Tús á chur inniu le Daonscoil na Mumhan i Rinn Ó gCuanach

‘Seachtain léachtaí, imeachtaí, craic agus caidreamh’ geallta sa Rinn

Tús á chur inniu le Daonscoil na Mumhan i Rinn Ó gCuanach

Cuirfear tús inniu le Daonscoil na Mumhan i Rinn Ó gCuanach i gContae Phort Láirge. “Seachtain de léachtaí, d’imeachtaí, de chraic is de chaidreamh” atá geallta do lucht freastail na Daonscoile.

Osclófar an Daonscoil tráthnóna ag 19.15 agus beidh imeachtaí ar siúl as seo go ceann cúig lá. Cuirfear clabhsúr ar na himeachtaí Dé hAoine ag 14.00.

I gcaitheamh na seachtaine reáchtálfar seisiúin amhránaíocht ar an sean-nós, ceardlanna rince, tráth na gceist, oíche filíochta agus cheoil. Seolfar chomh maith le linn na seachtaine an t-irisleabhar An Linn Bhuí XX, iris Ghaeltacht na nDéise.

Beidh John Evans ag tabhairt ranganna Breatnaise trí mheán na Gaeilge ón Luan go dtí an Chéadaoin agus beidh léachtaí eile ar siúl gach uile lá.

Is é Diarmuid Johnson a bheidh i bhfeighil na hoíche filíochta agus amhránaíochta ar an Luan agus beidh tuilleadh ceoil ann oíche Dé Céadaoin sa Chlub Amhránaíochta.

Ar an gCéadaoin chomh maith a bheidh an ‘céilí mór’ ar siúl agus beidh ceolchoirm ar siúl oíche Déardaoin.

Bunaíodh an Daonscoil, a bhíonn ar siúl i Rinn Ó gCuanach gach bliain, chun deis a thabhairt do dhaoine teacht le chéile agus gnéithe éagsúla d’oidhreacht na tíre agus na teanga a phlé. Is dlúthchuid den Daonscoil an ceol agus an léann.

Fág freagra ar 'Tús á chur inniu le Daonscoil na Mumhan i Rinn Ó gCuanach'

  • Colette Bennett

    Ró-dhéanach dom i mbliana ach conas a bheadh a fhios agam cathain a bheidh sé ar siúl an bhliain seo chugainn, le bhur dtoil?