Tús curtha le vótáil do Ghradam an Réalta Óig ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais

Triúr fear agus ceathrar ban atá ainmnithe do Ghradam Réalta Óg na Bliana 2017. Beifear in ann vóta a chaitheamh dóibh as seo go hOíche Shamhna

Tús curtha le vótáil do Ghradam an Réalta Óig ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais

Is féidir vóta a chaitheamh anois don seachtar atá ainmnithe don ghradam ‘Réalta Óg na Bliana’ ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, a bheidh á mbronnadh ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne ag tús an gheimhridh.

D’fhógair an tOireachtas ar maidin go mbeidh na línte vótála ar oscailt as seo go dtí Oíche Shamhna. Is trí théacs a sheoladh a chaitear vótaí agus tá costas €1/£1 ar vóta.

Triúr fear agus ceathrar ban atá ainmnithe i mbliana agus a bhformhór acu ag saothrú i ngort na meán Gaeilge. Tá Art Parkinson, as Bun an Phobail i dTír Chonaill, aitheanta mar aisteoir sa tsraith cháiliúil teilifíse Game of Thrones. Is é atá ina ambasadóir ar Sheachtain na Gaeilge i mbliana.

Is as Leitir Ceanainn Caoimhe Ní Chathail, a bhíonn le feiceáil ar Nuacht RTÉ/TG4 agus Meon Eile, agus le cloisteáil ar chláir ar nós Cormac ag a 5 agus Bláthnaid Libh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Bhíodh sí ina láithreoir ar an gclár páistí WAC ar TG4 freisin.

Láithreoir aimsire ar TG4 í Caitlín Nic Aoidh as Cloich Chionnaola i nGaeltacht Thír Chonaill. Ba í a chuir an clár Féilte i láthair i mbliana agus bhain sí cáil dhomhanda amach aimsir na Samhna anuraidh nuair a ‘bhuail’ splanc thintrí í sa stiúideo aimsire. Bhí sraith idirlín ann bunaithe ar an eachtra dar theideal Caitlín Eile.

Tá aithne ag an bpobal ar Sheán Ó Baoill, as Loch an Iúir i nGaeltacht Thír Chonaill, as a chuid oibre mar fhís-iriseoir le Meon Eile agus mar aisteoir i bpáirt ‘Adam’ i Ros na Rún. Tá sé anois ina thuairisceoir ar BBC Thuaisceart Éireann sa tsraith nua cúrsaí reatha ‘An Focal Scoir’. Bíonn sé le cloisteáil go minic ar BBC Raidió Uladh freisin.

Clár-Reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta í Sláine Ní Chathalláin a chaith tréimhse ina láithreoir aimsire le TG4, agus ina haistritheoir Gaeilge. Is amhránaí sean-nóis agus aisteoir stáitse í freisin. Thosaigh sí blag le deireanas le taifead a dhéanamh ar shaibhreas Gaeilge agus cultúir a seanmháthar, ‘Nain’.

Mac léinn de chuid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaillimh é Aindriú de Paor, a bhíonn le cloisteáil go minic ar Cormac ag a 5 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ar An Bricfeasta Blasta ar Raidió na Life.  Tá a chlár féin aige ar RTÉ Pulse darb ainm An Seinnliosta. Bíonn an Tiobraid Árannach ag obair le foireann léiriúcháin an chláir Bláthnaid Libh ar RnaG agus The Marty Squad ar RTÉ Radio One.

Tá Siún Ní Dhuinn anois ag obair le RTÉ mar chomhordaitheoir digiteach Gaeilge, i ndiaidh di tréimhsí a chaitheamh le hOllscoil Mhá Nuad, Gaelchultúr, Foras na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge. Is í atá ina heagarthóir ar As an Nua iris dhátheangach idirlín, agus foilsítear colúin léi i bhfoilseacháin Bhéarla agus Ghaeilge go rialta. An samhradh seo chuir sí tús le Beo, ar Éigean, an chéad phodchraoladh i nGaeilge de chuid RTÉ, atá á léiriú agus á láithriú aici le beirt eile a ainmníodh don ghradam seo cheana, Áine Ní Bhreisleáin agus Sinéad Ní Uallacháin.

Le vóta a chaitheamh, seoltar téacs leis an bhfocal GRADAM agus cód an té a dteastaíonn uait vóta a chaitheamh dó chuig 57003 ó dheas nó chuig 60999 ó thuaidh agus sa Bhreatain.

Seo thíos na cóid:

Caitlín Nic Aoidh: GRADAM101

Aindriú de Paor: GRADAM102

Caoimhe Ní Chathail: GRADAM103

Art Parkinson: GRADAM104

Siún Ní Dhuinn: GRADAM105

Seán Ó Baoill: GRADAM106

Sláine Ní Chathalláin: GRADAM107

Fág freagra ar 'Tús curtha le vótáil do Ghradam an Réalta Óig ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais'

  • Proinsias Mac an Bheatha

    GRADAM105

  • An sprionlaitheoir damánta

    Chaithfinn vóta do Shiún fosta ach amháin go bhfuil mé ró-sprionlaithe leis an euro a chaitheamh ar an ghlaoch…

  • Sally Forker

    Sean o Baoill GREADAM106

  • Tracy Cullen

    Gradam104

  • Art Parkinson

    Gradam104