Tús á chur le comhdháil litríochta amárach i mBaile Átha Cliath

Déanfar scagadh ar an bhfealsúnacht agus an tsíceolaíocht a ghabhann le litríocht na Gaeilge ag an gcomhdháil 'Meanmanra' i gClub na bPíobairí Uilleann amárach


rodin-thinker-detail-upper-body-right-side-landscape-view

Cuirfear tús amárach leis an gcomhdháil ‘Meanmanra’ i gClub na bPíobairí Uilleann i mBaile Átha Cliath. Ag lábhairt dó níos túisce an tseachtain seo, mhínigh duine de lucht eagraithe na comhdhála, Seaghan Mac an tSionnaigh, gurb é atá i gceist leis an bhfocal ‘meanmanra’ ná an cumas atá sa duine machnamh a dhéanamh ar pé ábhar a ndíríonn sé air.

Scagadh ar an bhfealsúnacht agus ar an tsíceolaíocht a ghabhann le litríocht na Gaeilge atá sa chomhdháil seo, más ea, agus féachfar leis an bhfealsúnacht sin a aimsiú agus a chur trí chéile i sraith cainteanna a bheidh ar siúl go dtí 5.00 pm amárach.

Ina measc siúd a chloisfear ag tabhairt cainte uathu, tá Caitríona Ní Shíocháin, Tom Boland, an tOllamh Máire Ní Annracháin, agus an scríbhneoir Duibhneach Pádraig Ó Cíobháin. Féachfaidh siad sin agus cainteoirí eile leis an tsiceolaíocht atá laistiar de théacsanna Gaeilge a chur ar a shúile do lucht léitheoireachta na Gaeilge agus a míniú féin orthu a roinnt leo.

Is mar gheall ar an easpa plé ar theoiric i litríocht na Gaeilge, dar le Mac an tSionnaigh, a beartaíodh an chomhdháil seo a chur ar siúl, i measc cúiseanna eile.

Tá an Francach mná Marie Pascale ag tabhairt cainte ina teanga dhúchais amárach chomh maith agus déanfar ateangaireacht as Gaeilge ar an gcaint sin.

Tá saorchead isteach go dtí an chomhdháil agus lón ar fáil ar €10.PO Ciobhain

Seo a leanas clár na comhdhála:

10:00 – 10:30 Tríona Ní Churtáin: Tar Éis a Bháis: Fealsúnacht an Bháis i Réamhrá Eireaball Spideoige.

10:30 – 11:00 Risteárd Mac Annraoi: An Fhealsúnacht agus Fadhbanna Fealsúnta sa Ghaeilge.

11:00 – 11:30 Caitríona Ní Shíocháin agus Tom Boland:  ‘Iomar doimhin na saoirse’ agus ‘the abyssal depths’: aisling ghéar Samuel Beckett agus Sheáin Uí Ríordáin ar eispéireas na suibiachta sa nua-aimsir.

11:30 – 12:00 Caifé agus Tae

12:00 – 12:30 Tomás Mac Síomóin: Géinte, Gorta, agus an Ghaeilge.

1:00 – 2:00 Am lóin

2:00 – 2:30 Marie Pascale: Représentations du chronotope dans les écrits irlandais. (Beidh aistriúchán Gaeilge comhuaineach ar fáil ar an gcaint seo).

2:30 – 3:00 Pádraig Ó Cíobháin: Féinléamh ar an mbeith-sa-bhith i saothar Phádraig Uí Chíobháin.

3:00 – 3:30 Eoghan Mac Aogáin: Intinní, Áilleacht agus Litríocht.

3:30 – 4:00 Caifé agus Tae

4:00 – 5:00 Aoichainteoir na Comhdhála: an tOllamh Máire Ní Annracháin: An tSíceolaíocht agus an Traidisiún i gCanóin na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Tús á chur le comhdháil litríochta amárach i mBaile Átha Cliath'