Uair na cinniúna do Chúige Chonnacht

Beidh na Connachtaigh ag iarraidh greim a choinneáil ar an séú háit sa Pro 12 an deireadh seachtaine seo, rud nach éasca…

Pictiúr: ©INPHO/James Crombie
Pictiúr: ©INPHO/James Crombie

Is ag Cúige Chonnacht amháin i measc Chúigí na hÉireann atá buntáiste an bhaile do bhabhta 19 de chomórtas an Pro 12 an deireadh seachtaine seo. Cúige Uladh a bheas ag dul siar go dtí an Bóthar Beag an Satharn seo, iad ag tabhairt faoi fhir an Iarthair, foireann atá 15 pointe agus ceithre áit taobh thiar díobh ar chlár an tábla. Is cinnte go mbeidh na hUltaigh ar thóir bua agus pointe bónais, iad ag iarraidh áit i measc an dá fhoireann atá ar bharr an tábla a chinntiú agus gan ach trí chluiche le himirt fós sna réamhbhabhtaí. Beidh Cúige Chonnacht ar thóir bua lena chinntiú gur féidir leo greim a choinneáil ar an séú háit ar an tábla, rud nach éasca, de bhrí go bhfuil Dún Éideann ar comhscór leo ar 43 pointe freisin.


Beidh Cúige Chonnacht ag súil go ndéanfaidh Cúige Mumhan gar dóibh agus iad i gcoinne Dhún Éideann, cluiche a bheas á imirt ar an Satharn freisin. Is fiú a lua gur ag Dún Éideann a bheas buntáiste an bhaile don chluiche seo agus is fiú a mheabhrú freisin go raibh bua iontach, bua nach raibh súil leis, acu agus iad as baile i gcoinne na Scarlets sa mbabhta deiridh den chomórtas seo. Mar sin féin, tá spreagadh iontach ag na Muimhnigh don chluiche seo, iad sa triú háit ar an tábla agus iad go mór sa tóir ar an gcéad áit nó an dara háit chun imirt sa mbaile sna babhtaí leathcheannais a chinntiú.


Tá ar na Laighnigh dul go dtí an Bhreatain Bheag, le tabhairt faoi na Dragons. Tá dhá mhórsprioc ag Cúige Laighean don chluiche seo. Tá bua le ceithre úd ag teastáil uatha le go n-ardóidh siad ón gcúigiú háit ar an tábla le áit a fháil i measc an cheithre fhoireann a bheas ag imirt sna babhtaí leath cheannais. Beidh leathshúil ag Cúige Laighean freisin ar chluiche leathcheannais Chorn na gCuradh a bheas á imirt acu faoi cheann seachtaine i Marseille na Fraince i gcoinne Toulon, curaidh an chomórtais.

Is é an cluiche seo i gcoinne na nDragons an t-aon seans amháin atá acu cúrsaí a chur ina gceart tar éis na lagiarrachta a chonaic muid uatha i gcoinne Bhath an Sathain seo caite.

Creid uaim é, tá neart deacrachtaí le sárú ag Cúige Laighean.

Fág freagra ar 'Uair na cinniúna do Chúige Chonnacht'