‘Údar scannail’ é gur sháraigh Fáilte Ireland an dlí teanga agus go bhfuil airgead á chur amú acu dá bharr

Deir an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív gurbh é an t-aon ‘údar scannail’ sa scéal faoi na comharthaí Gaeilge nua atá le crochadh ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin ná nár chloígh Fáilte Éireann leis an dlí sa chéad áit

‘Údar scannail’ é gur sháraigh Fáilte Ireland an dlí teanga agus go bhfuil airgead á chur amú acu dá bharr

Is ar Fáilte Éireann féin atá an locht go bhfuil orthu íoc as comharthaí Gaeilge a chrochadh ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin agus ní ar an dlí a sháraigh siad nuair a chroch siad comharthaí aonteangacha, a deir iar-aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív.

Bhí an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil ag caint le Tuairisc.ie faoin scéala go bhfuil €720,000 “curtha ar leataobh” ag Fáilte Éireann chun íoc as na comharthaí nua Gaeilge.

D’fhágfadh sin go mbeadh costas os cionn €5,550 an ceann ar an 130 comhartha nua atá le cur suas i gceantair taobh amuigh den Ghaeltacht ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.

Cé go ndúirt an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív go mbreathnaíonn an figiúr sin atá luaite ag Fáilte Éireann “an-ard”, dúirt sé gurbh é an t-aon ‘údar scannail’ a bhain leis an scéal ná nár chloígh áisíneacht stáit leis an dlí sa chéad áit.

“Is cur amú airgid é cinnte, ach ní hé an tAcht Teanga an scannal. Is é an scannal diúltú bord stáit cloí leis an dlí. Pléadh an rialachán go mion, nuair a bhí na rialacháin á dtabhairt isteach chualathas faoi dhó ó gach eagras a thagann faoi scáth an Achta, agus ghlac siad uilig leis. Nuair a sháraítear an dlí, níor cheart an locht a chur ar an dlí,” a dúirt Ó Cuív le Tuairisc.ie.

Sháraigh Fáilte Éireann an dlí teanga nuair a chuireadar suas comharthaí le logainmneacha i mBéarla amháin ag pointí grianghrafadóireachta ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.

Chinn an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill gur ghá dul i muinín imscrúdú foirmiúil nuair nár éirigh lena oifig teacht “ar réiteach sásúil” le Fáilte Éireann faoin scéal.

Tuairiscíodh ar Sunday Times na seachtaine seo go mbeadh costas €700,000 ar na comharthaí nua lasmuigh den Ghaeltacht. Dúirt urlabhraí de chuid Fáilte Éireann le Tuairisc.ie go bhfuil €720,000 curtha ar leataobh ag an eagraíocht le costas na comharthaíochta a chlúdach. Tá ceist curtha ag Tuairisc.ie ar Fáilte Éireann cén chaoi a thángthas ar an meastachán sin.

Idir an dá linn, dúirt an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh, iarbhall de Bhord Fáilte Éireann le Tuairisc.ie go bhfuil “díomá” air go mbeadh an t-eagras stáit ag sárú an dlí.

Dúirt Ó Céidigh go bhfuil an Ghaeilge tábhachtach don turasóireacht ní hamháin in iarthar na hÉireann ach ar fud na tíre.

“Is rud tábhachtach don tír í an Ghaeilge agus an cultúr, is rud fíorthábhachtach don tír í. Tá sí ar cheann de na seoda is tábhachtaí agus is aitheanta atá againn, léiríonn sé go bhfuil muid difriúil, go bhfuil ár dteanga agus ár gcultúr féin againn,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Céidigh freisin gur cheart fáilte a chur roimh “dhíospóireacht cheart” faoin mbealach a chaitear airgead ar an nGaeilge agus na féidearthachtaí atá ann an t-airgead sin a chaitheamh ar bhealach “níos éifeachtaí”.

