Twibbon #GaelVóta seolta ag Conradh na Gaeilge

Tá iarrtha ag an gConradh an Twibbon, ar a bhfuil an haischlib #GaelVóta, URL an fheachtais agus grafaic de pháipéar ballóide ar a bhfuil na focail ‘Gaeilge’ agus ‘Gaeltacht’, a chur lena bpictiúr próifíle ar Twitter agus ar Facebook

Conradh Gael Vóta

Tá Twibbon nua curtha ar bun ag Conradh na Gaeilge ar na meáin shóisialta le tacú lena bhfeachtas #GaelVóta roimh lá na vótála san olltoghchán Dé hAoine.

Anuas air sin, tá liosta de na hiarrthóirí uile a thug geallúint uathu go dtacóidís le trí héileamh an Chonartha dá dtoghfaí iad foilsithe ar líne ag an gConradh, mar aon leis na hiarrthóirí nár thug an gheallúint chéanna.

Tá iarrtha ag an gConradh an Twibbon, ar a bhfuil an haischlib #GaelVóta, URL an fheachtais agus grafaic de pháipéar ballóide ar a bhfuil na focail ‘Gaeilge’ agus ‘Gaeltacht’, a chur lena bpictiúr próifíle ar Twitter agus ar Facebook.

Tá Fianna Fáil, Sinn Féin agus An Comhghuaillíocht Frith-Dhéine tar éis a gcuid tacaíochta a thabhairt d’éilimh an Chonartha go gceapfaí Aire Sinsearach le Gaeilge a mbeadh cúram sonrach na Gaeltachta agus na Gaeilge air, go dtabharfaí maoiniú breise d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge agus go mbunófaí coiste buan Oireachtais a phléifeadh le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Tá sí mar aidhm ag an gConradh an pobal a chur ar an eolas faoi sheasamh na n-iarrthóirí agus na bpáirtithe polaitíochta maidir le cúrsaí teanga roimh an olltoghchán Dé hAoine.

D’oibrigh Conradh na Gaeilge i gcomhar le grúpaí pobail áitiúla ar fud na tíre chun fóraim áitiúla ghnímh a reáchtáil i 25 contae in Éirinn go dtí seo mar chuid den fheachtas #GaelVóta, agus rinneadh teagmháil le gach iarrthóir maidir le héilimh an Chonartha.

“Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar vótálaithe áitiúla – iad siúd atá ina gcainteoirí líofa Gaeilge, iad siúd atá ag foghlaim na teanga, nó go deimhin iad siúd le bá ar bith don teanga – chun na héilimh seo a chur chun cinn leis na hiarrthóirí ar fad atá ag seasamh sna toghcheantair s’acu,” a dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán an Chonartha.

Fág freagra ar 'Twibbon #GaelVóta seolta ag Conradh na Gaeilge'