Uimhreacha agus eascaine

Cé go bhfuil ciall agus bunús stuama leis na moltaí is déanaí ag CLG, is deacair a shamhlú go bhféadfaí iad a chur i bhfeidhm go praiticiúil.

Navan OÕMahoneyÕs players gather for a team talk before the game 19/10/2014
©INPHO/Tommy Grealy

Is dócha go bhfuil baint aige leis an aimsir agus leis an tráth seo den mbliain.

Tá an tsoineann a bhí go Samhain againn tar éis breall a chur ar níos mó ná duine amháin, ní foláir, agus tá a rian san fágtha ar na moltaí is déanaí atá tagtha ón Ard-Chomhairle i bPáirc an Chrócaigh.

Toisc go bhfuil sánas tagtha ar an gcluiche eadarchontae agus toisc go bhfuil comhdhálacha bliantúla le reachtáil i ngach contae idir seo agus Nollaig, b’fhéidir go mbraitheann lucht maorlathais Chumann Lúithchleas Gael gur am tráth é seo chun roinnt machnaimh a dhéanamh agus moltaí a chur chun cinn a fhágfaidh rian ar ár gcluichí.

Tagraím don ráiteas a d’eascair as cruinniú na hArd-Chomhairle le gairid a dúirt go mbeadh an cead feasta ag Lár-Choiste Smachta na gCluichí (CCCC) cearta taobhlíne a bhaint d’aon bhall bainistíochta a dheineann aon sórt caitheamh anuas ar oifigeach in agallaimh roim chluiche nó dá éis, bíodh an t-oifigeach sin ina réiteoir nó ina mhaor.

Anuas air sin, tugadh le fios go bhfuil Ard-Chomhairle CLG meáite ar rún a chur faoi bhráid na Comhdhála Bliantúla i mí Feabhra seo chugainn a mbeidh sé mar aidhm aige go gclárófaí painéal de sheisear imreoirí is fiche roimh gach cluiche eadarchontae.

Seachas malairt báideora (cúlbáire) nó ionadaí báideora, ní bheidh aon chead aon athrú a dhéanamh ar an gclár liosta seo tar éis an sprioc ama 9 a chlog ar maidin Déardaoin roimh an gcluiche. Gearrfar píonós trom ar phainéil a chuirfidh imreoir chun páirce nach bhfuil cláraithe ar an liosta – is é sin go gcaillfear an cluiche.

Cé go bhfeictear dom go bhfuil ciall agus bunús stuama leis na moltaí, is deacair dom a shamhlú go bhféadfaí iad a chur i bhfeidhm go praiticiúil.

Go deimhin, níl dream daoine níos fearr a thástálfaidh na moltaí ná iad siúd ar a bhfuil na moltaí agus na smachtbhannaí dírithe – bainisteoirí uilechumhachta eadarchontae an lae inniu.

Deir Ard-Stiúrthóir CLG, Páraic Duffy, go bhfuil tacaíocht láidir léirithe don bpíonós a ghearrfaí ar bhainisteoirí foirne a chaitheann anuas ar nó a chaitheann go tarcaisneach le réiteoirí nó le maoir in agallaimh roimh chluichí nó tar éis cluichí.

Ní dóigh liom go n-áiteodh éinne gur mhaith leo go mbeadh bainisteoirí ar nós Brian Cody ag tabhairt na gcosa leo i bhfianaise a chuid cainte faoin réiteoir Barry Kelly sa bhfómhar ach cad é go díreach a theastaíonn ós na húdaráis a bhaint amach sa chás seo?

Agus cad é go díreach atá i gceist le cáineadh, le caitheamh anuas nó le caint tharcaisneach faoin réiteoir in agallaimh? Cén sórt foclaíochta a bheadh i gceist chun go n-áireofaí mar chaitheamh anuas nó mar tharcaisne caint an bhainisteora?

Glacaim leis gurb í an aidhm atá ag an Ard-Chomhairle leis an rún is déanaí seo uatha ná go mbeadh sé níos fusa ar choistí smachta dul i ngleic le caint na mbainisteoirí agus fionraíocht bunaithe ar chluichí seachas ar thréimhsí ama, dá réir, a ghearradh orthu.

Go dtí seo bhíodh teallaireacht an bhainisteora seo ag teacht faoi bhrat na rialach ar dhíspeagadh an Chumainn agus bhíodh tréimhse fionraíochta ocht seachtaine ag dul leis sin.

Ba leasc dá réir dos na húdaráis deighleáil leis an scéala i lár an tsamhraidh nuair a chiallódh ocht seachtaine fionraíochta an chraobh iomlán sa tseastán don té a bheadh ag caitheamh anuas ar an réiteoir bocht.

An oibreoidh sé?

Téir isteach in aon tseomra feisteas agus éist le haon bhainisteoir. Bheadh mionscagadh ag teastáil do gach dara nó tríú focal (f*#k) a thagann amach as a bhéal.

Cuir micreafón faoina phus agus ní bheidh aon eascaine ag sileadh leis.

Is é an dála céanna a bheidh i gceist nuair a dhéanfaidh CLG sainmhíniú ar an bhfoclaíocht agus ar an dtéarmaíocht a bhaineann le cáineadh, caitheamh anuas nó le caint tharcaisneach.

Ina dhiaidh sin, déanfaidh an bainisteoir cliste féinchinsireacht agus mionscagadh ar an bhfoclaíocht agus aimseoidh sé slí eile chun a theachtaireacht a chur in iúl.

Maidir leis an rún faoi phainéal cláraithe de sheisear imreoirí is fiche bheith curtha ar fáil faoi 9 a chlog maidin Déardaoin, arís tá ciall agus éirim leis.

Tá i bhfad níos fearr tuillte ag lucht faire na gcluichí ná go mbeadh ainmneacha agus uimhreacha bun os cionn lena chéile ach tá an píonós atá molta i bhfad róthrom.

Má leanann an cleachtas (a thosnaigh le Ger Loughnane, más fíor!) go mbeadh imreoirí áirithe le huimhir 27 nó 31 nó 33 sleamhnaithe isteach ag an nóimeat deireanach roimh chluiche mór, an bhfuiltear i ndáiríre chun bheith ag féachaint ar oifigeach éigin le léine agus carbhat ag rith trasna na páirce agus agus a rá le daoine dul abhaile?

Bagairt gan aon fhiacail atá inti agus baineann sé an bonn ar fad de riail nach fuil aon tseasamh ceart faoi cheana.

B’fhéidir nach mbeadh aon ghéilleadh ag lucht an traidisiúin dó ach b’fhearr go mór is go fada bealach an rugair nó go deimhin, an tsacair a thógaint agus uimhreacha a eisiúint i dtús na bliana agus ligint do bhainisteoirí seisear is fiche a roghnú de réir mar a oireann dóibh ar an lá.

B’fhéidir go dtógfaidh sé go dtí mí Feabhra ar CLG é sin a thuiscint ach ní fada uainn an lá go mbeidh ceann eile de nósanna na gcluichí iasachta tógtha chughainn féin againn.

Más mall féin, is mithid.

Fág freagra ar 'Uimhreacha agus eascaine'