Cuairt dhúshlánach ar Chaisleán an Bharraigh do na Gaillimhigh

Cuirfidh Gaillimh tús lena bhfeachtas craoibhe anocht i bPáirc Mhic Éil ach de bharr easpa taithí san fhoireann, beidh sé deacair orthu curaidh an chúige a shárú

Connacht GAA Football Senior Championship Semi-Final, Pearse Stadium, Galway 14/6/2015 Galway vs Mayo Aidan O'Shea celebrates Mayo's opening goal Mandatory Credit ©INPHO/Cathal Noonan
Rinne Aidan O’Shea scrios ar na Gaillimhigh mar lántosach i bPáirc an Phiarsaigh anuraidh. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Maigh Eo v Gaillimh, Páirc Mhic Éil, 7:30i.n.

Tabharfaidh Gaillimh cuairt ar Chaisleán an Bharraigh tráthnóna agus iad ag iarraidh deireadh a chur le forlámhas Mhaigh Eo i gCúige Chonnacht ach, ar an gcéad fhéachaint, is mór an dúshlán atá rompu.

Níor éirigh le Gaillimh an ceann is fearr a fháil ar a gcomharsana ó 2008 agus cé nach raibh ach ceithre phointe idir na foirne nuair a chas siad ar a chéile sa bhabhta céanna anuraidh, is mór an t-athrú atá tagtha ar fhoireann na Gaillimhe ó shin.

Ar fhoireann na Gaillimhe a thabharfaidh aghaidh ar churaidh an chúige i rith na seachtaine agus tá cúigear ann, Bernard Power, Eoin Kerin, David Wynne, Eamonn Branningan agus Johnny Heaney, nár imir cluiche craoibhe don chontae roimhe seo.

Imreoidh Kerin agus Wynne sa líne lánchúl agus taobh leo tá an lánchúlaí, Declan Kyne agus an cúl báire, Power beirt eile nach bhfuil mórán taithí acu. Rinne Aidan O’Shea scrios ar na Gaillimhigh mar lántosach i bPáirc an Phiarsaigh anuraidh agus is cinnte go mbeidh fir Stephen Rochford ag coinneáil súil ghéar ar an gcuid sin den pháirc anocht.

Beidh áthas ar lucht leanúna na Gaillimhe go bhfuil Shane Walsh ar ais i measc na dtosaithe. Chaill fear Chill Choirín/Chluain Bheirn deireadh na craoibhe anuraidh de bharr gortaithe ach is imreoir thar a bheith tábhachtach é d’fhoireann Kevin Walsh.

Is é an tosach is cumasaí atá ag na Gaillimhigh agus nuair atá i mbarr a mhaitheasa, tá deacair é a stopadh. Beidh siad ag brath go mór ar a chumas scórála agus ar Damien Comer agus Gary Sice.

Beidh aithne mhaith ag Stephen Rochford ar imreoirí na Gaillimhe tar éis dó cúpla bliain a chaitheamh mar bhainisteoir ar Chora Finne. Is í seo an chéad bhlaiseadh a bheidh aige, mar bhainisteoir, ar chluiche idir Mhaigh Eo agus Gaillimh.

Níl ach Chris Barrett in easnamh air de bharr gortaithe, cé go bhfuil Barry Moran agus Conor Loftus fós ag teacht chucu féin ó ghortuithe. Chaill Diarmuid O’Connor an cluiche in aghaidh Londan ach beidh sé ar ais don cheann seo agus idir é féin, a dheartháir Cillian agus Aidan O’Shea, ba cheart go mbeidís rómhaith d’fhir óga na Gaillimhe.

Bua slachtmhar a bhí ag Maigh Eo sa chluiche sin aghaidh Londan ina gcéad chluiche agus tá gach cuma ar an scéal go mbeidh bua slachtmhar eile anocht acu.

Rogha Tuairisc.ie: Maigh Eo

Fág freagra ar 'Cuairt dhúshlánach ar Chaisleán an Bharraigh do na Gaillimhigh'