Tús á chur anocht le hathbheochan AISLING?, mórléiriú Gaeltachta Chlár Éire 2016

Tá sé i gceist ag lucht léirithe AISLING? a dtaispeántas cultúrtha a thabhairt timpeall na tíre arís an bhliain seo chugain

Tús á chur anocht le hathbheochan AISLING?, mórléiriú Gaeltachta Chlár Éire 2016

Cuirfear tús i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath anocht le feachtas ar mhaithe leis an seó AISLING? a thabhairt ar chamchuairt náisiúnta agus idirnáisiúnta. Cuireadh AISLING? ar stáitse anuraidh mar chuid de mhórchomóradh 1916 agus beidh míreanna as á léiriú i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath tráthnóna, mar a gcuirfidh an tArd-Mhéara Mícheál Mac Donncha fáilte roimh fhoireann léirithe an tseó.

Is é Darach Mac Con Iomaire a stiúir an seó ilmheán Gaeltachta a dhéanann ceiliúradh agus cíoradh ar scéal na Gaeltachta ó 1916 i leith.

Tá saothar sa seó, a léiríodh ar fud na Gaeltachta anuraidh, ó chuid de mhórealaíontóirí na Gaeltachta, Mairéad Ní Mhaonaigh, Pól Ó Ceannabháin, Johnny Óg Connolly agus Eoghain Mac Giolla Bhríde ina measc.

Tá sé i gceist ag lucht léirithe AISLING? a dtaispeántas cultúrtha a thabhairt timpeall na tíre arís an bhliain seo chugainn, go Gaillimh, Baile Átha Cliath, Béal Feirste, Doire, Leitir Ceanainn, Maigh Eo, Luimneach, Corcaigh, an Rinn agus Ráth Chairn.

Beidh an ócáid ar siúl anocht i dTeach an Ardmhéara ar Shráid Dhásain ag 7.30pm.

Fág freagra ar 'Tús á chur anocht le hathbheochan AISLING?, mórléiriú Gaeltachta Chlár Éire 2016'