Turas siar bóithrín na smaointe nach raibh aon ní iontach ag baint leis

Ní raibh aon ní conspóideach, suimiúil nó an-ghreannmhar le rá ag na rannpháirtithe in Excalibur: Behind the Movie

Turas siar bóithrín na smaointe nach raibh aon ní iontach ag baint leis

Bíonn cad é bús againn aon uair go dtagann ceártaí móra Hollywood an dúthaigh chugainn. I láthair na huaire tá muintir an tuaiscirt ag baint an-adhmad as an ráchairt atá ar Game of Thrones, tá The Quiet Man fós ag tál airgid ar mhuintir Mhaigh Eo/na Gaillimhe agus tá muintir Iarthar Duibhneach ag rith le brothall don tríú babhta le 50 bliain (Ryan’s Daughter, Far and Away agus Star Wars). Go deimhin n’fheadar Dia ná duine cé mhéad atá scríofa, ráite agus craolta faoi scléip a bhain le scannánú mhórshaothar David Lean. Dúradh go seanbhlastúil ag an am gur mhór an trua nach raibh iníon eile ag an Rianach. Cé a cheapfadh an uair úd go mbeadh an seó bóthair chucu dhá bhabhta eile?

D’éirigh leis an dá shraith de Hollywood in Éirinn, sraith faisnéise de chuid TG4, teacht i dtír ar an maoithneachas a bhaineann le cuntais ar scannánú shaothair mhóra Hollywood.

Sodar eile siar bóithrín na smaointe ba ea Excalibur: Behind the Movie (RTÉ1, Dé Luain). Earcaíodh meitheal chuidsúlach cloigne cainte le bheith ag cur díobh faoi shaothar John Boorman. Nuair a tháinig Boorman go Cill Mhantáin i 1980, áit ina bhfuil sé ina chónaí le fada, bhí a ainm in airde cheana féin tar éis gaiscí le Point Blank (1967), Hell in the Pacific (1968) agus Deliverance (1972). D’admhaigh sé féin gurb é Excalibur, scannán bunaithe ar mhiotas Rí Arthur, an saothar ba dheacra dá chuid le cur i gcrích. Deineadh trácht ar an gcathéide liobarnach, na maisiúcháin bhunúsacha, achrannacha, na capaill cheanndána agus an lear mór aisteoirí breise. Gan amhras níor chabhraigh an bháisteach ach an oiread.

Ag féachaint siar anois air, ceann de na gnéithe ba shuntasaí faoin scannán (agus an clár faisnéise a lean) ná gurbh é a thug an chéad bhlaiseadh de Hollywood do leithéidí Liam Neeson, Gabriel Byrne agus Patrick Stewart.

Chuir an mheitheal rannpháirtithe le téagar an chláir. Labhair John Boorman féin, Liam Neeson, Gabriel Byrne, Helen Mirren, Patrick Stewart agus Neil Jordan (a bhí ag obair ar an scannán agus a dhein a chlár faisnéise féin faoi ag an am) go hionraic, ceanúil faoin tréimhse. Ar an drochuair ní raibh aon ní conspóideach, suimiúil nó an-ghreannmhar le rá acu. Bhí Boorman go deas, d’oibríodar go crua agus bhaineadar taitneamh as. B’in uile. Bhaineas taitneamh as scéal beag Neeson faoin uair go raibh duine den lucht siúil, a bhí i measc na n-aisteoirí breise, ag iarraidh an capall a bhí faoi a cheannach uaidh.

Deineadh trácht ar na dúshláin agus deiseanna cineamatagrafaíochta a sholáthraigh Éire mar ionad. Níorbh aon iontas gur éirigh leis an táirge ainmniúchán Oscar a ghnóthú don obair sin. Díol suntais dom i gcónaí an rath a bhíonn ar tháirgí Éireannacha sa rannóg seo.

Thug The Quiet Man (1952), Ryan’s Daughter (1970), Barry Lyndon (1975) Braveheart (1995) agus Saving Private Ryan (1998) deilbhín óir leo agus d’éirigh le Michael Collins (1996) ainmniúchán a fháil.

Ar an iomlán ní raibh aon rud as an ngnáth sa turas seo siar bóithrín na smaointe.