Tús curtha inniu le hiniúchadh ar an talamh a dódh le linn tine mhór Chonamara

Táthar ag iarraidh ar an bpobal gan dul chuig na háiteanna sin a dódh a fhad is atá an obair iniúchta ar bun agus fad atá an baol ann go lasfadh na tinte arís

Tús curtha inniu le hiniúchadh ar an talamh a dódh le linn tine mhór Chonamara

Cuireadh tús inniu le hiniúchadh ar na ceantair i gConamara a dódh agus na coillte agus an talamh portaigh timpeall an Chlochbhaile trí thine an tseachtain seo.

Táthar ag iarraidh ar an bpobal gan dul chuig na háiteanna sin a dódh a fhad is atá an obair iniúchta ar bun agus a fhad is atá baol ann go dtosódh na tinte arís.

Tá oibrithe de chuid Coillte agus baill den Arm ar an láthair inniu le súil a choinneáil ar na háiteanna is mó baol ach táthar ag súil go gcabhróidh an aimsir chiúin agus an bháisteach atá geallta leis na tinte a mhúchadh ar fad. Tá héileacaptar ag fanacht sa cheantar freisin agus é faoi réir le cúnamh a thabhairt más gá.

Meastar gurbh í an tine seo i gConamara, sa choill is mó atá in Éirinn, an tine is measa dá sórt le 100 bliain anuas. Thosaigh an tine maidin Dé Sathairn agus bhí an ceantar trí thine ar feadh ceithre lá. I gcaitheamh na laethanta sin, dódh tuairim is 1,600 heicteár den choill agus tuairim is 2,000 heicteár den talamh portaigh.

Bhí roinnt tithe i gceantar Sheanadh Phéistín i mbaol Dé Luain agus Dé Máirt ach d’éirigh leis an seirbhísí éigeandála an tine a cheansú agus ar deireadh thiar, níorbh éigean do mhuintir na háite a dtithe a fhágáil.

Bhí trí héileacaptar ag scairdeadh uisce anuas ar an tine an tseachtain seo. Caitheadh na mílte lítear uisce ar an tine ag iarraidh í a chur faoi smacht.

Bhí Páirc Ghaoithe na Gaillimhe, a bheidh ar an bhfeirm ghaoithe is mó sa tír nuair a bheidh sí críochnaithe ar fad, i mbaol a scriosta i gcaitheamh na seachtaine freisin, ach d’éirigh le Briogáid Dóiteáin na Gaillimhe an áit a chosaint ar na lasracha a bhí 20m ar airde agus i ngiorracht 40m do na tuirbíní gaoithe.

Cé go bhfuil an tine ceansaithe cuid mhaith inniu, dúirt Coillte go mbeidh laethanta ann sula múchfar an tine ar fad agus go bhfuil an baol ann i gcónaí go n-ardódh an ghaoth arís agus go scaipfeadh an tine athuair.

Tá Coillte den tuairim gur tine a lasadh d’aon ghnó ba shiocair leis an loscadh mór millteach cé nach bhfuil údar na tine deimhnithe fós.

Meastar go raibh idir 20 agus 30 tine shléibhe ar lasadh ar fud na tíre an tseachtain seo, ach dúirt Coillte gurbh í tine Conamara an ceann “ba thromchúisí” acu.

Fág freagra ar 'Tús curtha inniu le hiniúchadh ar an talamh a dódh le linn tine mhór Chonamara'