Tuilleadh uafáis i ndán don Talamh Naofa sa bhliain amach romhainn

Gach seans go leanfaidh an t-uafás sa Mheánoirthear ar aghaidh sna seachtainí agus na míonna amach romhainn

palastine

Bliain fhuilteach, fhoréigeanach eile ab ea 2015 sa Mheánoirthear, Iosrael agus an Phalaistín san áireamh. Ní raibh an slad céanna ann is a bhí i nGasa i 2014 ach ba bheag lá nar maraíodh duine eicínt agus is amhlaidh go gcuimhneofar ar 2015 mar an bhliain inar thosaigh tríú intifada (eirí amach) na bPalaistíneach.

Ní leis na hIosraelaigh a bhí an chéad choimhlint ag pobal na Palaistíne i 2015 ach leis an aimsir. Bhí stoirmeacha agus tuilte nach bhfacthas le blianta fada i mí Eanáir. Tubaiste a bhí ann do Ghasa, áit ar leagadh thart ar 9,000 tigh i gcogadh na bliana roimhe sin. Faoin am a tháinig na tuilte, bhí na céadta míle fós gan dídean de dheasca an choisc ar ábhar atógála a thabhairt isteach. Ní haon ionadh gur bheartaigh na céadta Palaistínigh i nGasa dul ar na longa báis go dtí an Eoraip ón Éigipt agus Libia.

Ar Lá Fhéile Pádraig bhí deis ann cur chuige polaitíochta a thabhairt isteach nuair a thug iarrthóir de bhunadh na hÉireann, Isaac Herzog ón lucht oibre, aghaidh ar Benjamin Netanyahu in olltoghchán Iosrael. Theip ar Herzog, áfach, agus ba chuig an eite dheis a d’imigh na vótaí ag an nóiméad deireanach. Beidh Netanyahu arís mar Phríomh-Aire i gcomhrialtas nua go ceann ceithre bliana eile.

B’shin comhartha nach raibh aon athrú le teacht ar an scéal ó thaobh pholasaithe Iosrael de, agus gan táisc ná tuairisc ar aon toghchán sna ceantair Phalistíneacha ach an oiread. Tá tús curtha ag Mahmoud Abbas lena dara bliain déag dá théarma ceithre bliana mar uachtarán ar an Údarás Palaistíneach sa mBruach Thiar. B’amhlaidh an scéal sa Stráice Gasa mar a bhfuil Ismail Haniyeh mar Phríomh-Aire ón olltoghchán deireanach i 2006.

Is fada an bóthar nach mbíonn casadh ann áfach, agus d’éirigh an pobal Palaistíneach, go háirithe an ghlúin óg, tinn tuirseach den status quo i rith an tsamhraidh. Ba é an toradh a bhí ar fhrustrachas na bPalaistíneach san fhómhar ná intifada, nó ‘tonn sceimhle’, eile in Iarúsailéim agus sa mBruach Thiar. I mí Mheán Fómhair, a thosaigh na h-ionsaithe agus na h-ionsaithe díoltais ar shaighdiúirí agus ar shibhialtaigh Iosraelacha agus ar shibhialtaigh Phalaistíneacha. I mí Dheireadh Fómhair, maraíodh 94 Palaistíneach agus 16 Iosraelach.

Ní haon dream míleata nó páirtí polaitíochta ba chúis leis an intifada, ach an chosmhuintir Phalaistíneach. Scaipeadh físeáin d’ionsaithe agus a leithéid sna meáin shóisialta, agus thug tráchtairí áirithe an ‘smartphone intifada’ ar na heachtraí. Labhair an rialtas Iosraelach le YouTube agus Google fiú, agus iarracht á déanamh acu stop a chur le scaipeadh na bhfíseán seo. Ach ag snámh in aghaidh easa a bhíodar agus iad ag iarraidh smacht a choinneáil ar an idirlíon sa lá atá inniu ann.

Sa chéad seachtain den bhliain úr maraíodh déagóir Palaistíneach agus é ag iarraidh saighdiúir Iosraelach a shá ag crosaire Gush Etzion, splancphointe idir na lonnaíochtaí Iosraeleacha agus na limistéir Phalaistíneacha ar an mBruach Thiar.

Is léir go bhfuil rialtas Mheiriceá ag eírí traochta de bheith ina idirghabhalaí idir an dá thaobh agus is ar shruth na dteifeach ón tSiria atá aird mhuintir na hEorpa. Mar sin, gan aon bhrú ag teacht ón taobh amuigh, agus gan aon bhealach eile ag an bpobal Palaistíneach cúrsaí a athrú ón taobh istigh, gach seans go leanfaidh an t-uafás ar aghaidh sna seachtainí agus na míonna amach romhainn.

Fág freagra ar 'Tuilleadh uafáis i ndán don Talamh Naofa sa bhliain amach romhainn'