Ceol binn an chúpla

Labhraíonn na deirfiúracha Julie agus Branwen Kavanagh as contae an Chláir le Tuairisc.ie faoina ngrúpa Twin Headed Wolf atá ag mealladh idir lucht féachana agus léirmheastóirí lena n-armóiní neamhshaolta

 

Chuaigh folk milis-searbh Twin Headed Wolf i bhfeidhm go mór ar dhaoine ag féilte éagsúla i mbliana. Pictiúr: Myriam Riand
Chuaigh folk milis-searbh Twin Headed Wolf i bhfeidhm go mór ar dhaoine ag féilte éagsúla i mbliana. Pictiúr: Myriam Riand

Labhraíonn na deirfiúracha Julie agus Branwen Kavanagh as contae an Chláir le Tuairisc.ie faoina ngrúpa Twin Headed Wolf atá ag mealladh idir lucht féachana agus léirmheastóirí lena n-armóiní neamhshaolta

“Bhíomár inár gconaí lenár seantuismitheoirí go dtí go rabhamar naoi mbliana d’aois, agus ba mhór an ionspráid dúinn ár seanathair agus na nósanna aite a bhí aige. Do chumadh sé amhráin ag am bricfeasta gach maidin.”

Tá Julie Kavanagh ag tabhairt miniú ar fhréamhacha Twin Headed Wolf, an grúpa folk iarnua-aoiseach a bhunaigh sí féin agus a leathchúpla comhionann, Branwen, de thimpiste siar sa bhliain 2011. Tógadh in Iarthar Chontae an Chláir deirfiúracha Kavanagh agus bhí tionchar mór ag na scothcheoltóirí ar fad a bhí ag maireachtaint sa dúiche orthu.

“Bhíodh seisiúin sa tigh ag ár máthair”, arsa Julie, “Is dá leanfaidís ar aghaidh déanach san oíche, dhúisíodh sí sinn, uaireanta, chun éisteacht lena cairde nó chun amhrán a rá dóibh”.

Ach a dtuigfidh tú gur file í an mháthair chéanna a raibh bailiúchán cuimsitheach, ilchinéalach de dhlúthdhioscaí aici, gheobhaidh tú blaiseadh den chúlra as ar fáisceadh an bheirt deirfiúracha, a gceol suaithinseach agus a liricí fuinte.

Díol suntais ba ea folk milis-searbh Twin Headed Wolf dóibh siúd go raibh sé d’ádh orthu iad a chlos ag féilte ceoil i mbliana, ón Electric Picnic go dtí An Iorua. Thagair an iris The Spectator d’armóiní neamhshaolta na beirte mar cheann d’iontais na féile Glastonbury, áit a ndeineadar ocht ngig ar fad.

“Is dócha go mbainfaimid taitneamh as an dorchadas a chur taobh leis an aoibhneas, sa mhéid is go mbíonn armóiní aoibhne á gcanadh againn agus sinn ag plé le liricí dorcha”, arsa Julie.

“Tá spéis againn sa phróiseas ina ndéantar rud álainn de dhorchadas an tsaoil trína aithint go bhfuil an dá thaobh de nádúr an duine ann.”

Cuireann deirfiúracha Kavanagh an déscaradh úd i láthair go fíordhrámatúil i seó amharclannaíochta Twin Headed Wolf, a léirítear i gcomhar le bunchompántas d’ochtar déag. Tá rian de dheasghnátha an vúdú, den vaudeville, den tarot agus de mhiotaseolaíocht na nGael le sonrú sa seó. “Bímíd ag iarraidh an lucht féachana a thabhairt linn, fuadach a dhéanamh orthu más maith leat, agus domhain úra a thógaint timpeall orthu,” a deir Julie.

“Ní cúis imní dúinn go mbeadh an lucht féachanna míchompórdach nó amhrasach faoin treo ina mbeadh an seó ag dul. Tá fonn orainn iad a thumadh in eispéireas ar leith. Roghnaímid téamaí agus traidisiúin dhifriúla chun na hamhráin a chur in iúl gach uair,” a deir Julie. “Is daoine sinn atá báite sa rud físiúil; mairimid i ndomhain fhísiúla ar leith agus ár gceol á sheimint againn. Baineann gach amhrán le réimse faoi leith den saol, agus le castacht an tsaoil sin.”

Tá gnáthghigeanna beirte Twin Headed Wolf chomh meallacach céanna. Is ait agus is iontach na na huirlísí mar an kalimba, an waterphone agus an spoonophone a bhíonn ar stáitse leo. Tugann Branwen faoi shábh siúinéara le bogha chun nótaí creathúla a bhaint as, agus baintear úsáid as gach rud ó photaí tae go trumpa chun lúbadh a dhéanamh ar a n-armóiní gutha.

“Is gné bhunúsach dár n-amhráin an modhnú gutha.
Bíonn siosarnach ag an gcorn, mar shampla, a shamhlófá le seanghramafón, agus bíonn mar a bheadh creathán tremolo ag an gcrúiscín.