De réir Thuarascáil Bhliantúil 2016 an Choimisinéara, a foilsíodh an samhradh seo, mheabhraigh an Coimisinéir do Fáilte Éireann le linn a imscrúdaithe go bhfuil “dualgas soiléir” ar chomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 a chinntiú gur i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla a bheidh a gcomharthaí agus nach gceadaítear comharthaí i mBéarla amháin.

Mheabhraigh an Coimisinéir dóibh chomh maith gur chóir logainmneacha ar chomharthaí a bheith dátheangach ach amháin i gcás logainmneacha Gaeltachta, a bhfuil dualgas reachtúil iad a bheith i nGaeilge amháin.

Ghlac an Coimisinéir le háiteamh Fáilte Éireann gur chreid siad “i ndáiríre” nach raibh an dlí á shárú acu agus na comharthaí iarainn á gcur in airde i gceantair lasmuigh den Ghaeltacht agus logainmneacha i mBéarla amháin orthu.

Lorg Fáilte Éireann comhairle Oifig an Choimisinéara Teanga sular crochadh na comharthaí ag na pointí grianghrafadóireachta ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin in 2014. Thug Oifig an Choimisinéara Teanga le fios “go raibh seans ann gur chomharthaí iad” a thiocfadh faoi scáth na reachtaíochta, ach nach bhféadfaí an méid sin a dheimhniú gan a thuilleadh eolais a bheith ar fáil.

Níor cuireadh aon sampla de na pointí grianghrafadóireachta faoi bhráid Oifig an Choimisinéara agus comhairle á lorg.

In 2015 dhearbhaigh Oifig an Choimisinéara d’údarás áitiúil a bhí i mbun na gcomharthaí seo a chur in airde ar son Fáilte Éireann go dtiocfadh na comharthaí a bhí á mbeartú faoi scáth na reachtaíochta teanga.

Chuir an t-údarás áitiúil a bhí i gceist, Comhairle Contae Chiarraí, an chomhairle a chuir Oifig an Choimisinéara Teanga ar fáil dóibh ar aghaidh chuig Fáilte Éireann i ríomhphost dar dáta an 23 Aibreán 2015.

“Má bhí aon amhras ar Fháilte Éireann i dtaobh chomhairle na hOifige seo ag an am, bhí deis acu an tráth sin soiléiriú a lorg ar m’Oifig, ach níor tapaíodh an deis sin. Dheimhnigh Fáilte Éireann i litir dar dáta an 8 Meitheamh go raibh sí tar éis teacht ar an gcomhfhreagras [ó Chomhairle Contae Chiarraí] tar éis di a cartlanna a chuardach,” a deirtear i dTuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga a foilsíodh inniu.

 

Fág freagra ar '‘Údar scannail’ é gur sháraigh Fáilte Ireland an dlí teanga agus go bhfuil airgead á chur amú acu dá bharr'

  • Seán Mac Gearailt

    Sampla eile den fhuarchúis i leith na Gaeilge agus masla do lucht labhartha na Gaeilge.

  • Mánus

    Ní tír dhátheangach í Éireann fós. Cruthúnas eile ná suíomh státurraithe “Tourism Ireland”.

    https://www.tourismireland.com/About-Us/Organisation-Structure

    Tá suíomh turasóireachta Tír na mBascach ar fáil i mBascais.

    http://www.basquetour.eus/contenido.aspx?idmp=37&language=4

    Agus sa Bhreatain Bheag seachas a bheith mar “nuisance” is acmhainn turasóireachta í an Bhreatnais.

    http://www.visitbetwsycoed.co.uk/The-Area/Welsh-Language/

  • Feardorcha

    Tá Fáilte Éireann, in ainneoin a n-ainm, ar dhream chomh gallda agus atá in Éirinn. Gach deis a fhaigheann siad sleamhnaíonn siad ó úsáid na Gaolainne. Táim breá sásta iad a fheiscint sa riocht seo.
    Taobh amuigh de sin, n’fheadar an maith le héinne na comharthaí meirgeacha sin ar aon nós. Tá costas dochreidte leo agus n’fheadar an dtuigeann éinna a bhfeidhm. Céad slán leo!