Turas taitneamhach siar ar bhóithrín na smaointe le Hollywood in Éirinn

Cé nár tháinig aon rud thar a bheith spleodrach chun solais in Hollywood in Éirinn na seachtaine seo, ba chlár taitneamhach a bhí ann, ach tá Homeland imithe rófhada ó bhaile agus tá Clean Break scartha ó réalachas

21413794426_baadd11c3a_k

Is cuimhin liom bheith ag obair le Conamarach mná blianta siar agus bhíodh leamhgháire uirthi, agus cad é cneadanna aisti, aon bhabhta go mbíodh muintir Iarthar Dhuibhneach ag cur díobh faoin scannán Ryan’s Daughter.

Na seanscéalta céanna agus meirg orthu. Smut den cheart aici, mar a bhí de ghnáth ag an mbean chéanna, b’fhéidir, ach d’fhéadfaí an rud céanna a rá faoi The Quiet Man agus Dúiche Sheoigeach. Ní haon iontas mar sin nach bhfuil aon chuntas ar na saothair seo sa tsraith Hollywood in Éirinn (TG4, Dé Máirt). Tá easnamh á chúiteamh agus bearna á líonadh ag an gceithre chlár seo a thugann éachtaint ar an tionchar a bhí ag scannáin mhóra ar na ceantair inar deineadh iad a scannánú.

I gcaitheamh na sraithe, déanfar cíoradh ar an rian a d’fhág The Wind That Shakes the Barley,  Barry Lyndon, Moby Dick agus Song For a Raggy Boy ar cheantracha Mhúscraí, na Déise agus na hEochaille. Tá ainm na sraithe saghas míchruinn go pointe, mar ní saothair mhóra ó cheártaí gustalacha Hollywood iad Song For a Raggy BoyThe Wind That Shakes the Barley, agus ní le drochmheas a deirim sin. Is cinnte go bhfuil an cur síos sin cruinn do Barry Lyndon agus do scannáin eile a deineadh in Éirinn cosúil le Braveheart agus Saving Private Ryan. 

An tseachtain seo, is saothar le Stanley Kubrick a bhí idir chamáin. In ainneoin gur chroch sé leis ceithre Oscar, ní raibh an oiread sin ráchairte ar an scannán seo nuair a seoladh é sna seachtóidí, agus sin an chúis, b’fhéidir, go bhfuil ról na hÉireann ligthe i ndearmad againn.

Bíonn seo á cháiseamh ag láithreoir an chláir, Denis Conway, ag a dheireadh is é ag meabhrú dúinn gur seo scannán faoi Éirinn, agus é déanta in Éirinn. Sin bua an chláir ansin, cuntas á thabhairt ar ghné shuimiúil de stair na tíre atá ligthe i ndearmad.

Tugann na cloigne cainte, a bhformhór ag labhairt i mBéarla, léargas ar na dúshláin a bhain leis na radharcanna cogaidh agus an tionchar eacnamaíoch a bhí ag an scannán ar an gceantar. Cé nár tháinig aon rud thar a bheith spleodrach chun solais, is turas taitneamhach, eolgaiseach siar ar bhóithrín na smaointe atá againn anseo.

Timpeall an ama chéanna ar RTÉ 2, bhí Carrie Mathison ar ais i mbun gaiscíochta sa tsraith is déanaí de Homeland. Ní haon iontas go bhfuil trí dhuais Emmy crochta léi ag Claire Danes dá taispeántais sa tsraith le blianta anuas, ach is dóigh liom go bhfuil a cuar scéalaíochta ag imeacht chun leadráin agus an coincheap ag éirí stálaithe.

Mheasas féin go bhfuil coiscéim bhacaí sa táirge ó fuarthas réidh le Brody cúpla bliain siar. Táthar ag iarraidh a bheith chomh tráthúil agus is féidir sa tsraith seo le coimhlint na Siria agus ISIS á lua ón tús. Ceann de mháithreacha na sraithe ná an gaol cigilteach idir Carrie agus Saul, ach tá seo é féin ag éirí tuirsiúil anois. Féachfad air ach níl an tine chéanna ar an gcraiceann.

Clean Break (RTÉ 1, Dé Domhnaigh) é féin ag imeacht chun leadráin agus ar bhóléigear ábhairín. Mheasas gur cuireadh tús láidir go maith leis an tsraith ach taibhsítear dom nach bhfuil sé chomh teann sin as féin.

Tá an fuadar tíograch fágtha in áit na leathphingne, tá seanmóirí an bhaincéara ag éirí tuirsiúil agus is cuma ann nó as an dornálaí óg. Tá cúpla buille tubaisteach buailte ar an réalachas chomh maith.

Fág freagra ar 'Turas taitneamhach siar ar bhóithrín na smaointe le Hollywood in Éirinn'

  • Darragh Ó Caoimh

    Conas a d’fhéadfá leadránach ar thabhairt ar “Homeland” na Máirte !? Bhí sé corraitheach teannasach ón tús a déarfainn ! Bhaineas ard-thaitneamh as :) Ach, maith sibh as ucht léirmheas a dhéanamh ar chlár Bhéarla.