Tús ré nua i gcultúr na mBascach agus deireadh le feachtas ETA

Más fíor nach bhfuil arm ná urchar fágtha ag an eagras treallchogaíochta ETA, tá deireadh feasta le feachtas fuilteach na mBascach ba chúis le bás 829 duine idir 1968 agus 2010

Tús ré nua i gcultúr na mBascach agus deireadh le feachtas ETA

Tá dí-armáil ‘iomlán’ déanta ag ETA (Euskadi Ta Askatusuna). Idir an 6 agus an 7 lá d’Aibreán,  bhailigh póilíní na Fraince na scórtha arm, mar aon le pléascáin a raibh na céadta cileagram meáchain iontu. Is amhlaidh a tugadh seoladh ocht stór arm do na húdaráis in Iardheisceart na Fraince. De réir na n-urlabhraithe, níl arm ná urchar fágtha ag an eagras treallchogaíochta anois. Más fíor sin, rud is dóichí, tá deireadh feasta le feachtas fuilteach na mBascach ba chúis le bás 829 duine idir 1968 agus 2010.

Is i 1958 a tháinig ETA ar an bhfód. Neamhspleáchas polaitiúil do Thír na mBascach an sprioc a bhí acu. Bhí riail deachtóireachta An Ghinearáil Francisco Franco i bhfeidhm sa Spáinn ag an am, riail a mhair ó 1939 go dtí 1975 nuair a fuair Franco bás. I dtús ama, is eagras réabhlóideach Marxach a bhí in ETA. Tá dhá chuid sa tsiombail atá ag an eagras: tua a bhfuil nathair á lúbadh féin timpeall uirthi. An tua, sin í an lámh láidir, an nathair sin í an chiall.

Ba í 1980 an bhliain ba mheasa foréigean i stair ETA. Maraíodh 118 duine an bhliain sin. Fágadh máchailí ar a thuilleadh. Chuir an t-eagras daoine eile á gciapadh. Bhí córas brúidiúil, éifeachtach acu le maoiniú a chinntiú dá gcuid ionsaithe. An feachtas a bhí á riar acu i rith na mblianta sin, bhí gaol aige le himeachtaí Chogadh na gCarad sa Spáinn (1936-39) nuair ba í an lámh láidir a bhí in uachtar.

De réir a chéile áfach, ba léir do Thír na mBascach nach raibh toradh fónta ar an bhforéigean. Níor ghéill rialtas na Spáinne orlach don eagras, agus ba léir nach ngéillfeadh. Bhí an scoilt ag méadú idir an pobal agus an t-eagras. Sa mbliain 1978 más ea, bunaíodh Herra Batasuna, eite pholaitiúil a bhí ar aon sprioc le ETA. Sa mbliain 2006, phléasc ETA carr in aerfort Madrid, agus maraíodh beirt as Eacuadór. Sin í an phléasc a chuir ding idir ETA agus Herra Batasuna.

D’fhógair ETA sos cogaidh agus tús dí-armála sa mbliain 2011. Ó shin i leith, tá dí-armáil á beartú. In 2016, ghabh póilíní na Fraince tuilleadh arm, agus gabhadh na daoine a raibh na hairm ina seilbh acu, daoine sinseartha i saol na mBascach. Ag tabhairt na n-arm ar láimh do na póilíní a bhí siadsan, de réir a leagan féin den scéal.

An bhfuil deireadh le ETA más ea? Níor thug siad fógra scoir. Níor baineadh an t-eagras as a chéile fós. De réir na bhfoinsí eolais, níl ach fiche ball ann feasta. Ach tá ceist mhór na gcimí ann. Tá tuairim is 350 cime de chuid ETA i 45 príosún sa bhFrainc agus sa Spáinn faoi láthair. Ní mian le ETA an t-eagras a bhaint ó chéile go hiomlán gan ceist na gcimí a réiteach. Murar féidir iad a scaoileadh saor, ba cheart iad a thabhairt le chéile in aon phríosún amháin, nó i líon beag príosún, dar le baill de chuid an eagrais, de réir na dtuairiscí i bpáipéir na Fraince.

Is cinnte gur tús ré nua i gcultúr na mBascach atá sa mbliain 2017. Ní hamháin go bhfuil deireadh le feachtas ETA, ach, faoi mar a tuairiscíodh i Tuairisc.ie mí Eanáir seo caite, bunaíodh ‘contae’ ar leith i gcóir na mBascach sa bhFrainc Lá Caille seo caite. (Féach Lá chomh stairiúil leis ní raibh i dTír na mBascach ó bhí Réabhlóid na Fraince ann). Ar an 23 d’Eanáir seo caite, toghadh an tUasal Jean-René Etchegaray, méara Baiona/Bayonne, ina uachtarán ar Chomhairle Thír na mBascach sa bhFrainc.

Fág freagra ar 'Tús ré nua i gcultúr na mBascach agus deireadh le feachtas ETA'