Údar déistine a bhfuil tagtha chun solais maidir le FIFA

Thuigfeadh gasúr i gcliabhán nach raibh ciall dá laghad socrú a dhéanamh go n-imreofaí Corn Sacair an Domhain i dtír inar féidir leis an teocht 50 Céim Celsius a shroicheadh lena linn

FIFA-Headquarter-Entrance

Níor léir go raibh an crá agus an anachain atá ag baint le FIFA na laethanta seo ag déanamh iomarca imní dóibh siúd a bhí ag féachaint ar bhua iontach Barcelona ar Juventus aréir, ná orthu siúd a bhí ag dul na geataí isteach ar Pháirc Thír Oileáin san oíche Dé hAoine seo caite ag an gcluiche i bPríomhroinn Shraithe Sacair na hÉireann idir Gaillimh Aontaithe agus Cathair Chorcaí.

Bhain formhór na gcomhráití leis an seans a bhí ann go n-éireodh leis an bhfoireann bhaile greim a choinneáil ar an áit atá acu i lár thábla na sraithe agus ar an bhfoireann a tharraingeofaí ina gcoinne sa gcéad bhabhta eile de Chorn an FAI.

Gan aimhreas, ba údar déistine ag chuile dhuine a bhí i láthair a bhfuil tagtha chun solais maidir leis an gcaimiléireacht ag an leibhéal is airde san eagraíocht a dhéanann stiúradh ar an gcluiche is ansa leo, ach is mó de cheangal atá dealbh Shean-Phádraig Uí Chonaire agus an Statue of Liberty ná atá eatarthu siúd a shiúil Bóthar na Díge an oíche faoi dheireadh agus lucht ceannais FIFA.

Cuireann dream amháin acu lámh ina bpóca agus scarann siad le hairgead. Dream a bhí ag iarraidh a bpócaí a líonadh agus gur mó a gcuid suime sa gcumhacht ná sa gcluiche a tharraing scéal na seachtaine seo caite.

Agus cén fáth go mba faoin FBI agus faoi iriseoirí an Sunday Times a fágadh an scéal náireach seo ar fad a thabhairt chun solais? Cá raibh siad siúd sa tír seo agus ar fud an domhain atá tofa agus íoctha chun maoirseacht a dhéanamh ar an sacar?

Cúpla lá sular deimhníodh an scannal vótáladh an té a bhí i gceannas agus chaimiléireacht seo ar fad ar bun ar ais in oifig agus dá mbeadh vóta eile amárach ann, seans gurb é an té lena dtacódh Serb Blatter a thoghfaí mar chomharba air. Anois agus an cat ligthe amach as an mála, tá cuid de lucht eagraithe an tsacair san Eoraip, UEFA, ag caint ar bhaghcat a dhéanamh ar Chorn an Domhain, ach féach gur vótáil idir 10 agus 15 teachta de chuid na hlchríche sin do Blatter an lá faoi dheireadh.

Ní mba ar chúl téarmaí a bhí an bhreabaireacht agus an t-uisce faoi thalamh seo ar fad ar siúl leis na blianta agus ní mba ag an aerfort agus iad faoi bhealach chuig an toghchán i Zurich ag deireadh na míosa seo caite ba chóir do cheannasaithe na gCumann Sacair Náisiúnta a bheith ag rá go mba chóir do Sepp Blatter seasamh i leataobh.

Thuigfeadh gasúr i gcliabhán nach raibh ciall dá laghad socrú a dhéanamh go n-imreofaí Corn Sacair an Domhain i dtír inar féidir leis an teocht 50 Céim Celsius a shroicheadh lena linn. Ansin nuair a socraíodh gur sa ngeimhreadh a bheadh Catar 2022 ar bun, thosaigh siad siúd a raibh dearmad déanta acu ar shábháilteacht na n-imreoirí ná an lucht féachana ag cur díobh mar go gcuirfeadh sin as do Shraithchomórtais Clubanna – an póca ag rialú arís, dar ndóigh.

Nach aisteach freisin, mar a tharla i scannal drugaí na rothaíochta, nach  ceann de thíortha traidisiúnta an spóirt atá chun cinn san iarracht atá ar siúl le fios fátha an scéil a fháil amach. Tráthúil freisin an dlús a tháinig le himeacht Blatter de réir mar a bhí an scéal ag déanamh imní d’urraithe ar nós Visa, Coca-Cola agus McDonald’s agus do na comhlachtaí teilifíse ag a bhfuil na cearta craolta. Bailíonn FIFA €3 billiún uathu siúd ag gach Corn Domhanda.

Tá an spórt, an pholaitíocht agus an saol gnó/airgeadais chomh fite fuaite ina chéile faoi seo agus gur minic é dodhéanta iad a dheighilt. 

Feicim fiú Vladimir Putin ag gur a ladar sa scéal. Sampla eile de mhí-úsáid cumhachta ag na Stáit Aontaithe a bhí ann nuair a gabhadh cuid d’fheidhmeannaigh FIFA, a dúirt Uachtarán na Rúise. Ansiúd, ar ndóigh, a bheidh Corn Sacair an Domhain 2018 ar siúl. Chaith FA Shasana £21 ag iarraidh an comórtas a mhealladh chun na tíre sin – péire de na 22 vóta atá ag na comhaltaí ar Bhord Fheidhmeannach FIFA a fuaireadar.

Má chuir sin meangadh an gáire ar t’adhaidh nuair a tharla sé, mar a chuir ar mo cheannsa, tá sé in am é a bhaint dó anois!

Fág freagra ar 'Údar déistine a bhfuil tagtha chun solais maidir le FIFA'