Uachtar gréine d’aimsir an tsamhraidh

Tá comhairle ag ár gcomhfhreagraí don té atá le ham a chaitheamh faoi theas na gréine sa samhradh

Uachtar gréine d’aimsir an tsamhraidh

Ag an tráth seo bliana is mó a smaoinítear ar uachtar gréine a chaitheamh le cosaint a thabhairt don chraiceann. Ach measaim féin gur cheart é a úsáid gach lá den bhliain le dochar na gréine a laghdú a oiread agus is féidir. Go deimhin, creidim gur cheart dhá chineál uachtar gréine a úsáid go rialta – ceann amháin don aghaidh agus ceann eile don cholainn.

Is féidir gnáth-uachtar gréine nach bhfuil ró-chostasach a úsáid ar fhormhór na colainne, lámha, cosa, guaillí agus mar sin de. Ach is ceart beagán dua agus tuilleadh airgid a chaitheamh ar cheann don aghaidh, ceann atá níos cineálta agus a bhfuil comhábhar ann a dhéanfaidh maitheas don chraiceann.

Sa chás ba cheart cinn a roghnú a bhfuil fachtóir cosanta ar an ngrian de +30 nó fiú +50 ag baint leo agus níor mhór iad a chur ort arís agus arís eile le linn an lae le go bhfaighfeá cosaint cheart uatha. Tá leaganacha deasa ar fáil anois de bhrandaí áirithe gur féidir a spraeáil ort féin mar cheo fiú os cionn do chuid smididh le linn an lae leis an gcosaint bhreise sin a thabhairt duit féin.

Bíonn an baol ann go roghnódh daoine uachtar gréine le dúil cheimiceach iontu seachas cinn le comhábhar fisiceach. Ceadaíonn na cinn cheimiceacha do ghathanna na gréine teagmháil leis an gcraiceann ach baineann siad an dochar astu. Na cinn fhisiceacha – bíonn dé-ocsaíd tíotáiniam (titanium dioxide) nó ocsaíd since (zinc oxide) mar chomhábhair iontu – blocálann siad gathanna na gréine ar fad.

Bíonn daoine meallta ag na cinn cheimiceacha mar go bhfuil siad níos éasca le cur ort agus go mbraithfí gur cosúil iad le maothóir. Tá na cinn le comhábhar fisiceach níos deacra le cur ort agus is minic a fhágann siad dath geal nó tréigthe ar d’aghaidh nó ar do chraiceann fad is atá tú á gcaitheamh. Ach is fiú an tairbhe an trioblóid agus is fearr i bhfad an chosaint atá ar fáil uathu.

An chomhairle is fearr agus is tábhachtaí maidir le huachtar gréine, go irithe ar an aghaidh, ná go bhfuil sé fíor-thábhachtach go deo é a ghlanadh díot go maith i ndeireadh an lae. An té nach ndéanann é sin go cúramach is baolach gur spotaí nó goiríní a bheas orthu seachas aon rud eile.

Tá rogha leathan de tháirgí uachtar gréine ar an margadh ach seo na cinn is fearr liom féin don aghaidh agus don cholainn.

‘Skin Defence Multi-Protection Essence SPF 50’ ar fáil ó The Body Shop ar €26.95

 

La Roche-Posay ‘Anthelios Ultra-Light Sun Cream Fluid SPF 50+’ ar fáil ó chogaslanna timpeall na tire ar €20

 

La Roche-Posay ‘Anthelios Sunscreen Face Mist SPF50’ ar fáil ó chógaslanna éagsúla ar €14.99

 

Murad ‘City Skin Age Defense Broad Spectrum SPF 50’ ar fáil ó www.lookfantastic.com ar €55

 

Thank You Farmer ‘Sun Project Water Sun Cream SPF 50’ar fáil ó www.cultbeauty.co.uk ar £24

 

Bioderma ‘Photoderm Max SPF 50+ Aquafluide Pocket’ ar fáil ó www.cloud10beauty.com  ar €13.50

 

Pixi ‘Sun Mist SPF 30’ ar fáil ó www.cloud10beauty.com ar €23.50

 

Garnier ‘Ambre Solaire Sensitive Advanced Sun Protection Mist SPF50’ (don cholainn) ar fáil ó cogaslanna ar fud na tíre €9.00.

Fág freagra ar 'Uachtar gréine d’aimsir an tsamhraidh'