Tús an tsamhraidh tagtha le Craobhacha na Mumhan agus Uladh

Cuirfear tús le Craobh Iomána na Mumhan inniu agus Tiobraid Árann agus Corcaigh ag tabhairt aghaidh ar a chéile i nDurlas. Níos luaithe, imreoidh Tír Eoghain in aghaidh Dhoire i gCraobh Peile Uladh

James Barry agus Patrick Horgan. Pictiúr: ©INPHO/Lorraine O'Sullivan
James Barry agus Patrick Horgan. Pictiúr: ©INPHO/Lorraine O’Sullivan

Tiobraid Árann v Corcaigh, Staid Semple, 4i.n.

Cuirfidh teacht le chéile Thiobraid Árann agus Chorcaí i nDurlas tráthnóna borradh faoi chraobh iomána na bliana seo. Cé go bhfuil roinnt cluichí imeartha i gcúige Laighean go dtí seo, bua bog Bhaile Átha Cliath ar Loch Garman aréir san áireamh, is le Craobh na Mumhan, agus an stair uile atá ag baint léi, a chuirtear tús ceart leis an samhradh.

Fathaigh an chúige a thiocfaidh le chéile i bPáirc Semple inniu agus tá Corn na Mumhan buaite níos minice ag na foirne seo ná atá ag aon chontae eile. Is cinnte, áfach, nach bhfuil barr a réime sroichte ag ceachtar contae le roinnt blianta anuas.

Beidh beirt bhainisteoirí nua ar an taobhlíne inniu, Michael Ryan ag Tiobraid Árann agus Kieran Kingston ag Corcaigh, ach breathnaíonn sé gur roimh Kingston a bheidh an dúshlán is mó más faoi a chontae a chur ar ais san iomaíocht do Chorn Mhic Cárthaigh.

Níor éirigh go maith leo sa tsraith, chaill siad gach cluiche go dtí gur bhuaigh siad ar Ghaillimh sa chluiche dícháilithe, bua a chiallaíonn go gcoinneoidh siad a n-áit i Roinn 1A.

Cé go dtabharfaidh sé misneach do Chorcaigh gur bhuaigh siad an cluiche sin i bPáirc an Phiarsaigh nuair a bhí bua ag teastáil go géar uathu ach beidh imní orthu go bhfuil siad fós ag géilleadh an iomarca scór, 28 pointe ar an meán i rith na sraithe.

Níl aon dabht ann ach go mbeidh cosantóir le cois, nó beirt fiú, in úsáid ag Kingston i gcoinne Thiobraid Árann, go háirithe agus an cumas atá i dtosaithe an fhreasúra. Cé nár bhuaigh Tiobraid Árann ach dhá chluiche i Roinn 1A, ba iad príomhscórálaithe na roinne iad ag an deireadh.

Tá Noel McGrath ar fáil arís do Michael Ryan, chomh maith le Seamus Callanan, a chaill cuid mhaith den tsraith de bharr gortaithe. Cé gurb iad a bhuaigh Craobh na Mumhan anuraidh, ní raibh Tiobraid Árann i mbarr a maitheasa, mar ba léir nuair a fuair Gaillimh an ceann is fearr orthu i gcluiche leathcheannais na hÉireann.

B’in ceann de na naoi gcluiche mhóra atá caillte ag na Tiobradaigh ó 2013 nach raibh ach trí phointe nó níos lú eatarthu féin agus an freasúra agus sin laige a bheidh Ryan ag iarraidh a leigheas i mbliana.

Tá obair le déanamh ag an dá fhoireann i mbliana ach tá bonn níos láidre faoi Thiobraid Árann le cúpla bliain anuas agus mar gheall air sin, ba cheart go mbeadh an buntáiste acu tráthnóna.

Rogha Tuairisc.ie: Tiobraid Árann

 Emmett Bradley agus Conor Clarke. Pictiúr: ©INPHO/Presseye/Andrew Paton

Emmett Bradley agus Conor Clarke. Pictiúr: ©INPHO/Presseye/Andrew Paton

Doire v Tír Eoghain, Páirc na gCeilteach, 2i.n.

Cosúil le Craobh Iomána na Mumhan, is í Craobh Peile Uladh a chuireann tús ceart leis an gcraobh sa pheil agus cé gur imir Fear Manach agus Aontroim a chéile an deireadh seachtaine seo caite, is é cluiche an lae inniu an chéad cheann a chorróidh daoine seachas lucht an dá chontae sin.

Tar éis dóibh cúpla bliain a chaitheamh ar an imeall, tá Tír Eoghain á áireamh an athuair mar cheann de mhórfhoirne na craoibhe. Bhain siad an cluiche ceathrú ceannais amach anuraidh, agus an-triail curtha acu ar Chiarraí ann, agus iad ina rogha na coitiantachta anois chun craobh an chúige a thabhairt leo, gaisce nach bhfuil déanta acu ó 2010.

Tá Mickey Harte, atá i gceannas ar an gcontae ó dheireadh 2002, agus meascán maith aige anois idir imreoirí óga, ar nós Darren McCurry agus Tiernan McCann, agus imreoirí a bhfuil an-chuid taithí acu, cosúil le Peter Harte, muintir McMahons agus muintir Cavanagh.

Mar gheall ar an luas a thugann na himreoirí óga sin don fhoireann, tá siad thar a bheith dainséarach ar an bhfrithionsaí, rud a léirigh siad i Roinn 2 den tsraith peile i mbliana. Bhuaigh siad an roinn sin gan cluiche amháin féin a chailleadh agus is cinnte go mbeidh siad sásta leis an ullmhúchán a rinneadh i rith an earraigh.

Ní bheidh Damian Barton agus Doire chomh sona céanna. Is ar éigean a choinnigh siad a n-áit i Roinn 2, ach a bhuíochas de dhifríocht scóir a tháinig siad slán. Ina theannta sin, tá an painéal fágtha ag roinnt imreoirí le tamall anuas, Benny Heron ina measc.

Naoi bpointe a bhí mar fharasbarr ag Tír Eoghain nuair a chas na foirne seo ar a chéile sa tsraith agus tá an chuma ar an scéal gurb iad foireann Mickey Harte a bheidh chun cinn arís tráthnóna.

Rogha Tuairisic.ie: Tír Eoghain

Fág freagra ar 'Tús an tsamhraidh tagtha le Craobhacha na Mumhan agus Uladh'