Turas álainn le Micheál Ó Sé, a n-éistfeá leis ag léamh an leabhair teileafóin

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Tá ár léirmheastóir an-tógtha le dhá chlár ar TG4 a thugann siar bóithrín na smaointe sinn

Turas álainn le Micheál Ó Sé, a n-éistfeá leis ag léamh an leabhair teileafóin

Sleamhnaíonn an t-am faoi mar a shleamhnaíonn an t-uisce de ghaineamh na trá agus cuireadh é sin abhaile orm go paiteanta le laethanta anuas agus mé ag féachaint ar dhá chlár nua ó TG4 a thug siar bóithrín na smaointe go maoithneach sinn. Ar an gCéadaoin, bhí an dara gála do Ar an Aer againn, sraith bhreá ocht gclár a thugann éachtaint ar an gclúdach a rinne RTÉ ar shaol na Gaeilge agus na Gaeltachta sarar tháinig TG4 ar an bhfód. Chuathas ag paidhceáil sa chartlann le míreanna faoin imirce, an tOireachtas, Comórtas Peile na Gaeltachta, srl. a chur os ár gcomhair. Saghas Reeling in the Years don Ghaeilge/Ghaeltacht más maith leat ach é bheith eagraithe go téamach. Imirce agus aistriú a bhí faoi chaibidil sa chéad ghála agus ócáidí sóisialta is comhluadair a bhí idir chamáin i gclár na seachtaine seo.

B’fhiú éisteacht le Micheál Ó Sé, a bhíonn i mbun reacaireachta ar an gclár mealltach seo, ar saothar breá taighde é chomh maith, fiú dá mba leabhar teileafóin a bheadh á léamh aige, óir is beag craoltóir atá inchurtha leis ó thaobh urlabhra agus saibhreas Gaeilge.

Bhí idir mhaoithneachas agus cumha ag baint leis an gcéad chlár mar ar léirigh na míreanna difriúla an drochíde a thug an  imirce ar cheantair Ghaeltachta. Garsúin óga ó Oileán Acla, mar shampla, ná faca a n-aithreacha ón Nollaig agus ná feicfeadh iad go dtí an samhradh mar go rabhadar ar imirce i Sasana. As an 28 leanbh bhí i Scoil Náisiúnta an Doirín ar an oileán i 1969, bhí aithreacha 23 duine acu imithe ar an mbád bán. Bhí sé go hálainn Gaeilge bhreá Mhaigh Eo a chloisteáil.  Bhaineas súp chomh maith as caint ionraic le Muiris Ó Fiannachta ó Chorca Dhuibhne agus é ag cur síos ar an deacracht a bhain le do chrústa a thuilleamh sa dúthaigh; slais mhuinteartha á caitheamh aige lena chomrádaí a raibh múinteoir bunscoile pósta aige (agus ioncam rialta aige dá réir). I rith an ama  meabhraíodh cumas iriseoireachta Bhreandáin Uí Eithir, go háirithe.

Turas maoithneach, taitneamhach siar bóithrín na smaointe a bhí corraitheach agus greannmhar ar uairibh. Mura mbeadh aon ní eile ann, b’fhiú féachaint air le Gay Byrne a chloisteáil ag eascainí i nGaeilge bhreá Chonamara.

Chaitheas gáire beag a dhéanamh nuair a chonaic an buachaill óg ag rith sna cosa in airde síos an bóthar agus claí na scoile á chaitheamh de léim aige i dtosach an chláir Ar Scoil Arís. Ba thamaillín ina dhiaidh sin a léiríodh dúinn gur athchruthú a bhí ann ar radharc as an tsraith Ar Scoil a craoladh ar RTÉ 30 bliain ó shin. Sna cláracha sin thug Máirtín Davy Ó Coisdealbha cuairt ar scoileanna Chonamara le caint a chur ar na leanaí agus léargas a thabhairt ar an scoil/ceantar. Sa tsraith seo, tugtar an tsraith úd chun chuimhne mar aon le bualadh leis na leanaí óga úd atá anois sna fir/mná agus a bhfuil a bpáistí féin acu agus cuid acu sna scoileanna céanna.

Sa chéad ghála chuaigh Máirtín ar ais chuig Scoil Cholmáin ar Oileán Mhaínse. Ba é Seán Ó Cathasaigh an buachaill óg úd a léim thar chlaí agus bhí sé ina measc siúd a bhí bailithe isteach sa scoil don turas siar bóithrín na smaointe. Cúpla babhta i rith an chláir tugadh chun chuimhne an tsimplíocht, an réchúis agus an tsoineantacht a bhain leis na laethanta úd. Cuireadh abhaile orainn go bhfuil traidisiún an cheoil agus an rince fós beo mar aon leis an nGaeilge ón gcliabhán. Clár caithiseach.

Fág freagra ar 'Turas álainn le Micheál Ó Sé, a n-éistfeá leis ag léamh an leabhair teileafóin'