Tús curtha le próiseas chun dhá chúrsa nua oiliúna do mhúinteoirí a bheidh ag múineadh trí Ghaeilge

Tá an Roinn Oideachais ag obair anois leis an Oifig um Sholáthar Rialtais chun próiseas iomaíochta tairisceana a reáchtáil do dhearadh agus do sholáthar na gcúrsaí nua oiliúna atá geallta sa Pholasaí Oideachais don Ghaeltacht

Tús curtha le próiseas chun dhá chúrsa nua oiliúna do mhúinteoirí a bheidh ag múineadh trí Ghaeilge

Tá tús curtha ag an Roinn Oideachais leis an obair a bhaineann le próiseas tairisceana a chur ar bun do dhá chúrsa nua oiliúna do mhúinteoirí a bheidh ag múineadh trí Ghaeilge.

Bhí cuid mhaith éiginnteachta ann roimhe seo faoi na cúrsaí nua oiliúna do mhúinteoirí, cúrsaí atá geallta sa Pholasaí Oideachais don Ghaeltacht 2017-2022.

I mí Iúil chuir an Roinn Oideachais fógra amach ag lorg eolais ó institiúidí agus eagraíochtaí oideachais faoi conas a d’fhéadfaí tabhairt faoi dhá chúrsa nua a bhunú, ach dúradh go sonrach nach rabhthas réidh go fóill le tairiscintí a lorg don obair agus nach rabhthas cinnte fiú an rachfaí ar aghaidh go dtí céim na tairisceana.

Thug an tAire Oideachais Richard Bruton le fios sa Dáil áfach go raibh a roinn ag obair anois leis an Oifig um Sholáthar Rialtais chun próiseas iomaíochta tairisceana a reáchtáil do dhearadh agus do sholáthar na gcúrsaí nua.

Tá na cúrsaí á mbunú chun cur leis an soláthar múinteoirí bunscoile agus iarbhunscoile atá in ann oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán a chur ar fáil.

Dhá chlár oiliúna Gaeilge do mhúinteoirí atá i gceist: cúrsa B.Ed lánaimseartha ceithre bliana trí mheán na Gaeilge d’ábhar múinteoirí bunscoile agus cúrsa iarchéime páirtaimseartha M.Ed, nó Dioplóma, do bhunmhúinteoirí agus do mhúinteoirí iarbhunscoile.

Níl aon chúrsa ann ó dheas faoi láthair a chuireann oiliúint i nGaeilge ar fáil d’ábhar bunmhúinteoirí agus níl ach clár amháin a chuireann oiliúint i nGaeilge ar fáil do mhúinteoirí iarbhunscoile, an Mháistreacht Ghairmiúil in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Cáileoidh 34 múinteoir iarbhunscoile ón gcúrsa sin don scoilbhliain 2017/18.

Tugadh geallúint sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 go mbunófaí Clár Oiliúna Tosaigh Múinteoirí (OTM) trí mheán na Gaeilge le cur leis an soláthar bunmhúinteoirí a mbeadh oiliúint orthu le déileáil leis na riachtanais ar leith a bhíonn ag scoileanna lán-Ghaeilge. Dúradh sa pholasaí go mbeadh áit ar chúrsa nua do 30 múinteoir in aghaidh na bliana ó 2018/19, ach is beag dóchas atá anois ann go dtarlóidh an méid sin agus gan aon tairiscint á lorg go fóill.

Dúirt an tAire Oideachais Richard Bruton i dtús an tsamhraidh go rabhthas ag súil na tairiscintí don Chlár Oiliúna Tosaigh Múinteoirí a lorg “an samhradh seo” agus go gcuirfí tús leis an gclár nua oiliúna in 2018/2019 nó in 2019/2020.

Sa chás nach gcuirfí tús leis an gclár nua oiliúna go dtí 2019/2020, ní bheadh múinteoirí cáilithe ón gcúrsa nua ceithre bliana go dtí 2024.

D’fhágfadh sé sin nach mbeadh múinteoir ón gclár oiliúna ar fáil do gach scoil Ghaeltachta sa tír go dtí an bhliain 2027. Tá 140 bunscoil sa Ghaeltacht oifigiúil i láthair na huaire agus 30 múinteoir sa bhliain a sholáthrófaí ón gclár nua oiliúna.

Tá imní léirithe cheana ag Gaeloideachas agus eagraíochtaí eile faoin easpa soláthar múinteoirí do scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge.

Fág freagra ar 'Tús curtha le próiseas chun dhá chúrsa nua oiliúna do mhúinteoirí a bheidh ag múineadh trí Ghaeilge'

  • Seán Ó hAodha

    Is maith an scéal é seo don bhunoideachas. Ach tá bearna ollmhór le líonadh maidir le hoiliúint múinteoirí don Ghaeloideachas ag an dara leibhéal. Níl oiliúint iarchéime de chineál ar bith ar fáil chun múinteoirí phraticiúla (Ealaín, Admadóireacht, Corpoideachas, Miotalóireacht, Foirgneolaíocht, Tíos, ) a réiteach chun teagasc trí mheán na Gaeilge.

  • Sean

    ‘Cuir paiste ar pholl’ an cur chuige seo. Nior mhiste paiste a chur ar pholl Bruton.

  • Liam

    https://www.irishtimes.com/culture/2.663/col%C3%A1iste-oili%C3%BAna-l%C3%A1n-ghaeilge-de-dh%C3%ADth-ar-%C3%A1bhar-oid%C3%AD-1.1218145

    Seo alt a bhí san Irish Times 11ú Meitheamh 2008 faoin ábhar seo. Níl athrú ar bith ar an scéal. Ní thuigim cén fáth nach bhfuil feachtas ar shon coláiste oiliúna a bhunú a bheadh ag feidhmiú go h-iomlán i nGaeilge!

  • Mánus

    Is íontach an moladh atá san alt (a luaitear thuas ó 2008 ) le Liam Ó Cuineagáin go mbunófaí coláiste oiliúna bunmhúinteoireachta a ritear trí mheán na Gaeilge. Teastaíonn coláiste dá leithéid freisin chun meánhmúinteoirí le gach saghas ábhar a thraenáil chun a bheith ag múineadh tré mheán na Gaeilge.