Útamáil na scannán móreachtraíochta agus buille maraithe an Batman

LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Is cosúil nach bhfuil faic le déanamh ag an bpointe seo ach na laochra a chur ag troid i gcoinne a chéile…

Batman v Superman

Batman v Superman
Stiúrthóir: Zach Synder
Cliar: Ben Affleck, Henry Cavill, Amy Adams, Jesse Eisenberg, Laurence Fishburne, Jeremy Irons, Holly Hunter, Gal Gadot, Diane Lane

Tá ceártaí na sárlaochra rite amach ón gcairt orainn. Tá scannáin leantacha againn, craobhacha de chnuasaigh mar aon le carachtair ag dul anonn agus anall idir scannáin. Is mór idir seo agus na laethanta go mbaineadh Christopher Reeve an anáil asainn. Chuir Tim Burton beocht as nua sa seánra le Batman (1989) ach chuir George Clooney agus a chomhghuaillithe go tóin poill é arís cúpla bliain ina dhiaidh sin. Ba sa mhílaois nua a thosaigh na ceártaí ag taoscadh i gceart. Aithníodh gur thug tríológ Tobey Maguire léiriú suaithinseach ar Spiderman idir 2002 agus 2007. Cúig bliana ina dhiaidh sin chuathas ag rómhar san iomaire céanna le hAndrew Garfield, agus anois, agus an dara scannán curtha de ag Garfield le dhá bhliain, tá athbhútáil ar na bioráin.

Tá an útamáil seo déanta cheana leis an Hulk (Eric Banna in 2003, Edward Norton in 2008 agus Mark Ruffalo san Avengers), le Superman (Brandon Routh in 2006 agus Henry Cavill in 2013) agus anois le Batman.

Seo buille maraithe na muice domsa mar gurb í an tríológ le Christopher Nolan buaicphointe an tseánra ó thús ama. Níl ach ceithre bliana gafa tharainn ó cuireadh an dlaoi mhullaigh ar scéal laoch an chába ach níl aon náire ar ‘DC Comics’ agus a chomhghuaillithe an cába céanna a chur ar Ben Affleck. É sin ar fad gan trácht ar chnuasach síoraí na X-Men, Ant-Man, Daredevil agus a lán eile nach iad.

Is sa chomhthéacs róphlódaithe, ró-thorthúil sin a chaithfear an táirge seo a mheas. Tá sé deacair ag an bpointe seo aon rud úrnua nó sainiúil a thabhairt chuig na léirithe seo. Tá sé ar fad ráite cheana, agus ráite i bhfad níos fearr go minic.

Is scannán leantach do Man of Steel (2013) atá in ainm is a bheith anseo agus tugadh Batman isteach ann le tús a chur le cnuasach The Justice League macasamhail ‘DC Comics’ d’Avengers le ‘Marvel.’

Cad atá le déanamh ag an bpointe seo ach na laochra a chur ag troid i gcoinne a chéile? Níor thaitin Superman riamh liom mar laoch agus ní dóigh liom go n-oireann sé don chlaonadh atá ann i láthair na huaire duairceas agus/nó greann a shníomh isteach sa scéal. Is Batman patuar atá againn agus gan ach scáil charachtar Bale. Féach a chairt shuaithinseach, ceann de thréithe lárnacha an charachtair ó thús, níl ann ach cóip den cheann a bhí i dtríológ Nolan.

Go deimhin ba shuimiúla i bhfad Wonder Woman le Gal Gadot.

Soláthraítear  i Batman v Superman

radharcanna aicsin atá taitneamhach go maith ach ní raibh aon aga againn dul go smior sna carachtair. Bhí cliar cumasach earcaithe ach i ndeireadh lae ba chuma ann nó as leithéidí Jeremy Irons, Diane Lane agus Holly Hunter. Ar an taobh eile den scéal bhí crá croí ag baint le taispeántas uiscealach Eisenberg.

Ní faic go fóill é an raidhse scannán mór-eachtraíochta. Is sna blianta amach romhainn a shroichfidh an bhiaiste a buaicphointe. Beidh stiúrthóir an scannáin seo féin, Zach Snyder, mar léiritheoir agus/nó stiúrthóir ar dhá scannán Justice League, Wonder Woman agus The Flash.

Fág freagra ar 'Útamáil na scannán móreachtraíochta agus buille maraithe an Batman'