Tús iontach do Chúige Laighean ach géarghá ag na Connachtaigh le pointí

Tá na Laighnigh ag dul chun páirce san Afraic Theas arís inniu agus na Muimhnigh as baile freisin i nGlaschú

Tús iontach do Chúige Laighean ach géarghá ag na Connachtaigh le pointí

Pictiúr: INPHO/Ryan Wilkisky

Tá na Laighnigh ag dul chun páirce san Afraic Theas arís inniu don dara huair in imeacht seachtaine.

Beidh siad ag imirt i gcoinne na Cheetahs in aeráid na n-ardtailte in Bloemfontein mar a mbíonn an t-aer tanaí. Bhuaigh an fhoireann sin a gcéad cluiche sa gcomórtas Pro 14 Dé Sathairn seo caite. Dar ndóigh níorbh aon cúis mhór iontais an bua sin a bhí ag na Cheetahs ar Zebre, foireann atá ar cheann de na foirne is laige sa gcomórtas le cúpla séasúr anuas.

Mar sin féin is cinnte gur spreagadh a bheas sa mbua sin d’fhir na hAfraice agus iad ag tabhairt faoi fhoireann as Cúige Laighean agus an t-uafás imreoirí ar ardchaighdeán ar iarraidh uathu. Chreid go leor go mbeadh an lá go héasca leis na Laighnigh ina gcéad chluiche san Afraic i gcoinne na Kings seachtain ó shin agus sin díreach mar a tharla. Mar sin féin, is léir ón méid atá feicthe againn go dtí seo go bhfuil bearna mhór idir na Kings agus na Cheetahs, rud a fhágann nach mbeidh tada éasca ag baint leis an dúshlán atá roimh na Laighnigh sa gcluiche seo. Go deimhin má éiríonn leo ceithre phointe a thabhairt abhaile leo beidh an tús is fearr a rinne aon fhoireann riamh sa gcomórtas déanta ag Cúige Laighean.

Beidh na Muimhnigh as baile freisin tráthnóna agus iadsan i nGlaschú le tabhairt faoi na Warriors. Ní scarann ach an t-aon phointe amháin an dá fhoireann seo ar chlár na scór i Roinn A. Tá trí chluiche as a chéile buaite ag an dá thaobh ach is iad na Muimhnigh atá in uachtar de bharr go bhfuil níos mó pointí bónais aimsithe acu. Seans gurb é seo an cluiche is fearr a bheas á imirt i mBabhta 4, agus is cinnte go mbeidh tionchar ag an toradh ar an tábla, ní hamháin faoi láthair ach amach anseo freisin. Tá dúshlán ollmhór roimh na Muimhnigh sa gceann seo, ach tá siad ag imirt thar barr faoin láthair agus stíl imeartha a thugann seans ar bhua dóibh, fiú agus iad as baile.

Sa mbaile a bheas na hUltaigh don dara deireadh seachtaine as a chéile an Aoine seo, iad ag cur fáilte roimh na Dragons, foireann a fuair an ceann is fearr ar na Connachtaigh i mBabhta 3. Is deacair toradh ar bith seachas bua gan stró le ceithre úd a thuar d’fhoireann Bhéal Feirste.

Beidh na Connachtaigh ar an mBóthar Beag amárach, Dé Sathairn, agus iad ag tabhairt faoi Chaerdydd, foireann atá fós ar thóir a gcéad bhua sa gcomórtas seo. Go deimhin ní mórán níos fearr atá scéal na gConnachtach, gan ach bua amháin acu siúd as trí chluiche. Mar sin féin ba cheart go mbeadh fir an iarthair in ann chuile leas a bhaint as buntáiste an bhaile.  Má theipeann orthu beidh siad i gcruachás géar agus gan an comórtas ach ina thús.

Fág freagra ar 'Tús iontach do Chúige Laighean ach géarghá ag na Connachtaigh le pointí'