Tús curtha le haistriúchán Gaeilge ar an dara leabhar sa tsraith Game of Thrones

Is é Oisín Ó Muirthile, mac léinn i gColáiste na Tríonóide, a chuir Gaeilge ar mhórshaothar George RR Martin anuraidh, agus tá tús curtha aige anois le haistriúchán ar ‘A Clash of Kings’

Tús curtha le haistriúchán Gaeilge ar an dara leabhar sa tsraith Game of Thrones

Tá tús curtha leis an obair aistriúcháin ar an dara himleabhar sa tsraith A Song of Ice and Fire, ar a bhfuil an tsraith cháiliúil teilifíse Game of Thrones bunaithe, ag Oisín Ó Muirthile, an mac léinn óg a chuir Gaeilge ar an gcéad leabhar sa tsraith, Cluiche na Corónach (A Game of Thrones).

Tá Ó Muirthile, atá sa Ghearmáin ar bhliain Erasmus faoi láthair, i mbun céim sa Nua-Ghaeilge agus sa Luath-Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide, ach dúirt sé le Tuairisc.ie go bhfuil sé ag treabhadh leis ar an aistriúchán ar A Clash of Kings, a céadfhoilsíodh i mBéarla i 1998. Ba ar A Clash of Kings a bunaíodh an dara séasúr de Game of Thrones.

“Níl aon sprioc agam faoi láthair, mar tá mé ar bhliain Erasmus faoi láthair agus tá sé deacair an t-am a fháil. Bead in ann díriú níos mó air an bhliain seo chugainn, ach is dóigh liom go mbeidh sé ábhairín níos éasca an ceann seo a dhéanamh ná Cluiche na Corónach.

“Tá an leabhar seo níos mó ná an chéad cheann agus is dóigh go bhfuil níos mó oibre i gceist ach ní fheadar an mbeidh sé chomh dúshlánach céanna. Tá an-chuid focal anois agam ar choincheapa, ainmneacha agus rudaí eile a thagann aníos go rialta sa scéal. Tá an stíl socraithe agus tá an rogha téarmaíochta déanta. Tá tuiscint againn ar an rud a theastaíonn anois, agus is dóigh liom go mbeidh sé níos éasca,” a dúirt Ó Muirthile le Tuairisc.ie.

Dúirt sé go bhfuil an dara leabhar “níos casta ó thaobh teanga de” ach nach bhfuil an chastacht chomh suntasach sin go gcuirfeadh sí isteach ar an obair aistriúcháin.

“Ní dóigh liom go mbeidh an oiread céanna ama i gceist. Tá córas anois agam le tabhairt faoi agus tá ag éirí go maith leis an gcóras sin. Tá an leabhar scríofa ó dhearcadh na gcarachtar éagsúla, bíonn duine nua i gceist le gach caibidil. Dírím ar charachtar amháin agus críochnaím gach caibidil a bhaineann leis an gcarachtar sin sula ndéanaim an chéad cheann eile.

“Déanaim an obair níos tapúla nuair a dhéanaim mar sin é mar bíonn glór an charachtair úr i mo cheann agus is féidir liom a stíl a choimeád. Tá níos lú caibidlí sa leabhar seo ach tá siad níos faide ach is dóigh liom go mbeidh sé níos tapúla,” a dúirt sé.

Is beag aiseolas atá faighte aige féin go pearsanta faoi Cluiche na Corónach ó foilsíodh an bhliain seo caite é, a dúirt Oisín le Tuairisc.ie, ach tá “nótaí breactha síos aige” ó na tráchtanna a rinneadh faoin aistriúchán ar fhóraim éagsúla ar líne.

“Chuala mé níos mó cainte faoi nuair a bhí sé fós le teacht amach. Tá díol an-mhaith ar an leabhar agus deir Leabhar Breac liom go bhfuil ag éirí go han-mhaith leis, ach níor chuala mé féin mórán faoin aistriúchán.

“Tá sé deacair le leabhair mar sin, mar tá na leabhair Bhéarla amuigh le blianta fada. Ní bheadh an hype céanna ann, murab ionann agus teangacha eile, nuair a dhéantar aistriúcháin ar leabhair nua go han-tapaidh. Ní mar sin a bhíonn sé i nGaelainn ach tá roinnt rudaí beaga cloiste agam agus bhreacas síos nótaí ó na tráchtanna ar líne. Bím sásta i gcónaí éisteacht le tuairimí,” a dúirt Ó Muirthile.

Mhínigh sé nach raibh sé ag súil go bhfoilseofaí Cluiche na Corónach nuair a thosaigh sé á aistriú agus é i mbliain na hArdteiste agus nach raibh a fhios aige an mbeadh éileamh ar an dara leabhar nuair a foilsíodh an chéad imleabhar anuraidh.

“Ní rabhas ag súil leis, is tionscadal dom féin a bhí ann ar dtús ach anois is cineál baby de mo chuid atá ann. Bheadh sé go deas leanúint leis, dá mbeadh an t-am agam, agus gach leabhar sa tsraith a chur i nGaelainn ach nílim ag iarraidh aon gheallúint a dhéanamh. D’fhoghlaim mé an t-uafás faoin aistriúchán agus faoi theangacha eile agus an chéad leabhar á dhéanamh agam. Tá ceachtanna foghlamtha agam, agus ba bhreá liom dá mbeadh an t-am agam an rud ar fad a dhéanamh,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Muirthile go raibh spéis san aistriúchán aige i gcónaí agus go bhfuil roinnt mhaith leabhar eile ar mhaith leis Gaeilge a chur orthu dá bhfaigheadh sé an deis, saothair de chuid Terry Pratchett agus Philip Pullman ina measc.

Idir an dá linn, tá lucht leanta na sraithe Béarla ag fanacht go foighdeach ar an gcéad imleabhar eile, The Winds of Winter, agus lucht leanta na sraithe teilifíse ag fanacht ar an séasúr deiridh, a chraolfar taobh istigh de chúpla bliain.

Dúirt Ó Muirthile go mbíonn sé ag coinneáil súil ar an tsraith leabhar agus ar an tsraith teilifíse agus ag féachaint ar na deacrachtaí a d’fhéadfadh a bheith aige leis an obair aistriúcháin amach anseo.

Luaigh sé go sonrach an carachtar Hódar (Hodor i mBéarla). Nuair a chuir Ó Muirthile Gaeilge ar ainm an fhathaigh i Cluiche na Corónach ní raibh a fhios ag lucht féachana na sraithe teilifíse gur “hold-the-door” ba bhunús leis an ainm ‘Béarla’, agus maíonn sé anois go mbeidh air an fhadhb sin a réiteach ar bhealach cruthaitheach.

“Bím ag gearán faoin tsraith teilifíse i gcónaí mar go mbíonn difríochtaí ann, ach shíl mé go raibh sé an-mhaith. Tá mé ag súil go mór leis an gcéad leabhar eile agus beidh sé suimiúil na difríochtaí idir sin agus na séasúir is déanaí a fheiscint.

“Bím ag féachaint ar an dá rud agus ag cuardach rudaí ar nós Hodor agus ‘Hold-the-Door’ agus é sin ar fad. B’fhéidir go mbeinn i bponc fós le cúpla leagan eile!” a dúirt sé.

– Tá Cluiche na Corónach ar fáil ó Leabhar Breac faoi láthair. Níl dáta foilsithe, fógartha don leagan Gaeilge de A Clash of Kings fós

Fág freagra ar 'Tús curtha le haistriúchán Gaeilge ar an dara leabhar sa tsraith Game of Thrones'