Tús á chur le plean ‘Bliain na Gaeilge’ a dhéanamh den bhliain 2018

Tá tús á chur faoi láthair ag Conradh na Gaeilge leis an bpleanáil le haghaidh ‘Bliain na Gaeilge 2018’ agus seisiún eolais agus pleanála beartaithe acu don mhí seo chugainn

Tús á chur le plean ‘Bliain na Gaeilge’ a dhéanamh den bhliain 2018

Tá sé i gceist ag Conradh na Gaeilge ‘Bliain na Gaeilge’ a cheiliúradh in 2018, tráth a mbeidh an eagraíocht teanga 125 bliain ar an bhfód.

Ba in 2013 a bhí ceiliúradh ‘Bliain na Gaeilge’ go deireanach ag an gConradh.

Tá tús á chur faoi láthair ag an eagraíocht leis an bpleanáil le haghaidh ‘Bliain na Gaeilge 2018’ agus seisiún eolais agus pleanála beartaithe acu don mhí seo chugainn.

Deir an eagraíocht go dtabharfaidh ‘Bliain na Gaeilge’ aitheantas “don dul chun cinn ar fad atá déanta ag gach grúpa le 125 bliain anuas leis an nGaeilge a chaomhnú, a bhuanú agus a chur chun cinn”. Maítear gur “deis ollmhór” a bheidh ann an teanga a chur chun cinn “i slí nua-aoiseach, dearfach”.

Táthar ag súil go mbeidh gach scoil, coláiste tríú leibhéal, grúpa teanga agus údarás áitiúil, thuaidh agus theas, páirteach sa cheiliúradh. Táthar ag súil chomh maith go nglacfaidh eagraíochtaí ar nós CLG agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann páirt sa cheiliúradh agus go gcuirfidh grúpaí eile, ar nós IBEC agus Gasóga na hÉireann, “nach mbíonn aitheanta leis an nGaeilge de ghnáth” suim sa phlean.

Beidh seisiún eolais agus plé faoi ‘Bliain na Gaeilge’ ar siúl i gceannáras Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar an 14 Meán Fómhair.

Fág freagra ar 'Tús á chur le plean ‘Bliain na Gaeilge’ a dhéanamh den bhliain 2018'

  • Fear Galltachta

    Tá fonn orthu an Ghaolainn a “cheiliúradh” is a “chur chun cinn” i slí “nua-aoiseach, dearfach” uair amháin eile, an ea?

    Is mór an trua ná fuil fonn ar an dté a scríobhann preasráitis an Chonartha stórchiste Ghaolainne a cheannach…