‘Údar iontais’ é nach bhfuil aon riachtanas Gaeilge le poist shinsearacha ar na Boird Oideachais agus Oiliúna

Tá seacht mBord Oideachais agus Oiliúna gan Stiúrthóir Forbartha agus Tacaíochta faoi láthair agus táthar ag lorg iarratas ar na poist sin

Is “údar iontais” do Mhuireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach COGG, nach bhfuil aon riachtanas Gaeilge luaite leis na poist shinsearacha atá fógartha ag an Roinn Oideachais do na Boird Oideachais agus Oiliúna.

Tá seacht mBord Oideachais agus Oiliúna gan Stiúrthóir Forbartha agus Tacaíochta faoi láthair agus táthar ag lorg iarratas ar na poist sin. Is sna ceantair seo a leanas atá na folúntais: Corcaigh, Gaillimh agus Ros Comáin, Cill Dara agus Cill Mhantáin, Luimneach agus An Clár, Lú agus An Mhí, agus Port Láirge agus Loch Garman.

Tá scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge i ngach ceann de na ceantair sin.

“Is ábhar iontais é seo ós rud é go bhfuil an oiread sin scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna Gaeltachta sna ceantair sin go sílfeá go mbeadh a leithéid de riachtanas ann.

“Mura bhfuil sé mar riachtanas sna 16 ceantar, ba cheart go mbeadh sé mar riachtanas sna 11 ceantar a bhfuil scoileanna lánGhaeilge agus Gaeltachta iontu. Tagann formhór na n-iarbhunscoileanna Gaeilge faoin gcóras seo,” a dúirt Ní Mhóráin le Tuairisc.ie.

Á lorg ar an suíomh etbi.ie freisin tá iarratais ar na poist Stiúrthóir Scoileanna agus Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna. Deirtear ar an suíomh go bhféadfadh folúntas do na poist seo a theacht aníos ar cheann ar bith de na 16 Bord Oideachais agus Oiliúna atá ann.

Tá iarbhunscoileanna Gaeltachta agus iarbhunscoileanna Gaeilge faoi chúram 11 ceann de na 16 bord sin.

Fág freagra ar '‘Údar iontais’ é nach bhfuil aon riachtanas Gaeilge le poist shinsearacha ar na Boird Oideachais agus Oiliúna'

  • Áine

    Má bhí an ‘murder machine’ i bhfeidhm in aimsir an Phiarsaigh… tá dúnmharfóir níos cumhachtaí fós i bhfeighil sa gcóras reatha…tar éis an chaint uilig faoi na Polasaithe Oideachais anuraidh agus an dea-thoil má sea a léiríodh ag na cruinnithe sna ceantair Ghaeltachta éagsúla ón Roinn Oideachais… cur i gcéill amach agus amach,… teagasc faoin sceach a bheidh romhainn arís má leanann rudaí mar atá..faraor…in Éirinn saor agus Gaelach!!!!????

  • Liam Mac Lochlainn

    Údar iontais? Ní hea. Seanscéal agus meirg air.

  • Seán Ó Drisceoil

    Níl ach teanga amháin éigeantach sa tír seo. Béarla.