Turas fóirithinte an Gaza Toy Drive ó BhÁC ag iarraidh léigear Gasa a ardú

Labhair ár gcomhfhreagraí le lucht stiúrtha an Gaza Toy Drive atá ag súil le bheith ar an gcéad turas fóirithinte ó aon áit ar domhan chun Gasa a bhaint amach ó bhí an samhradh seo caite ann

11218782_880115478678160_1226904945696919888_n
Páiste óg ó Bhaile Átha Cliath, Conor, atá ag seoladh bosca bréagán chuig Gaza ar a scríobh sé beannachtaí i mBéarla agus in Araibis air

Is é atá sa Gaza Toy Drive ná tionscnamh pobail a cheap Eileen Carr, atá ag obair I réimse na meabhairshláinte, agus Ahmed Salti i Londain, tar éis turas go dtí Stráice Gasa i 2013.

Tá Eileen, Ahmed agus neart oibrithe deonacha ag obair ó Bhealtaine 2014 chun bréagáin agus a leithéid a sheoladh go Gasa.

“Thosnaigh sé mar thuras siombalach, ach d’fhás sé tar éis áir an tsamhraidh seo caite,” a deir Eileen Carr le Tuairisc.ie.

“Bhí i bhfad níos mó ná bréagáin de dhíth orthu tar éis na n-ionsaithe, mar sin bhí orainn an rud a leathnú.Ach ní ag déanamh trócaire atáimid, ach ag tabhairt dóibh a bhfuil tuillte ag gach duine, ach nach bhfuil ar fáil do gach duine”.

Is ionann Stráice Gasa ó thaobh méide agus timpeall an tríú cuid de Chontae Lú le daonra 1.8 milliún, an chuid is mó díobh ina bpáistí. Tá Gasa faoi léigear iomlán le sé bliana anuas. Ní cheadaítear d’aon rud ná d’aon duine teacht nó imeacht ón áit gan cead a fháil ó na hIosraelaigh nó na hÉigiptigh.

10982443_871712892851752_4060129705044779848_n
Lucht an Gaza Toy Drive

Measann an UN gur fágadh thart ar 108,000 Palaistíneach gan dídean ó dheireadh an chogaidh i mí Lúnasa 2014. Gealladh $5.4 billiún ó lucht deontais idirnáisiúnta ag comhdháil fóirithinte i gCairo i mí Mheán Fomhair. “Tá ár gcabhair ag teasteáil go géar ó phobal Gasa. Ní amárach a theastaíonn sé uathu, ná an tseachtain seo chugainn, ach anois,” a dúirt Státrúnaí na Stáit Aontaithe John Kerry ag an gcomhdháil.

In ainneoin na ngeallúintí, tá na teoireannacha idir Gasa, an Éigipt agus an Iosrael fós dúnta. Níl ach beagáinín d’ábhar atógála á chur thar an teorainn leis an Iosrael ag Kerem Shalom.

Tá an Gaza Toy Drive, á fhágfaidh calafort Bhaile Átha Cliath sna seachtainí romhainn amach, ag súil le bheith ar an gcéad turas fóirithinte ó aon áit ar domhan chun Gasa a bhaint amach ó bhí an samhradh seo caite ann.

Tá Maisoon Bashir, 22 bliaina d’aois as Deir al Balah i nGasa ag súil go mór leis an gcabhair ó Bhaile Átha Cliath.

“Mar Phalaistíneach i nGasa atá i gcruachás agus faoi léigear míchóir le sé bliana anuas, bhí mé thar a  bheith sásta nuair a chuala mé faoin tionscadal seo.”

“Tá cúnamh ag teastáil go géar ónár bpáistí,” a deir Maisoon.

“Mothaím féin gur chailleas amach ar m’óige toisc go raibh mo theachsa faoi sheilbh ag saighdiúrí Iosraelacha ach tá sé de cheart ag ár bpáistí a n-óige a chaitheamh ag imirt le bréagáin dála páistí eile ar fud an domhain,” a dúirt sí.

‘Le cúnamh Dé’, a deir Eileen Carr, cuirfear ceithre choiméadáin lasta (40 troigh) amach ó chalafort Baile Átha Cliath go Gasa. Is ó Éirinn atá 90% den ábhar, agus ón tuaisceart an chuid is mó de. Bailíodh na beartáin eile i Londain agus in Albain. Beidh na boscaí loinge ag taisteal go Port Said san Éigipt agus beidh ar Eileen agus Ahmed Salti taisteal in éineacht leo chomh fada leis an teorainn le Gasa.

“Ba chosúil le post eile lánaimseartha é… Ní dhéanfainn arís go deo é!,” a deir Eileen Carr agus í ag magadh. Bhí, a deir sí, an t-uafás trioblóide acu le hoifigigh Phalaistíneacha, Éireannacha agus Éigipteacha agus níl aon amhras uirthi ach go mbeidh tuilleadh deacrachtaí acu sula mbainfear ceannscríbe amach.

“Níl an troid thart fós, ach céim ar chéim, éireoidh linn”, a deir sí.

Fág freagra ar 'Turas fóirithinte an Gaza Toy Drive ó BhÁC ag iarraidh léigear Gasa a ardú'