Twitter ‘ag cur isteach’ ar fheachtas bolscaireachta ISIS – taighde ó DCU

Cuireadh 65% de na cuntais a bhí ag scaipeadh naisc a bhain le bolscaireacht ISIS ar fionraí taobh istigh de 17 uair an chloig ó uair a gcruthaithe ar an suíomh meán sóisialta, ach tá ag éirí níos fearr le cuntais jihadi nach bhfuil baint acu le ISIS

Twitter ‘ag cur isteach’ ar fheachtas bolscaireachta ISIS – taighde ó DCU

Tá ag éirí le Twitter cur isteach ar fheachtas bolscaireachta ISIS trí chuntais a scaipeann ábhar ón ngrúpa sceimhlitheoireachta a dhúnadh, de réir staidéir nua a rinneadh in DCU.

Léirigh staidéar a rinne lucht taighde ón togra VOX-Pol in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Ollscoil Sussex i Sasana, go bhfuil an tionchar atá ag cuntais a bhíonn dearfach faoi ghníomhartha ISIS dulta i laghad mar gheall ar an obair atá déanta ag Twitter leis na cuntais sin a bhaint den suíomh.

Cuireadh 65% de na cuntais a bhí ag scaipeadh naisc a bhain le bolscaireacht ISIS ar fionraí taobh istigh de 17 uair an chloig ó uair a gcruthaithe ar an suíomh meán sóisialta.

Dúradh sa staidéar, áfach, go ndírítear an oiread sin ar chuntais a bhaineann le ISIS go bhfuil grúpaí foréigneacha jihadi eile an-láidir fós ar na meáin shóisialta.

Rinneadh anailís ar 57,574 giolc ó 722 cuntas a thacaigh le ISIS agus ar 62,156 giolc ó 451 cuntas jihadi ‘eile’ le linn an staidéir. Aithníodh difríocht idir an tionchar a bhí ag an iarracht ar na cuntais ISIS agus an tionchar ar na cuntais eile sin.

Éiríonn le cuntais jihadi nach bhfuil baint acu le ISIS a shé oiread giolcacha a chur amach agus a éiríonn le cuntais a bhaineann le ISIS agus éiríonn leo a 13 oiread leantóirí a fháil. Fuarthas nár cuireadh isteach ach ar 1% de na cuntais sa chatagóir ‘jihadi eile’ sa chéad chúig lá i ndiaidh  gcruthaithe le hais 25% de chuntais ‘ISIS’ a bheith curtha ar fionraí sa tréimhse chéanna.

Léiríodh sa staidéar, freisin, nach bhfuil i Twitter ach gné amháin de líonra mór meán sóisialta a úsáideann lucht jihad agus ISIS le dul i bhfeidhm ar dhaoine ar fud na cruinne. Fuarthas ábhar a bhaineann le jihad agus le ISIS ar 40 suíomh eile le linn an staidéir, GoogleDrive, YouTube agus suíomhanna aitheanta eile ina measc.

Moladh sa staidéar go ndéanfadh daoine anailís ar na sonraí a bhailítear ar chórais meán sóisialta le bac a chur ar scaipeadh na bolscaireachta.

Dúradh freisin gur cheart díriú ar ghrúpaí nach bhfuil baint acu le ISIS agus ar líonraí jihadi trí chéile, go háirithe Hayat Tahrir al-Sham.

Fág freagra ar 'Twitter ‘ag cur isteach’ ar fheachtas bolscaireachta ISIS – taighde ó DCU'