Údar mór imní é fiosrú lochtach na bpóilíní ar ionsaí ar Ghaeilgeoir

Údar mór imní é fiosrú nemartach na bpóilíní ar an ionsaí ar Pheadar Heffron, an Gaeilgeoir a cuireadh chun tosaigh ag cruinnithe poiblí chun aitheantas na bpóilíní don teanga a léiriú

Peadar Heffron

Seoid luachmhar don PSNI ab ea Peadar Heffron. B’eisean an Gaeilgeoir a cuireadh chun tosaigh ag cruinnithe poiblí chun aitheantas na bpóilíní don teanga a léiriú. Ba é freisin a bhí ina chaptaen ar fhoireann peile CLG sa PSNI. Baineadh leas as mar shiombal na seirbhíse nua póilíneachta a fuair aitheantas agus tacaíocht ón bpobal náisiúnach agus a ghlac lena freagracht don phobal sin.

Seod luachmhar d’easaontóirí poblachtacha ab ea é freisin mar thairgéad. Is ar Chaitlicigh sa PSNI is mó a dhíríonn siadsan a bhforéigean mar nach bhfeileann normálú na póilíneachta ná sochaí sheasmhach dá leagan amach. Ar an 8 Eanáir 2010, bhí Peadar Heffron ag tiomáint ón mbaile in aice le Baile Raghnaill i gContae Aontroma le dul ar dualgas i stáisiún Woodbourne in iarthar Bhéal Feirste nuair a phléasc buama faoina charr. Gortaíodh go han-dona é ach mhair sé.

Is iomaí iarracht a rinne grúpaí easaontóirí le póilíní a mharú roimhe sin agus ina dhiaidh. An bhliain roimh an ionsaí ar an gConstábla Heffron, mharaigh easaontóirí an Constábla Stephen Carroll i gContae Ard Mhacha agus an bhliain ina dhiaidh mharaigh siad an Constábla Ronan Kerr i gContae Thír Eoghain. Caitlicigh ab ea iadsan freisin. Liosta le háireamh iad na hiarrachtaí marfacha eile ar phóilíní agus a muintir i gceantair náisiúnacha.

Tá Peadar Heffron éirithe as an PSNI, é ar leathchois agus ag iarraidh tabhairt faoi shaol nua. Bhí sé 33 bliain d’aois nuair a ionsaíodh é. Ní foláir nó bhí súil aige go ndeanfadh a chomhghleacaithe sa PSNI a seacht ndícheall chun na daoine a bhí freagrach as an ionsaí air a aimsiú, a chúiseamh agus a thabhairt chun cúirte. Mairg don té a bheadh ag súil le mórán, áfach.

An tseachtain seo caite, d’fhógair Ombudsman na bPóilíní go raibh rialú déanta aige go ngearrfaí píonós ar cheathrar póilíní nár sholáthair eolas do na bleachtairí a bhí ag fiosrú an ionsaithe ar Pheadar Heffron. Rinne na bleachtairí iarratais ar eolas ó aonad faisnéise an PSNI, C3, ach ní bhfuaireadar freagraí.

I gcás amháin, thóg sé dhá bhliain ar oifigeach ceist a fhreagairt. Chinn an tOmbudsman gur sháraigh an fhaillí sin nósanna imeachta an PSNI agus gur cheart na hoifigigh a bhí freagrach a smachtú, dhá cheannfhort agus dhá sháirsint. Ghabh an PSNI leithscéal go poiblí le Peadar Heffron ach ansin mhaolaigh siad an pionós don bheirt cheannfort.

Ba cheart gur chúis aiféaltais don PSNI é rialú an Ombudsman ach ba bheag den chosúlacht sin a bhí ar a iompar faoi phionós na gcomhaltaí a rinne an fhaillí. Ní chothaíonn sé sin dóchas go bhfuil an PSNI glan ar dhrochnósanna an RUC. Cuireadh rialacha nua maidir le roinnt eolais i bhfeidhm go speisialta mar gur cinneadh gur cheil an Brainse Speisialta eolas ar bhleachtairí, go minic fiú i bhfiosruithe ar dhúnmharaithe. ‘Fórsa taobh istigh d’fhórsa’ a thugtaí ar an mBrainse san RUC. Cothaíonn tuairisc an Ombudsman buairt i measc an phobail gurb amhlaidh an scéal le C3 sa PSNI.

Cúis bhuartha sa bhreis é an dearcadh a léirigh lucht ardbhainistíochta an PSNI ar údarás an Ombudsman. Cén teachtaireacht a sheol siad chuig na comhaltaí atá beag beann ar na rialacha nuair a d’athraigh siad an pionós a ghearr an tOmbudsman? Conas a chothófar muinín nach bhfuil seanreacht fós i réim san aonad faisnéise? Ceacht don deisceart chomh maith leis an tuaisceart is ea an scéal seo. Níor mhór reachtaíocht a neartú chun a chinntiú go gcuirfear scoth na gcleachtas i bhfeidhm agus deimhin a dhéanamh de go gcuirfear pionós i bhfeidhm nuair a ghearrtar é.

Ní leigheas é ar an éagóir a rinneadh ar Pheadar Heffron ach b’fhéidir go seachnódh sé creimeadh ar mhuinín sa PSNI. D’éiligh naisiúnaithe deireadh le reacht an Bhrainse Speisialta chun a muinín a chur sa PSNI. Cheana féin, tá líon na gCaitliceach sa tseirbhís phóilíneachta ro-íseal; ní dea-thuar é an eachtra seo do sheirbhís a thuilleann tacaíocht ó gach aicme den phobal.

Fág freagra ar 'Údar mór imní é fiosrú lochtach na bpóilíní ar ionsaí ar Ghaeilgeoir'