Uachtarán nua Oireachtas Cheanada insealbhaithe

Is í Bríd Ní Cholla, as Leitir Móir, Conamara ó dhúchas, atá ina hUachtarán nua ar Oireachtas Cheanada

Bríd óireachtas CanadaIs í Bríd Pheaite Uí Chéide, as Leitir Móir, Conamara, ó dhúchas, atá insealbhaithe mar Uachtarán nua ar Oireachtas Gaeilge Cheanada. Bhí tuairim is 300 i láthair ag an insealbhú in Ionad Chultúr na hÉireann i gCalgary Alberta le déanaí.

Tugadh aitheantas agus ómós do bheirt eile le linn an insealbhaithe freisin: Seosamh Ó Measaigh ó Bhaile Átha Cliath ó dhúchas, a mhúin an Ghaeilge ar feadh 25 bliain i gCalgary; agus Breanda Crothers ó chontae an Dúin ó dhúchas, a rinne bainistiú ar chúrsaí Gaeilge i gCalgary le linn na tréimhse céanna.

I nGaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir (Tamworth/Erinsville, Ontairió, Ceanada), a bheidh Oireachtas Cheanada i mbliana, agus is í seo an cúigiú bliain as a chéile don fhéile a bheith ar siúl.

Tháinig Bríd go Ceanada den chéad uair i 1976 lena fear céile, Pádraig. Chuir siad fúthu in Saskatoon, SK agus in Edmonton, AB, go dtí 1981, tráth ar thug sí aghaidh ar an mbaile. Chuir sí féin agus a cuid fúthu i mBaile an Easpaig i gcathair Chorcaí. Ba ansin a chuir sí tús le naíonra lán-Ghaeilge in éineacht le tuismitheoirí eile.

Ba léir, áfach, gur gá cur leis an méid sin agus áiseanna na leanaí a fheabhsú. Le tacaíocht ó Ghlór na nGael, rinne sí féin agus coiste tuismitheoirí iarratas ar mhaoiniú chun Gaelscoile.

Osclaíodh Gaelscoil Uí Riada i 1984 de bharr na n-iarrachtaí sin. Seomra amháin agus múinteoir amháin a bhí sa scoil nua i dús na haimsire, agus í suite i bpáirc Wilton House i mBaile an Easpaig. Bhí 18 dalta inti. Foirgnimh bhuana atá ag Gaelscoil Uí Riada inniu, í lonnaithe sa pháirc chéanna, le 270 dalta agus 14 múinteoir.

D’fhill Bríd, Pádraig agus a ceathrar páistí ar Cheanada an athuair i 1987 – go Calgary, Alberta an babhta seo.

Ghlac sí páirt láithreach in imeachtaí Ionad Chultúr na hÉireann in iarthuaisceart Chaladh Garraí agus rinne sí an méid sin go fonnmhar, ag freastal ar oícheanta airneáin lán-Ghaeilge mar aoichainteoir agus ag cabhrú le foghlaimeoirí teanga a bhain le gach aon leibhéal. Chuidigh sí go mór le damhsa agus amhránaíocht dúchais na hÉireann a chur chun cinn i gcaitheamh an ama sin, leis.

Ba in Ionad Chultúr na hÉireann a bhuail sí le hAralt Mac Giolla Chainnigh, stiúrthóir reatha Oireachtas Gaeilge Cheanada, den chéad uair. Go deimhin, is í a chuir síolta Oireachtas Gaeilge Cheanada, nuair a mhol sí in 2006 go gcuirfí tús le féile bhreá dá leithéid i nGaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir, chun foghlaimeoirí, cainteoirí líofa agus cainteoirí dúchais a mhealladh chuici.

Rinneadh de réir a molta; cuireadh tús leis an bhféile i ndeireadh 2011 agus tá sí ag dul ó neart go neart ó shin.

Ón 26 – 28 Meitheamh a bheidh féile na bliana seo ar siúl agus Bríd i bhfeighil air. Go maire sí a nuacht.

Fág freagra ar 'Uachtarán nua Oireachtas Cheanada insealbhaithe'