Turas teilifíse gur fiú a thabhairt ar ‘Bus Ghlaschú’

LÉIRMHEAS: Le hamhrán ón ngrúpa ‘Goats Don’t Shave’ ár dtionlacan déantar idir scéalta grinn agus scéalta bróin a chur os ár gcomhair ar ‘Bus Ghlaschú’ ar TG4

Turas teilifíse gur fiú a thabhairt ar ‘Bus Ghlaschú’

Ní raibh an seanfhondúir Máire Rua Ní Ghallachóir ón nBun Beag ach cúig bliana déag d’aois nuair a chuaigh sí ar imirce go hAlbain. Ní raibh ach fógra cúpla uair an chloig aici sular fhág sí an fód dúchais le breacadh an lae. Vae léi síos an bóthar le seachtar dá comhghleacaithe agus olagón a máthar ina cluasa. An bus go Doire mar a gcuadar ar bord an Laird Lord, an bád bán ar baisteadh Bád Dhoire air. Turas suaite, anróiteach, dhá uair go ceann scríbe. Post acu ar dtús mar ‘tattie-hokers’ ag cnuasach prátaí agus ag cur fúthu i sciobóil na ‘bothies.’ Buachaill ceithre bliana déag fara agus iad ar fad ite ag an gcumha i ndiaidh an bhaile.

Scéalta truacánta agus scéalta a thugann éachtaint ar an nasc atá ag na Conallaigh le hAlbain leis na céadta bliain.

Tá comhghuaillíocht idir comhlachtaí bus le Feda Ó Domhnaill, Seán Mac Fhionnlaoich agus Antoine Ó Dochartaigh ag iompar daoine anonn agus anall ós na seascaidí luatha agus tugann an tsraith ceithre chlár seo cuntas suimiúil, taitneamhach, ach brónach ar uairibh, ar stair agus ar sheanchas na dturas sin.

Le hamhrán Bus Ghlaschú ón ngrúpa ‘Goats Don’t Shave’ ár dtionlacan déantar idir scéalta grinn agus scéalta bróin a chur os ár gcomhair.  Breith, bainis agus bás; táid ar fad anseo. Meitheal mhór cloigne cainte ag eachtraí a gcuimhní cinn féin. Bean amháin ag cur síos ar an uair go raibh cónra ar chúl an bhus, Mac Fhionnlaoich ag cur de faoin uair gur tógadh an suíochán cúil amach le trí chapall Sealtannach a thabhairt abhaile as Stranraer (An t-Sròn Reamhar)

agus leac uaighe le feiscint ar thuras eile. Packie Bonner ag trácht ar a chéad turas i 1977 agus é ag tabhairt faoi shaol an tsacair thall agus a scéilín féin ag Caoimhín Ó Casaide chomh maith.

Ba iad na busanna seo an ‘chuisle’ idir Tír Chonaill agus Glaschú. Is léir ón ionchur ó Sheán agus Feda go bhfuilid bródúil as an tseirbhís seo agus an nasc atá cothaithe aici leis an bpobal. Tráth dá raibh bhíodh 15 bus ag tabhairt faoin turas agus iad ag taisteal ceithre lá sa tseachtain. Anois níl ach trí cinn ann agus seirbhís dhá lá in aghaidh na seachtaine á cur ar fáil.

Gan amhras bhí tionchar ag na Trioblóidí ar an tseirbhís seo agus ba mhinic sceon ar na paisinéirí ag gabháil tríd an Tuaisceart. Cos ar bolg á himirt ag saighdiúirí na Breataine orthu trína gcip is a meanaí a chaitheamh amach ar an mbóthar agus ligint dóibh féin iad a bhailiú ina chéile arís.

D’fhill Máire Rua ar an bhfód dúchais i 1981 tar éis di blianta móra, fada a chaitheamh ag obair ar sheirbhís bus chathair Ghlaschú. Címid í ag filleadh ar Albain dhá bhliain tar éis do dhlúthchara dá cuid imeacht ar shlí an fírinne.

Ba phribhléid é bheith ina fochair agus is turas teilifíse é seo gur fiú a thabhairt.

Fág freagra ar 'Turas teilifíse gur fiú a thabhairt ar ‘Bus Ghlaschú’'

  • Liam Mac Lochlainn

    Clár den scoth. Scéal daonna a bhí greannmhar agus brónach ag an am céanna.