Uair na cinniúna do na heagraíochtaí teanga agus Buiséad 2017 ar an tairseach

Tá eagraíochtaí teanga ag súil le maoiniú breise i mBuiséad 2017 tar éis blianta de chiorruithe, ach níl aon duine ag déanamh talamh slán de gurbh amhlaidh a bheidh

Uair na cinniúna do na heagraíochtaí teanga agus Buiséad 2017 ar an tairseach

Inniu uair na cinniúna d’eagraíochtaí teanga agus iad ag súil le maoiniú breise i mBuiséad 2017 tar éis blianta de chiorruithe.

Cuireadh le dóchas na n-eagraíochtaí nuair a gealladh i gclár an rialtais i dtús an tsamhraidh go ndéanfaí infheistíocht bhreise ‘sa Ghaeilge’, ach níltear ag déanamh talamh slán de go ndéanfar beart de réir briathair i mBuiséad an lae inniu.

Tá ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne go raibh brú á chur aige le tamall anuas ar an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys, ar mhaithe le breis airgid a fháil d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge, mar atá á éileamh ag Conradh na Gaeilge, ach inniu a neosfar cén toradh a bhí ar stocaireacht Kyne agus an Chonartha araon.

Dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív le Tuairisc.ie tráthnóna inné go raibh “cás láidir” ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta curtha aige faoi bhráid a chomhghleacaithe atá i mbun idirbheartaíochta leis an Rialtas maidir le Buiséad 2017.

Is iad ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin, a n-urlabhraí airgeadais Michael McGrath agus urlabhraí fiontar agus fostaíochta an pháirtí, Dara Calleary, atá i mbun na hidirbheartaíochta sin.

Ní raibh “aon leide” faighte fós ag Ó Cuív aréir faoi chás na Gaeilge agus na Gaeltachta sa bhuiséad.

€6 milliún breise atá á lorg ag Ó Cuív don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, ach mura bhfógrófar méadú mar sin inniu, ní gá go mbeadh “an cath caillte”, a dúirt sé.

“An rud a tharlaíonn lá an bhuiséid féin ná go mbíonn vóta ann ar rudaí áirithe, ní bheidh vóta ann faoi Bhuiséad 2017 ina iomláine, cé go mbíonn an mhíthuiscint sin ann. Mura gcomhlíonann an Rialtas a ndualgais faoin socrú soláthair agus muiníne atá acu le Fianna Fáil amárach, beidh am fós leis an gcás a dhéanamh i gcomhthéacs mheastúcháin dheireadh na bliana agus nílimse chun scaoileadh le ceist bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta má theipeann orthu a ndualgais a chomhlíonadh,” a dúirt Ó Cuív.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, le Tuairisc.ie go bhfuil súil aige go dtabharfar aird i mBuiséad 2017 ar na héilimh a d’aontaigh an Conradh le 80 eagraíocht eile ar fud na tíre, ach go bhfuil an “baol ann i gcónaí” go ndéanfar ciorrú ar bhuiséad na Gaeilge.

“An rud is práinní dúinne ná éilimh an 80 grúpa, go mbeidh an maoiniú breise curtha ar fáil. Baineann an maoiniú sin le cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht agus leis an bpleanáil teanga agus le cur chun cinn na teanga taobh amuigh den Ghaeltacht. Rinneadh go leor ciorruithe le blianta beaga anuas agus ba mhaith linn dá dtosófaí ag dul sa treo eile anois.

