Údar misnigh gaiscí Chaisleán Cnucha do na Gaeil Óga agus ardú céime eile acu

Bhain an fhoireann peile Na Gaeil Óga ardú céime amach don cheathrú huair in imeacht sé bliana an tseachtain seo caite agus obair na gcapall á dhéanamh acu chun an cumann a fhorbairt

Údar misnigh gaiscí Chaisleán Cnucha do na Gaeil Óga agus ardú céime eile acu

Ba é dul chun cinn Chaisleán Cnucha i gCraobh Shinsir Peile Bhaile Átha Cliath ceann de na scéalta CLG is mó a tharraing aird i mbliana. Níor siad ar an bhfód ach ó 1998 agus bhain siad áit amach i gcluiche ceannais an chontae. Cé gur bhuaigh Naomh Uinsionn orthu seachtain ó shin, ba dhochreidte an scéal a bhí ann.

Ní hiad an t-aon fhoireann peile atá ag déanamh dul chun cinn sa phríomhchathair áfach. I rith na seachtaine, bhain peileadóirí Na Gaeil Óga ardú céime amach go dtí Roinn 7 sa tsraith, an ceathrú hardú céime atá bainte amach acu ó chuaigh an cumann lánGhaeilge chun páirce den chéad uair in 2011.

Is é Ciarán Ó Feinneadha bainisteoir na foirne sin agus, dar leis, gur údar misnigh dóibh gaiscí Chaisleán Cnucha.

“Bhí mise ar bhord an chontae nuair a bunaíodh iad. Bhí a lán daoine ag cur ina gcoinne go láidir ag an am ach níl siad ann le scór bliain fiú agus tá cluiche ceannais sinsir sroichte acu anois.”

Is é sin an aidhm atá ag Na Gaeil Óga, an grád sinsir a bhaint amach. Ní tharlóidh sé thar oíche, deir Ó Feinneadha, ach is féidir é a dhéanamh roimh i bhfad.

Ar an gcéad dul síos, tá an-aicsean á dhéanamh acu ar pháirc na himeartha, agus ardú céime faighte ceithre huaire i sé bliana. Cuireann an gaisce sin le clú na foirne agus léiríonn sé do chách uaillmhian Na Gaeil Óga.

Deir Ó Feinneadha go bhfuil toradh na hoibre ar fad le feiceáil i bhfeabhsú na foirne gach bliain agus i gcaighdeán na n-imreoirí nua atá ag iarraidh a bheith mar chuid den aistear.

“Níl aon duine ag iarraidh a bheith ag imirt d’fhoireann lag. Is rud amháin é a bheith ag feidhmiú as Gaeilge ach tá caighdeán le baint amach againn ar an bpáirc chomh maith,” a deir Ó Feinneadha. Luanna sé Rónán Mac Niallais as Gaoth Dobhair, Aonghus Ó hEochaidh as an Spidéal agus Daithí Mac Suibhne as Baile Átha Cliath i measc na sárpheileadóirí atá tagtha isteach le bliain nó dhó anuas chun a gcuid féin a dhéanamh ar son aisling an chumainn.

Tá suas le seachtar nua cláraithe le foirne peile na bhfear don bhliain seo chugainn cheana féin. Deir Ó Feinneadha gurb é an dúshlán is mó a bhíonn acu ná teacht ar bhainisteoirí agus traenálaithe le Gaeilge a bhfuil taithí acu.

Sin cuid den obair atá á déanamh ag Na Gaeil Óga faoi láthair, ach má tá siad chun coinneáil orthu leis an dul chun cinn seo, deir Ó Feinneadha go bhfuil an obair atá á dhéanamh le foirne eile seachas an phríomhfhoireann “chomh tábhachtach céanna, nó níos tábhachtaí fiú”.

“Ar an bpáirc, sin leibhéal amháin ach tá obair iontach ar siúl againn chomh maith leis na gasúir óga. Tá sé sin ag fás go mór le cúpla bliain agus breis agus 140 anois cláraithe linn a bhíonn ag traenáil gach seachtain.”

Nuair a thosóidh na gasúir sin ag imirt do na foirne sinsir, beidh sé ar chumas Na Gaeil Óga tabhairt faoi bhoic mhóra CLG Bhaile Átha Cliath, a deir Ó Feinneadha,

Reáchtálfar dinnéar bliantúil an chumainn faoi cheann coicíse agus neart le ceiliúradh acu. Ní hamháin gur éirigh le foireann na bhfear Roinn 7 a bhaint amach ach d’éirigh le foireann camógaíochta Na Gaeil Óga cluiche ceannais craoibhe a bhaint amach,.

Cé nár éirigh leo sa chluiche ceannais sin, tá siad cáilithe do chluiche ceannais na scéithe faoi cheann seachtain eile agus mhol Ó Feinneadha an obair atá déanta ag an bhfoireann sin gan iad ar an bhfód ach ó Lá Fhéile Phádraig 2013.

Chomh maith leis sin, tá an obair tosaithe cheana féin ag an gcumann chun clubtheach a thógáil, rud nach bhfuil ag Caisleán Cnucha go fóill fiú. Cuireadh tús le feachtas níos luaithe i mbliana chun €500,000 a bhailiú chun foirgneamh agus páirc bhuan a thógáil i gceantar Leamhcáin.

Deir Ó Feinneadha go bhfuil ag éirí go maith leis an bhfeachtas sin agus ailtirí ag obair ar na pleananna faoi láthair. Más féidir le Na Gaeil Óga an dul chun cinn céanna a dhéanamh san obair thógála sin agus atá déanta acu ar thógáil an chumainn, níorbh aon iontas dá mbeadh an bhunchloch le feiceáil á leagan gan mhoill.

Fág freagra ar 'Údar misnigh gaiscí Chaisleán Cnucha do na Gaeil Óga agus ardú céime eile acu'