Uisce Éireann á thabhairt chun cúirte ag an EPA mar gheall ar chóras uisce na Ceathrún Rua

Thug an EPA le fios don Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh gur eisíodh an toghairm an tseachtain seo caite

 

Carraroe

Beidh Uisce Éireann ós comhair na cúirte i mBaile Átha Cliath an mhí seo chugainn agus é curtha ina leith ag an EPA nár chuir sé plean gnímh maidir le córas uisce na Ceathrún Rua i bhfeidhm.

Tá toghairm curtha ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil ar Uisce Éireann agus beidh an cás á éisteacht sa Chúirt Chathrach, Baile Átha Cliath, ar an 26 Bealtaine.

Thug an EPA le fios don Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh gur eisíodh an toghairm an tseachtain seo caite.

“I wish to advise you that on 7th April 2016 the EPA issued a summons to Irish Water alleging that Irish Water has failed to implement the action programme as agreed by the Agency on 9th September 2014.  The case is listed for the Dublin Metropolitan Court on 23rd May 2016.  As you will appreciate the EPA can make no further comment on this matter until such time as the court case has concluded,” a dúirt an EPA i bhfreagra ar cheisteanna a chuir an Seanadóir de chuid Shinn Féin orthu.

Níos túisce i mbliana tugadh fógra do dhaoine i gceantar na Ceathrún Rua i gConamara uisce a bheiriú nuair a aimsíodh cripteaspóiridiam sa chóras uisce poiblí.

Tá fadhbanna le blianta fada le caighdeán an uisce i gcóras na Ceathrún Rua.

 

Fág freagra ar 'Uisce Éireann á thabhairt chun cúirte ag an EPA mar gheall ar chóras uisce na Ceathrún Rua'

  • padraig

    Is mó cás cúirte a bheidh ann amch anseo leis an ndrong sin. Téigí i ngreim píobáin iontu a EPA…..