Uair na cinniúna do O’Neill – níor chaill fear an mhisnigh riamh é…

Fágann Robbie Brady i Zenica go gcáileoidh Éire do Chraobh na hÉireann má chríochnaíonn cluiche na hoíche anocht 0-0, ach is ag dul sa seans a bheidh Martin O’Neill má bhíonn róbhéim ar an gcosaint anocht aige

Bainisteoir na hÉireann, Martin O'Neill. INPHO/Donall Farmer
Bainisteoir na hÉireann, Martin O’Neill. INPHO/Donall Farmer

Nuair nár éirigh le foireann na hÉireann Albain a bhualadh sa dá chluiche a bhí eatarthu sa chomórtas cáilithe seo, is beag duine a shamhlaigh go mbeimis anois ar thairseach Chraobh na hEorpa.

Ina dhiaidh sin féin, tá dea-cháil Mhartin O’Neill mar bhainisteoir na hÉireann ag brath go mór ar thoradh na hoíche anocht. Má éiríonn leo, molfar fear Dhoire as ucht aiséirí na foirne sna cluichí deireanacha sa ghrúpa, go háirithe an cluiche i gcoinne na Gearmáine inar cloíodh seaimpíní an domhain. Má theipeann ar Éirinn anocht, áfach, déanfar dearmad air sin ar fad agus cuirfear an cheist, an bhfuil aon dul chun cinn déanta dáiríre ag an bhfoireann ó d’fhág Giovanni Trapattoni?

Deir O’Neill go rachaidh a fhoireann chun páirce san Aviva agus iad ar thóir an bhua ach beidh le feiceáil an seasfaidh an meon sin nuair a bheimid faoi bhrú ó Bhoisnia agus an Heirseagaivéin. Agus buntáiste an chúil a scóráil Robbie Brady as baile againn, tá an baol ann i gcónaí, is cuma céard a deirtear roimh ré, go mbeidh na hÉireannaigh róbhuartha faoina bhfuil acu a chosaint.

minic a fheictear foirne O’Neill ag tógáil ceannais ar chluiche agus ní cúis iontais a bheadh ann sa deireadh mura mbeidh béim chomh mór sin aige ar dheiseanna scórála a chruthú.

Is fearr a thuigfear meon O’Neill nuair a fhógrófar an fhoireann a rachaidh chun páirce dó anocht. Cé go bhfuil Shane Long ar ais ag traenáil, níl cluiche imeartha aige ón uair a gortaíodh é sa Pholainn agus is beag seans go mbeidh sé ag imirt ó thús.

Jon Walters agus John O’Shea ar fáil arís don chluiche seo agus i bhfianaise na dtaispeántas a thug siad beirt uathu go dtí seo, bheifeá ag súil go rachaidís caol díreach isteach sa bhfoireann arís. Is í an cheist ansin  a chaillfidh amach a d’imir cluiche na hAoine?

gur féidir le Walters imirt mar thosach aonair, níl an ról sin tugtha dó ag O’Neill go n-uige seo. Má an bainisteoir i ndáiríre faoi dhul ar an ionsaí anocht, d’fhéadfadh Walters teacht isteach in áit Glenn Whelan, agus Jeff Hendrick ag titim siar chuig lár na páirce. Ar an lámh eile, d’fhéadfadh fear Stoke teacht isteach in áit Wes Hoolahan, fear atá i bhfad níos cruthaithí ná Whelan, bíodh is nach raibh sé i mbarr a mhaitheasa trí ó shin.

Sna cúlaithe, ní fhéadfá mórán locht a fháil ar Richard Keogh ná Ciaran Clark sa chéad chluiche, ach táthar ionann is cinnte go dtiocfaidh O’Shea ar ais anocht. Thug Keogh leis gradam laoch na himeartha Dé hAoine agus i bhfianaise na taithí atá aige, gach seans gurb é a bheidh taobh le O’Shea.

Fear eile atá i mbaol a áit a chailleadh ná Stephen Ward. Bhí fear Burnley faoi bhrú ollmhór ar an gcliathán clé i Zenica agus má éiríonn leis a áit a choinneáil, beidh an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin ag díriú arís air. Tháinig Marc Wilson isteach mar ionadaí do Ward sa dara leath agus cé gur ar an taobh sin den pháirc a thosaigh an ghluaiseacht ónar tháinig cúl Edin Dzeko, ní fhéadfá an milleán ar fad a chur ar Wilson.

Toradh maith é an comhscór a fuarthas thall ar fhód dúchais na Boisnia agus an Heirseagaivéin trí ó shin, ach d’imigh sin agus tháinig seo.

Níl an dara babhta de chluiche cáilithe buaite riamh ag na hÉireannaigh agus, cé go ndéanfaidh 0-0 an beart anocht, dhéanfadh sé cúrsaí i bhfad níos éasca dúinn uile dá n-éireodh leo an scéal sin a athrú.

Is dóigh linn go ndéanfaidh siad an beart, fiú más in am breise é.

Fág freagra ar 'Uair na cinniúna do O’Neill – níor chaill fear an mhisnigh riamh é…'