‘Valar morghulis’ – ‘Game of Thrones’ á thabhairt chun críche go slachtmhar

Is aoibhinn lenár léirmheastóir ‘Game of Thrones’ agus a mheascán den fhoréigean, gnéas, camastaíl, cathanna taibhsiúla, caint thíriúil, carachtair théagartha agus castaí gan choinne

hbo-game-of-thrones-dany-e1467132264176

Cad é bús faoi ghaiscí na hÉireann sa Fhrainc, craos á chur againn orainn féin le cluichí sacair agus CLG mar aon le fothragadh diamhair faoi Bhreatimeacht na polaitíochta agus an tsacair. Ní haon ionadh go bhfuil cloch mhíle teilifíse imithe i ngan fhios do sciar áirithe den phobal abhus.

Tá ceann scríbe bainte amach ag an séú sraith de Game of Thrones (Sky Atlantic).

Níl aon cheist ach gurb é Game of Thrones ceann feadhna na drámaíochta teilifíse i láthair na huaire. N’fheadar cén uair go deireanach go raibh an oiread sin ráchairte ar shaothar drámaíochta agus cé nach áin le gach mac máthar na gnéithe fantaisíochta, tá sé anois á áireamh mar cheann de na sraitheanna teilifíse is fearr a bhí riamh ann.

É ag guailleáil isteach taobh le The Sopranos agus The Wire, agus, dar liom féin, chun cinn ar Breaking Bad

Is iontach an áis turasóireachta agus margaíochta do Thuaisceart Éireann é agus go leor de radharcanna Thuaisceart Westeros á dtaifeadadh ansin.

Foréigean, gnéas, camastaíl, cathanna taibhsiúla, caint thíriúil, carachtair théagartha, slaiseanna, comhchealga, castaí gan choinne agus carachtair lárnacha á gcur de dhroim seoil gan aon leisce. Ní fhacthas riamh i saothar teilifíse scéalta an oiread sin carachtar á ríomh agus á gcíoradh chomh cumasach, críochnúil sin.

Na t-aon lochtanna atá agam ar an gclár ná an claonadh dul i muinín an dríodar cainte agus an nós a bhíonn ag cláracha áirithe sa tsraith imeacht chun leadráin agus ar bóiléagar.  É sin agus an nós carachtair a chur de dhroim seoil go míchuí. Bhí bás níos fearr tuillte ag an Black Fish agus Margery. Ina ainneoin sin bhí bliain eachtrúil againn in Essos agus Westeros.

Nuair a tháinig sraith 5 chun críche ba dhóbair gur briseadh an t-idirlíon cúpla babhta leis an olagón agus an rabharta teoiricí faoi Jon Snow. A bhuíochas leis na seacht ndéithe tá sé ar ais agus ‘man bun’ mar fhéirín ón saol eile aige.

Dheineas féin bás ‘The Hound’ a chásamh i séasúr 4, ach tá sé féin ar ais, cé nach ón mbás é. Láimhseáladh seo go cliste agus bhaineas súp an diabhail as a charúlacha tíriúla. Tá an diabhal á dhéanamh ag a dheartháir ‘The Mountain’ agus tá lucht na dteoiricí cinnte nach fada uainn an ‘Cleganebowl; na beirt deartháireacha Clegane ag tabhairt aghaidh ar a chéile chun an troid ar cuireadh tús léi i sraith 1 a thabhairt chun críche.

Bhí an nochtacht agus an chaint thíriúil go mór chun cinn sna sraitheanna tosaigh agus cíocha ar foluain gach dara neomat. Dá bharr bhíothas ag maíomh go raibh an táirge gnéasaíoch agus rian den fhuath ban ann. Tá maolaithe ar an méid sin sa tsraith seo agus mar chúiteamh bhí seat teann, gan choinne, de philibín againn.

Tá forlámhas na mban mar cheann de na tréithe is suntasaí de chuid an tséasúir seo. Tá Danerys agus Cersei éirithe níos cumhachtaí, tá Arya ina feallmharfóir cumasach, is ceannaire nádúrtha í Yara Greyjoy, is Brienne an trodaí is fearr in Westeros agus anois tá Lyanna Mormont againn, an ceann feadhna 10 mbliana d’aois a thug óráid chumhachtach uaithi aréir.

É sin ar fad gan trácht ar an gcruas atá tagtha in Sansa agus na teoiricí gurb í, seachas Jon, ceannaire  dlisteanach an Tuaiscirt. Cén uair go deireanach go raibh meitheal ban againn a bhí chomh lárnach, ilghnéitheach, cumhachtach agus suimiúil?

Ag an am céanna b’iad na fathaigh gheanúla, bheagfhoclacha laochra gan choinne an tséasúir; iad ag briseadh doirse agus ag cosaint doirse ar a seal.

Hodor agus Wun Wun á gcur os ár gcomhair agus de dhroim seoil ar stíl shainiúil GOT.

Tá an gála leathdheireanach, ‘Battle of the Bastards’, á áireamh ar cheann de na uaireanta cloig teilifíse is corraithí  a bhí riamh ann le comparáidí á rianú le radharcanna cogaidh Saving Private Ryan. É sin agus bás cuí tugtha do Ramsay, an bithiúnach is gránna a bhí againn ó bhí Joffrey sa chathaoir ríoga iarainn.

Tá an leagan teilifíse imithe chun cinn ar na leabhair ag an bpointe seo agus a n-iomairí féin á dtreabhadh ag David Benioff agsu D.B. Weiss. Tá sé tugtha le fios acu nach bhfuil ach 14 clár nó mar sin fágtha.

Den chéad uair is féidir linn buille maith faoi thuairim a thabhairt faoin mbóthar atá amach romhainn. Bhí a fhios ag madraí an bhaile faoi thuismíocht Jon Snow agus soiléiríodh cuid de sin aréir.

Is léir anois go bhfuil Jon, Tyrion agus Danerys róthábhachtach le go gcuirfí de dhroim seoil iad agus dar leis na teoiricí tá ceangal eatarthu.

Is carachtair iad seo a bhfuil an-aithne curtha againn orthu agus go bhfuil gean thar na bearta againn orthu. Cuimhnigh ar an mbús a bhí faoin mbás cliste a tugadh do Hodor, carachtar an-thánaisteach, agus ar an mbá atá againn leis an mbithiúnach Jamie.

Cé go bhfuil sé in am tosnú ag tarraingt ar cheann scríbe beimid in isle brí nuair a bheidh an odaisé seo críochnaithe.

‘Valar morghulis’, go deimhin.

Fág freagra ar '‘Valar morghulis’ – ‘Game of Thrones’ á thabhairt chun críche go slachtmhar'