“Tá dóchas agam, mar is dóigh liom gur éirigh linn an pointe a dhéanamh agus go bhfuil cás maith déanta againn. Táimid ag lorg €18 milliún thar thrí bliana, agus is próiseas ama atá i gceist an rud ar fad a bhaint amach. Tá móramh na dTeachtaí Dála ag tacú leis na héilimh, ach ní bheadh a fhios agat céard a tharlóidh. Nuair a tugadh airgead breise do gach Roinn anuraidh, gearradh buiséad an Fhorais cúig faoin gcéad,” a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Dúirt de Spáinn gur thug Foras na Gaeilge le fios dó go bhfuil an baol céanna ann i mbliana go ngearrfaí buiséad an Fhorais. Dúirt de Spáinn go leanfaí leis an bhfeachtas breis maoiniú a bhaint amach fiú mura n-éireoidh leis an éileamh sin inniu. Dúirt sé freisin “nach maoiniú breise” a bheadh in ardú ar mhaoiniú Fhoras na Gaeilge agus Údarás na Gaeilge ach “maoiniú á chur ar ais” óir tháinig ciorrú mór ar bhuiséid an dá eagraíocht ó 2008 go háirithe.

Beidh súil ghéar á coinneáil ag cuid mhór eagraíochtaí Gaeilge ar bhuiséad an Fhorais inniu ós é an Foras a thugann maoiniú do na ceanneagraíochtaí Gaeilge agus eagraíochtaí eile thuaidh agus theas. Tá cás an Fhorais éagsúil ó eagraíochtaí eile stáit sa chaoi gur eagraíocht trasteorann é a fhaigheann maoiniú ón dá stát. Faigheann an Foras 75% dá bhuiséad ón stát ó dheas agus is ó fheidhmeannas Stormont a fhaigheann sé an 25% eile. Ní mór d’údaráis an dá stát an buiséad d’Fhoras na Gaeilge a aontú/

Laghdú 1.8% –  ó €13.444 milliún go €13.201 milliún – a fógraíodh ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge anuraidh agus bhí mórán an méid céanna de bhuiséad caipitil ag Údarás na Gaeltachta in 2016 agus a bhí in 2015. €5,687 million a bhí ag an Údarás i mbliana cé go bhfuair an eagraíocht €1 milliún breise i meastúcháin dheireadh na bliana seo caite.

Cheap Údarás na Gaeltachta féin plean ag deireadh na bliana seo caite a chruthódh 300 post nua sa Ghaeltacht in aghaidh na bliana, dar leo. €12 milliún in aghaidh na bliana a theastódh ón Údarás chun an plean sin a chur i gcrích, níos mó ná dúbailt an €5.7 milliún a ceadaíodh mar bhuiséad caipitil anuraidh.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta le Tuairisc.ie aréir nár mhaith leis tuar a dhéanamh faoi Bhuiséad an lae inniu agus go mbeadh “rud éigin le rá” aige nuair a bheadh an buiséad fógartha.

Tá TG4 ag lorg “an rud céanna” is bhítear a lorg gach uile bhliain, dar le Leas-Cheannasaí an stáisiúin Gaeilge Pádhraic Ó Ciardha.

“An achainí atá déanta againn ná go mbeidh maoiniú dóthanach againn agus é ar mhúnla ilbhliantúil. Tá an dóchas céanna againn i mbliana agus a bhíonn gach uile bhliain. Tá an cur i láthair déanta againn don Aire agus is é an tAire a shocróidh é sa deireadh,” a dúirt sé le Tuairisc.ie.

Dúirt sé go bhfuil cás TG4 ábhairín éagsúil ó eagraíochtaí eile ó tharla gur comhlacht príobháideach iad agus sa chaoi gurb é an tAire féin a dhéanann achainíocht thar ceann na heagraíochta.

Fógraíodh méadú do chúrsaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán i mbuiséad na bliana seo caite agus €44.206 milliún le caitheamh ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, mar a bhí.

Cuireadh €1.9 milliún ar leataobh anuraidh d’fhorbairt Theach an Phiarsaigh i Ros Muc mar ionad oidhreachta do bhliain an chomórtha.

Táthar ag súil go n-osclófar an t-ionad sin an mhí seo chugainn. Cuireadh €1 milliún ar fáil le caitheamh ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge in 2016.

Fág freagra ar 'Uair na cinniúna do na heagraíochtaí teanga agus Buiséad 2017 ar an tairseach'