Útóipeanna gan táillí

Teastaíonn uisce saor in aisce ó mhuintir na hÉireann. Teastaíonn iompar poiblí saor in aisce ó mhuintir na Brasaíle. Ach an féidir bonneagar infreastruchtúrtha a chur ar fáil gan táillí?

Utopia

Nuair a bhí mé sna déaga luatha, ba ghnáth liom léarscáileanna a dhearadh de thíortha samhailteacha.

Bhí na tíortha seo i gcónaí foirfe.

Ní bhíodh cogaí ná coiriúlacht ann toisc gur shaothraigh gach duine an tuarastal céanna; ní raibh truailliú timpeallachta ann toisc gur bhain gach duine úsáid as córas iompair phoiblí inbhuanaithe (sustainable) den scoth.

Ní raibh úinéireacht phríobháideach ar thalamh ann agus, dá réir sin, ba le gach duine gach acmhainn nádúrtha – uisce, mar shampla. Agus araile.

Oíche amháin agus ballchríoch á cur agam ar mhapa eile, tháinig cara de chuid mo mháthar ar cuairt.

Bhí sí an-fhiosrach faoin tír a bhí á cumadh agam agus bhí mé breá sásta innealra inmheánach mo shochaí fhoirfe a mhíniú di.

‘Muise, tá tú tar éis an cumannachas a chumadh,’ a dúirt sí go tarcaisniúil nuair a bhí mo léacht curtha díom agam.

Baineadh siar asam. Bhí an cumannachas fós in ard a réime nuair a bhí mé sna déaga luatha agus de réir na dtuairiscí a chonaic mé ar an nuacht teilifíse oíche i ndiaidh oíche faoin gcos ar bolg a bhí á déanamh ar mhuintir oirthear na hEorpa, níor thada é an cumannachas le bheith bródúil as.

Mhínigh mé do chara mo mham nár thír chumannach a bhí sa tír a bhí cumtha agam. Lig sí scairt gháire aisti.

‘Mas mar sin an scéal, cén chaoi a bhfuil tú chun íoc as an infreastruchtúr agus as na seirbhísí iontacha sin atá á gcur ar fáil agat?’

Ní raibh mé in ann an cheist sin a fhreagairt agus níor éirigh go rómhaith idir mé féin agus cara seo mo mham ina dhiaidh sin. An fhadhb, ar ndóigh, ná go raibh an ceart aici.

Chaith mé laethanta fada ag machnamh ar an gceist bhunúsach a bhí ardaithe aici agus den chéad uair i mo shaol, thuig mé nach bhféadfadh rialtas rudaí a chur ar fáil díreach mar gheall gurb iad an rialtas iad. Mar ba dhual do dhéagóir, áfach, níor theastaigh uaim sin a admháil di.

Dé Sathairn seo caite, chuaigh os cionn céad míle duine amach ar na sráideanna in Éirinn chun a bhfearg faoi tháillí uisce a chur in iúl.

An lá céanna, ar an taobh eile den domhan, tháinig mé ar léirsiú i gcathair Salvador, sa Bhrasaíl, mar a bhfuil cónaí orm. Is éard a bhí á éileamh ag na léirseoirí ná iompar poiblí saor in aice.

Chuir an chomhtharlúint seo ag cuimhniú mé. Tá muintir na hÉireann sásta íoc as ticéid thraenach agus bhus; tuigeann siad nach mbeadh córas iompar poiblí ann gan táillí.

Go deimhin, tháinig ardú suas go 28 faoin gcéad ar thicéid iompair phoiblí éagsúla in Éirinn ag tús na míosa seo agus níor chuala mé tuairisc ar agóid ina choinne.

Íocann muintir na Brasaíle táillí uisce; tuigeann siad nach sileann uisce as sconna ar bith gan chostas. Ní hamháin sin ach tá siad sásta na táillí sin a íoc ar uisce nach n-úsáidtear ach chun éadaí a ní agus an leithreas a shruthlú.

Ní féidir é a ól. Anuas ar tháillí uisce reatha, caitheann gnáth-theaghlach Brasaíleach isteach is amach le naoi euro in aghaidh na seachtaine ar uisce inólta i mbuidéil fiche lítear.

Sin 468 euro in aghaidh na bliana – nach mór dhá oiread an méid a mheastar a íocfaidh gnáth-theaghlach Éireannach le hUisce Éireann.

Ach ag an am céanna, tá córas iompair phoiblí saor in aisce á éileamh ag sciar suntasach de mhuintir na Brasaíle le blianta anuas.

An cheist seo, go deimhin, a spreag na holl-léirsithe a tharla sa tír i Mí an Mheithimh 2013.

Nach aisteach an chaoi nach n-éilíonn muintir na hÉireann iompar poiblí saor in aisce agus nach n-éilíonn muintir na Brasaíle uisce saor ó tháillí?

Nó b’fhéidir nach bhfuil sé aisteach ar chor ar bith.

B’fhéidir go dtuigeann an dá dhream, ina gcroíthe istigh, nach gcuirtear bonneagar infreastruchtúrtha ar fáil saor in aisce ach i dtíortha a chumann duine é féin ar phíosa páipéir, nó sin, i stát cumannach.

Fág freagra ar 'Útóipeanna gan táillí'

  • Conchubhar Ó Dálaigh

    Anailís an-fhiúntach.

    Tá muintir na hÉireann sásta íoc as ticéid bhus, ceart go leor, ach ar chostas laghdaithe i comparáid leis an bhfíor-chostas nó leis an gcostas iomlán. Dá bhrí sin tá scéim fóirdheontas ann a thugtar “Íocaíocht Oibleagáide Seirbhíse Poiblí (ÍOSP)” uirthi. Tógaimis mar shampla an comhlacht Bus Átha Cliath.

    Anuraidh fuair Bus Átha Cliath ÍOSP de € 65m, s’é sin 24% d’ioncam íomlan an chomhlachta den tréimhse 2013. Murach an ÍOSP sin, an mbeimis sásta a íoc taillí 24% níos áirde? Tá neart cásanna dá leithéid ann. Bíonn tosaíochtaí éagsúla ag gach sochaí. Roghnaíonn gach sochaí bealaí eagsúla chun comhtháthú sóisialta a chur chun cinn – inar gcás féin tá tábhacht nach beag ag baint leis an gcóras ÍOSP.