Tús maith Fitzmaurice, meirg Walsh – a raibh le foghlaim ó thús na sraithe

Cuireadh tús leis an tSraith Náisiúnta Peile ag an deireadh seachtaine. Caitheann Tuairisc.ie súil ar chuid de na scéalta is suimiúla

Tús maith Fitzmaurice, meirg Walsh – a raibh le foghlaim ó thús na sraithe

Eamon Doherty agus Barry John Keane. INPHO/Presseye/Lorcan Doherty

Tús maith déanta den chéad uair ag Fitzmaurice

Den chéad uair ó tháinig sé isteach mar bhainisteoir Chiarraí in 2013, tá a gcéad chluiche sraithe buaite ag Ciarraí faoi cheannas Éamonn Fitzmaurice. Trí phointe a bhí mar fharasbarr acu ar na Conallaigh, 2-17 in aghaidh 1-17, ach déanta na fírinne, bhí sé i bhfad níos boige ná sin ag na Muimhnigh.

Bhí baint mhór ag cliseadh Chiarraí sa chéad bhabhta le tamall de bhlianta anuas le cumas na bhfoirne a raibh orthu aghaidh a thabhairt orthu sa chéad bhabhta: Maigh Eo in 2013 agus in 2015 agus Baile Átha Cliath in 2014 agus 2016.

Ceann de na cúiseanna a bhí le teip Chiarraí sna blianta sin ná gur mhinic dóibh dul ar saoire mí Eanáir agus nach mbídís ar ais ag traenáil ach ar éigean faoin am a dtiocfadh an tsraith. An uair seo, is roimh an Nollaig, a thóg imreoirí Fitzmaurice a mbriseadh thar sáile agus tá leas á bhaint acu as an traenáil bhreise atá déanta acu le roinnt seachtainí anuas.

Fágann an méid sin, an fuinneamh atá ag imreoirí óga na foirne agus an ceithre chluiche baile atá fágtha acu sa tsraith, go bhfuil an-seans ag Ciarraí cluiche ceannais na sraithe a bhaint amach arís in 2017.

Feabhas de dhíth ar Armstrong agus Walsh

Imreoir na Gaillimhe, Seán Armstrong. INPHO/James Crombie

Ba é an cluiche idir Corcaigh agus Gaillimh i bPáirc an Phiarsaigh inné an cluiche ba mhó i Roinn 2 na Sraithe Náisiúnta Peile an deireadh seachtaine seo. Chonaic an lucht tacaíochta i mBóthar na Trá beirt de na himreoirí faoi aois ab fhearr a bhí ag na contaetha sin le roinnt blianta anuas agus iad ag filleadh ar fhoirne na sinsear.

D’iománaithe Chorcaí amháin a bhí Aidan Walsh ag imirt le cúpla bliain anuas, ach d’imir sé a chéad chluiche ón mbliain 2014 d’fhoireann peile an chontae inné. Ar an gcaoi chéanna, bhí geansaí na Gaillimhe á chaitheamh arís ag Seán Armstrong tar éis briseadh dhá bhliain. Ba léir, áfach, go raibh an bheirt acu as cleachtadh  agus meirg ar a gcuid imeartha.

Bhí Armstrong, agus é le hais Michael Meehan, ar cheann de na himreoirí ab fhearr ar fhoireann Faoi 21 na Gaillimhe a bhuaigh Craobh na hÉireann in 2005, ach is annamh a bhain sé barr a chumais amach leis na sinsir ina dhiaidh sin.

Ceann de na gearáin ba mhó a bhíodh ag daoine faoi ná go mbíodh sé rófhada amach ón gcúl go minic agus gan mórán tionchair aige ar an imirt dá bharr. Faraor, ba é an rud céanna a bhí á dhéanamh aige inné agus más faoi rath níos mó a bheith air ina dhara seal leis an bhfoireann ná mar a bhí le linn a chéad sheala, caithfidh Armstrong an cur chuige sin a athrú.

Maidir le Aidan Walsh, is léir go gcaithfidh sé tuilleadh cluichí a imirt sula mbeidh sé ar a sheanléim arís. Cé go raibh sé lárnach san imirt sa chéad leath, rinne sé cúpla botún bunúsach nach mbeadh tú ag súil leo ó imreoir a bhfuil dhá ghradam All-Star buaite aige dá ghaiscí peile. Má éiríonn leis an mheirg sin a bhaint dá chuid scileanna, is mór an leas a dhéanfaidh sé do Chorcaigh.

Fág freagra ar 'Tús maith Fitzmaurice, meirg Walsh – a raibh le foghlaim ó thús na sraithe'