Tús curtha ag Údarás na Gaeltachta le Príomhfheidhmeannach nua a earcú

Tiocfaidh deireadh le conradh Phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Steve Ó Cúláin ar an 31 Bealtaine 2017

Tús curtha ag Údarás na Gaeltachta le Príomhfheidhmeannach nua a earcú

Tá tús curtha ag Údarás na Gaeltachta leis an bpróiseas maidir le Príomhfheidhmeannach nua a cheapadh.

Tiocfaidh deireadh le conradh Phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Steve Ó Cúláin, ar an 31 Bealtaine 2017 agus tuairiscíodh ar Nuacht TG4 tráthnóna gur shocraigh Bord an Údaráis Dé hAoine seo caite tús a chur leis an bpróiseas a bhaineann le Príomhfheidhmeannach nua a cheapadh.

Conradh cúig bliana a bronnadh ar Steve Ó Cúláin, arb as Both Chuanna ar an Spidéal dó ó dhúchas, agus nuair a chuir Nuacht TG4 ceist air le déanaí an mbeadh sé ag lorg síneadh ama leis an gconradh sin dhiúltaigh sé an cheist a fhreagairt.

Thug comhalta boird de chuid an Údaráis le fios do Nuacht TG4 gur socraíodh tús a chur leis an bpróiseas earcaíochta do phost an Phríomhfheidhmeannaigh ag cruinniú de chuid an Bhoird Dé hAoine seo caite.

Dúirt urlabhraí de chuid an Údaráis le Nuacht TG4, nach raibh “caint ar bith” faoin scéal ag an gcruinniú boird céanna.

Thug an comhalta boird le fios, áfach, gur ag seisiún príobháideach le linn an chruinnithe, seisiún nach raibh feidhmeannaigh an Údaráis i láthair aige, a socraíodh go gcuirfí tús leis an bpróiseas earcaíochta.

Agus deireadh ag teacht le conradh Steve Uí Chúláin, d’iarr Tuairisc.ie ar Roinn na Gaeltachta ag deireadh na míosa seo caite cad iad na socruithe agus treoracha a bhíonn i gceist le post Phríomhfheidhmeannaigh Údarás na Gaeltachta.

Dúradh linn gur “cheist phearsanta agus, go deimhin, phríobháideach í seo”  agus nach mbeadh “sé iomchuí a thuilleadh a rá faoi ag an bpointe seo”.

Cheistigh Tuairisc.ie an freagra sin ar an mbonn nár bhain an t-eolas a bhí uainn le haon duine amháin ach le post in eagraíocht a thagann faoi scáth na Roinne, ach níor thug an Roinn aon fhreagra ar an gcomhfhreagras sin.

Fág freagra ar 'Tús curtha ag Údarás na Gaeltachta le Príomhfheidhmeannach nua a earcú'