Uisce faoi thalamh agus imní

Is é atá ag á rá ag an Rialtas le cáiniocóirí ná, 'íoc an t-iomlán, aisíocfar sciar de ar ball, cé nach aisíoc a bheas ann dairíre ach faoiseamh cánach.'

11/10/2014. National Water Protest - Against Water

Deireadh ré. Tar éis síorlaghdú ar chaiteachas agus síormhéadú ar cháin le seacht mbliana, bhí cur síos ar a mhalairt sa bhuiséad a seoladh Dé Máirt. Bhuel, beagáinín de laghdú, más feidir beagainín a thabhairt ar leathbhilliún euro.

Dúirt Michael Noonan sa Dáil nach bhfillfeadh an Rialtas ar chaiteachas mífhreagrach a dheimhnigh borradh agus cliseadh i nidiaidh a chéile. Feicfimid. Idir an dá linn, bhí macalla bhriathra iar-Aire airgeadais le cloisteáil i gcuid mhór de na beartais nua.

Mar a dúirt Charlie McCreevy i 2002: “When I have it I spend it, and when I don’t, I don’t.”

Ní folair cuimhneamh áfach nach raibh Charlie ag déileáil le bearna €5bn idir caiteachas agus teacht isteach an rialtais. Ná le táillí móra úis, ar a gcaithfear €8bn an bhliain dar gcionn. Ach táimid go léir tinn tuirseach den déine atá i réim ó 2007. Teastaíonn feabhas agus forbairt ó chách.

Agus d’fhéadfadh go rachaidh an t-athrú meoin agus an cur chuige nua seo chun tairbhe don tír agus don Rialtas:

leantar le neartú eacnamaíochta na tire, gan mórthubaiste a bhainfeadh an bonn de.

leiríonn an Rialtas cumas agus éifeacht, agus iad ag dul i ngleic le fadhbanna móra – easpa tithíochta mar shampla.

shásaíonn an t-athrú is deireanaí ar chóras na dtáillí uisce an sciar den phobal atá glan ina gcoinne.

Is fiú an tríú sin a chíoradh, ó tharla gur léir an míshasamh atá ar mhórán agus an imní dá bharr atá ar pháirtithe an rialtais.

D’fhógair Michael Noonan faoiseamh cánach uisce ar fiú €100 é ar a mhéid. Más cáiníocóir tú a íocann táille, beidh ort an bille uisce a ghlanadh sarar féidir leat faoiseamh cánach a iarraidh. D’fhógair sé leathnú freisin ar an bhfordheontas €100 a gheobhaidh daoine a fhaigheann sochair leasa shóisialta.

Is ríléir an cheist is bunúsaí a spreagann na socruithe nua seo. Ní réiteach simplí ar an gconspóid uisce atá beartaithe ach a mhalairt.

Níl táilli uisce á laghdú.

Ní bheidh duine ar bith sa tír, dá laghad a ioncam, saor ó tháilli uisce, agus ní laghdóidh an faoiseamh cánach an bille uisce a bheidh ar cháiniocoirí a íoc láithreach. Beidh tamall maith sara bhfaighidh sé/sí faoiseamh cánach dá réir.

Tá réiteach simplí molta ag na dreamanna a reáchtáil an mháirseáil mhór in aghaidh na dtáillí uisce i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn seo caite, agus ag Sinn Féin. Is é sin, cealú iomlán na dtáillí.

Ní ghéillfear dóibh sa ghearrthéarma, ar a laghad.

Is é atá ag á rá ag an Rialtas le cáiniocóirí (i bhfocail eile átá níos deise, ar ndóigh): ‘íoc an t-iomlán, aisíocfar sciar de ar ball, cé nach aisíoc a bheas ann dairíre ach faoiseamh cánach.’

Níl reiteach simpli ar fáil ar gach fadhb.

Ach is léir an dúshlán. Cuimhnigh ar a ndearna Phil Hogan nuair nár thoiligh go leor daoine faoin tuath a bhfuil dabhacha searachais acu táillí cigireachta €50 a íoc.

Sheas Phil an fód. Go dtí gur fhógair sé táille nua cúig euro.

 

– Is láithreoir ar an gclár Morning Ireland ar RTÉ Raidió 1 é Cathal Mac Coille