Údar mórtais d’fhear Gaeltachta a bheith ar an gcéad duine de bhunadh na Liotuáine le bonn uile-Éireann

Bhí dea-scéal eile ag Deividas Uosis do mhuintir Chiarraí agus é siúráilte go bhfanfaidh réalta óg na Ríochta David Clifford ag imirt peile lena chontae seachas dul chun na hAstráile

Údar mórtais d’fhear Gaeltachta a bheith ar an gcéad duine de bhunadh na Liotuáine le bonn uile-Éireann

Cúl báire Chairraí Deividas Uosis agus Chris O'Donoghue ag ceiliúradh i ndiaidh do Chiarraí an ceann is fearr a fháil ar Dhoire i gcluiche ceannais na hÉireann, Dé Domhnaigh. ©INPHO/James Crombie

Údar mór ‘mórtais’ is ea é d’fhear óg Gaeltachta a bheith ar an gcéad duine de bhunadh na Liotuáine chun bonn uile-Éireann a bhuachan.

Ceithre bliana d’aois a bhí Deividas Uosis nuair a tháinig sé féin agus a mhuintir chun cónaí sa Daingean i nGaeltacht Chorca Dhuibhne agus labhair sé inniu ar An Saol Ó Dheas faoina chúlra agus faoi na gaiscí atá déanta aige le foireann a scoile agus le Ciarraí.

Ag labhairt dó leis An Saol Ó Dheas chomh maith, dúirt Príomhoide Phobalscoil Chorca Dhuibhne, Pádraig Firtéar, go rabhthas “an-mhórálach” as Uosis, ní hamháin “ó thaobh a chuid peile” ach ó thaobh “a dhíograis” don Ghaelainn chomh maith. Ba léir go raibh lucht éisteachta RTÉ Raidió na Gaeltachta an-thógtha le scéal Uosis, leis.

 

Bhí dea-scéal eile do mhuintir Chiarraí ag an gcúl báire óg chomh maith agus é siúráilte go bhfanfaidh réalta óg na Ríochta David Clifford ag imirt peile lena chontae seachas dul chun na hAstráile.

David Clifford. Pictiúr: Seán Ó Máinnín

Meastar go mbeadh suim ag go leor foirne san AFL Clifford a mhealladh chun na hAstráile, go háirithe ó d’aimsigh sé 4-4 i gcluiche ceannais an Domhnaigh.

Ach dúirt fear óg an Daingin go bhfanfadh Clifford ag an mbaile, go bhfuil a chroí sa chaid agus nach meallfadh na hAstrálaigh é.

Dar le Deividas Uosis féin gur fíor don ráiteas ‘caid is God’.

Bhí Uosis ar an bhfoireann ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne a bhuaigh a dtríú craobh uile-Éireann nuair a thug an scoil Ghaeltachta leo Corn Paul McGirr in aghaidh Choláiste Naomh Pádraig Machaire Rátha i mbliana.

Triúr eile ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne a bhí ar phainéal na mionúr ag Ciarraí i mbliana – Franz Sauerland, Cathal Ferriter agus Mark Ashe.

Deividas Uosis ag imirt do Phobalscoil Chorca Dhuibhne agus é a fhéachaint le Pat Shivers ó Choláiste Naomh Pádraig

 

Fág freagra ar 'Údar mórtais d’fhear Gaeltachta a bheith ar an gcéad duine de bhunadh na Liotuáine le bonn uile-Éireann'