Uachtarán gan teanga, uachtarán gan uachtaránacht

Tá an Naabeehó Bináhásdzo, nó an Náisiún Navajo, fágtha gan uachtarán mar gheall ar easpa líofachta duine de na hiarrathóirí. Cuireadh uachtarán sealadach faoi mhionn le déanaí go dtí go dtiocfar ar réiteach.

yeegochris02-slide012
Ábhar bolscaireachta ó fheachtas Chris Deschene

Tá imní mór ar na Naabeehó (treibh dhúchasach i Meiriceá) agus iad fágtha gan aon uachtarán toisc nach raibh líofacht ina theanga dúchais ag duine de na hiarrthóirí ar an bpost.

Tuairiscíodh sa New York Times go bhfuil “folús cumhachta” i rialtas dúchais na treibhe mar gheall nach raibh líofacht i dteanga na treibhe – bizaad Naabeehó – ag duine de na hiarrthóirí uachtaránachta, Chris Deschene.

Tá an Naabeehó Bináhásdzo, nó an Náisiún Navajo, lonnaithe in iardheisceart na Stát Aontaithe agus rialtas baile, cúirteanna agus seirbhís phóilíneachta dá chuid féin aige.

Tá sé ar cheann de na náisiúin dúchais is mó i SAM.

Cuireadh toghchán uachtarántachta an náisiúin ar athló i mí Dheireadh Fómhair seo caite nuair a d’ordaigh Cúirt Uachtarach Naabeehó Bináhásdzo go mbainfí iarrthóir den bhallóid toisc nach raibh teanga dhúchais an náisiúin aige.

Tá cás Chris Deschene (43) ag croí na faidhbe. Thuill Deschene a áit ar an mballóid i mí Lúnasa sa réamhthoghchán uachtarántachta.

Dlíodóir cáilithe, iarshaighdiúir sa Chór Mara, inealltóir oilte agus iarchomhalta de Dháil Arizona (mar a raibh sé ina ionadaí thar ceann na treibhe), bhí a dindiúirí cruthaithe go maith ag Deschene agus ba é rogha na coitiantachta don uachtaránacht.

Ach bhí fadhb amháin aige: níl ach cúpla focal Naeebeehó aige.

Chuir beirt eile a bhí ar an mballóid, Dale Tsosie agus Hank Whitethorne, in aghaidh Deschene agus rinne siad scéal mór den riachtanas teanga don uachtaránacht a tugadh isteach sna 1990idí.

Sheas an Chúirt Uachtarach le Tsosie agus Whitethorne agus mhaígh na breithiúna gur croíchuid de chultúr Naabeehó í an teanga.

Tugadh ar Deschene scrúdú líofachta a dhéanamh ach theip air agus cuireadh as an áireamh cúpla lá roimh an toghchán é.

Nuair a fógraíodh go raibh sé díbeartha ón gcomórtas, bhí sé ina mhíle murdar idir ranna éagsúla rialtais agus a gcuid dlíodóirí agus cuireadh in aghaidh rialú na cúirte.

Tugadh reachtaíocht isteach a chuir an toghchán ar neamhní agus a réitigh an bealach do thoghchán eile. Ní léir fós cén uair a bheas an toghchán ann nó cé acu an mbeidh nó nach mbeidh riachtanas teanga ann do na hiarrthóirí.

In aghaidh thoil fhormhór an phobail, cuireadh an tIar-Uachtarán Ben Shelly faoi mhionn arís an tseachtain seo caite mar uachtarán sealadach nó go dtiocfar ar réiteach na faidhbe.

Le cúpla seachtain anuas tá grúpa bunaithe ag lucht leanta Chris Deschene agus léirsiú déanta acu taobh amuigh d’áras an rialtais dúchais sé huaire ag éileamh go mbrisfí an breitheamh a bhain Deschene den bhallóid as a phost.

Tá thart ar 169,000 cainteoirí Naabeehó ann – i bhfad níos mó ná aon teanga dhúchasach eile i Meiriceá. Tá líon na gcainteoirí tite go mór, áfach, ó bhí an bhliain 2000 ann.

Is lú an líon daoine óga a labhraíonn an teanga anois ná riamh agus tá imní ar shaoithe na treibhe go bhfaighidh sí – agus na traisidiúin atá á n-iompar aici – bás mar a fuair na céadta teangacha dúchasacha roimpi.

Nocht ainmniúchán Chris Deschene scoilt mhór sa phobal faoin teanga agus a háit i dtodhchaí na sochaí.

“In am na cinniúna atá muid,” a dúirt Peterson Zah, Iar-Uachtarán an náisiúin, leis na New York Times.

“Tá cáil dhomhanda ar ár dteanga. Má fhaigheann an Béarla an lámh in uachtar uirthi, cá bhfágfaidh sé sin muid?”

Bhain an teanga an cháil ar thagair Peterson Zah di amach le linn an Dara Cogadh Domhanda nuair a bhí Naabeehó ina cód dobhriste ag Arm na Stát Aontaithe in aghaidh na Seapáine.

Thug Deschene a fhocal go bhfoghlaimeodh sé an teanga, a mhúintear ar scoil, roimh dheireadh a chéad théarma dá dtoghfaí é. Ach dúirt sé gur tábhachtaí i bhfad go dtabharfadh sé aghaidh ar an ngéarchéim eacnamaíochta atá ag réabadh na treibhe.

Tá thart ar 50% den treabh gan obair agus tá ceantair gan leictreachas, uisce reatha agus bóithre pábháilte. Mar thoradh ar an easpa seirbhísí agus fostaíochta, tá go leor den aos óg ag imeacht leo ar thóir a bhfortúin i gceantair shaibhre.

Is í teanga agus cultúr na treibhe na clocha is mó ar phaidrín an iarrthóra eile Joe Shirley Jr, a bhí ina uachtarán faoi dhó cheana féin.

Rinneadh dochar den teanga roimh an Dara Cogadh Domhanda nuair a cuireadh na céadta leanaí óga go scoileanna cónaithe ina raibh cosc uirthi – máthair Chris Deschene ina measc – agus mhúin na daoine sin an Béarla dá ngásúr.