Uachtarán CLG, Aogán Ó Fearghaíl, le bheith ar ‘Comhrá’

Is ar Uachtarán reatha CLG, Aogán Ó Fearghaíl a bheidh Máirtín Tom Sheáinín ag cur na gceisteanna ar an gcéad chlár de shraith nua ‘Comhrá’ Déardaoin

Uachtarán CLG, Aogán Ó Fearghaíl, le bheith ar ‘Comhrá’

Inseoidh Aogán Ó Fearghaíl, Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, scéal a bheatha do Mháirtín Tom Sheáinín sa chéad eagrán de shraith nua den chlár cainte Comhrá ar TG4 Déardaoin.  I measc na scéalta a bheidh aige, inseoidh sé faoin siopa beag agus oifig an phoist a bhíodh ag a mhuintir ar An Maide Bán i gcontae an Chabháin. Dúnadh na gnóthaí sin le deich mbliana anuas nuair a robáladh iad faoi dhó. Bhí Ó Fearghaíl ina phríomhoide scoile i nDoire na Ceise chomh maith.

Is é Ó Fearghaíl an chéad duine ón gCabhán le bheith ina Uachtarán ar CLG. Tháinig sé i gcomharbacht ar Liam Ó Néill i mí Feabhra 2015. Bhí baint aige le riarachán CLG ó bhí sé 14 bliain d’aois, nuair a bhí sé ina rúnaí ar a chumann liathróid láimhe agus chuaigh sé ar aghaidh chun obair a dhéanamh le Bord an Chontae agus Comhairle Uladh roimh a theacht i réim mar Uachtarán ar an eagraíocht.

Bhíodh sé ina Oifigeach Gaeilge ag Bord an Chontae i gcontae an Chabháin ar feadh tamaill agus thug sé seal freisin ar Choiste na Gaeilge CLG chomh maith.

Craolfar an chéad chlár seo de ‘Comhrá’ Déardaoin ag 19:30 ar TG4.

Fág freagra ar 'Uachtarán CLG, Aogán Ó Fearghaíl, le bheith ar ‘Comhrá’'