireacht Fhine Gael,  cuairt ar Ghaeltacht Thír Chonaill inniu agus é ag labhairt faoi thionchar an Bhreatimeachta ar an gceantar ag slógadh de chuid an pháirtí sin.

Is in Amharclann nuachóirithe Ghaoth Dobhair a bheidh a ócáid eolais faoin mBreatimeacht ar siúl agus do bhaill Fhine Gael amháin a bheidh an ócáid ann.

Tá coinní agus cruinnithe eile beartaithe ag Varadkar i Leitir Ceanainn agus in Inis Eoghain le linn an deireadh seachtaine agus beidh sé ag casadh le grúpaí pobail agus iascairí an chontae a bhfuil imní orthu faoi na himpleachtaí a bheidh ag imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach orthu.

Meastar go bpléifear ceannaireacht Fhine Gael ag an ócáid in Amharclann Ghaoth Dobhair, chomh maith le staid an pháirtí i nDún na nGall. Tá an páirtí níos laige sa chontae anois ná mar a bhí cúpla bliain ó shin.

Tuigtear go bhfuil cuireadh faighte ag baill Fhine Gael fud fad Dhún na nGall a bheith i láthair ag an ócáid i nGaoth Dobhair, agus go mbeidh an t-iarAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh, as Carraig Airt, ag labhairt ag an ócáid chomh maith. Cuirfear tús leis an ócáid tráthnóna ag 7.3o san Amharclann.

Reáchtáil Fine Gael sraith cruinnithe in áiteanna éagsúla cois teorann le cúpla mí anuas le tionchar chinneadh mhuintir na Breataine imeacht as an Aontas Eorpach ar an bpobal cois teorann a phlé.

Ní hé seo a chéad uair ag Leo Varadkar cuairt a thabhairt ar Chontae Dhún na nGall. Tá tréimhsí caite ag an Aire Coimirce Sóisialaí, atá ag foghlaim na Gaeilge le tamall de bhlianta anuas, i nGleann Cholm Cille ar chúrsaí teanga le hOideas Gael, agus bhí sé in Árainn Mhóir anuraidh.

Ba é Varadkar an t-aon bhall den chomhaireacht a chuir an leagan Gaeilge den Roinn a bhfuil sé i gceannas uirthi lena ainm ar chlár na nAirí anuraidh. Léirigh sé bá leis an nGaeilge freisin in 2013 nuair a d’ordaigh sé don Údarás um Bóithre Náisiúnta, agus é ina Aire Iompair, tús a chur le comharthaí nua a chrochadh a thabharfadh an stádas céanna don Ghaeilge agus don Bhéarla. Chuir Paschal Donohoe, a tháinig i gcomharbacht ar Varadkar san aireacht sin, an t-ordú sin ar ceal.

Fág freagra ar 'Varadkar le cuairt a thabhairt ar Ghaeltacht Thír Chonaill anocht'