‘Údfest’ i ndán dúinn i gcoinne na Valbaithe?

Is cinnte go mbeidh líne úid fhoireann na hÉireann faoi bhrú Dé Sathairn.

Israel Folau na hAstráile i gcoinne na hÉireann ©INPHO/Morgan Treacy
Israel Folau na hAstráile i gcoinne na hÉireann ©INPHO/Morgan Treacy

Jab déanta agus déanta go proifisiúnta. Ar na sé úd a scóráil foireann Joe Schmidt i gcoinne Sheoirsia Dé Domhnaigh, scóráladh ceithre cinn díobh sa cheathrú dheireanach den chluiche. Scóir mhaithe iad ar fad ach ba léir go raibh fir Sheoirsia tugtha traochta agus fiche nóiméad fós le himirt acu nuair a thaispeáin an réiteoir cárta buí do bheirt dá n-imreoirí.

Má thug fir Sheoirsia dúshlán do phaca na hÉireann sa chéad leath, bhí sé suntasach gurbh iad na tosaithe Dave Kilcoyne agus Richardt Strauss a thrasnaigh an líne úid i dtosach. Is ina dhiaidh sin, go háirithe le linn tréimhse ocht nóiméad agus beirt imreoirí in easnamh ar na cuairteoirí, a rinne na cúlaithe scrios.

Nuair a ceistíodh Schmidt faoina raibh foghlamtha aige ón gcluiche, dúirt sé gur údar sásaimh dó a éasca a d’éirigh leis na himreoirí nua teacht isteach ar an gcóras atá curtha ar bun aige.

Mhol sé go speisialta Dave Foley as an gcaoi ar choinnigh sé stiúir ar an síneadh amach. Bhí díomá air, áfach, nár éirigh linn úd nó dhó a scóráil sa chéad leath.

Caolseans mar sin go roghnófar aon duine ón bhfoireann a d’imir in aghaidh Sheoirsia, cé is moite de Simon Zebo agus Mike Ross, chun aghaidh a thabhairt ar an Astráil Dé Sathairn.

“Cá bhfios,” arsa mise le duine de mo chomhiriseoirí, “b’fhéidir go bhfeicfidh muid Madigan agus Henshaw ina gcúlaithe láir mura bhfuil fáil ar Payne de bharr gortú.”

“Ar éigean é,” arsa é liom. “D’imir Madigan ar fhoireann sinsear Choláiste na Carraige Duibhe, áit a mbíonn an bhéim ar scóráil seachas ar an gcosaint. Ní cosantóir ó nádúr é Madigan. Imreoir maith é cinnte agus an fhoireann ar an ionsaí. Ach ceird ar leith í an chosaint. Mura bhfuil Payne ar a sheanléim, is é Gordon D’Arcy a roghnófar ina áit.”

Is cinnte go mbeidh líne úid fhoireann na hÉireann faoi bhrú Dé Sathairn.

Trí úd a d’aimsigh na Valbaithe (Wallabies) in aghaidh na Breataine Bige coicís ó shin. Agus d’éirigh leo dhá úd a scóráil i gcoinne na Fraince an deireadh seachtaine seo caite.

Díol spéise é, áfach, gur scaoil fir na hAstráile isteach cúig úd sa dá chluiche chéanna.

Tá sé léirithe ag leithéidí Michael Hooper, cúltosaí cliatháin agus captaen na hAstráile, gurb é is ansa leis ná rith agus an liathróid ina sheilbh aige, is cuma cé atá os a chomhair.

Cuimhnigh gurb eisean a scóráil dhá úd inár gcoinne an tráth seo anuraidh nuair a bhuaigh na Valbaithe orainn. Farasbarr seacht bpointe dhéag a bhí acu orainn an lá sin (15-32).

Go deimhin, ní hé Hooper amháin a bheidh ag déanamh tinnis do Schmidt agus dá chomhchóitseálaithe idir seo agus an Satharn.

Beidh orainn súil ghéar a choinneáil ar Israel Folau, duine a bhfuil seacht n-úd déag aimsithe aige don Astráil ó tugadh a chéad chaipín dó i Meitheamh na bliana seo caite.

Má roghnaítear Will Genia agus Quade Cooper mar leathchúlaithe mar aon le Kurtley Beale ar an gcliathán, seans go mbeidh ‘údfest’ againn.

Beidh lucht Choláiste na Carraige Duibhe sásta!

Fág freagra ar '‘Údfest’ i ndán dúinn i gcoinne na Valbaithe?'