‘Seachain go ndéanfaí uirlis pholaitiúil den Ghaeilge’ – Ombudsman na Catalóine

Labhair Maitiú Ó Coimín le Rafael Ribó, Ombudsman na Catalóine, faoi chearta teanga sa Chatalóin agus in Éirinn

 

Rafael Ribo. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

 

Céard iad na rudaí a dtug tú suntas dóibh faoin leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2014?

Léigh mé an cháipéis ar fad, agus b’fhéidir go gceapfar gur mór mo dhánacht moltaí a dhéanamh do thír eile, ach tá mé ag ceapadh go gcuirfeadh mo chuid taithí léi.

Luaitear, faoi cheannteidil a ceathair, cé na cáipéisí ba cheart a fhoilsiú i nGaeilge. Déarfainn féin, gach uile cheann acu. Dá ndéanfaí go leictreonach é, ní bheadh aon chostas leis. Ba cheart go mbeadh gach uile cháipéis le comhlachtaí poiblí ar fáil i nGaeilge.

Luaitear státseirbhísígh agus cé mhéad acu ar cheart Gaeilge a bheith acu. Ar cheart go mbeadh ar gach státseirbhíseach a bheith in ann Gaeilge a labhairt, mar a bhí sna seachtóidí? Déarfainn gur cheart, agus cén fáth nach gcuirfí an córas céanna i bhfeidhm?

Ní don státseirbhíseach na cearta teanga ná don Rialtas ach don saoránach. Mura gcuirtear státseirbhísígh i rólanna ar féidir leo seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil, táthar ag cur bac agus ar bhealach cosc ar labhairt na Gaeilge. Cuirigí an bhéim ar an saoránach.

Bíonn ar gach státseirbhíseach sa Chatalóin an Chatalóinis a bheith aige, ag leibhéal C nó níos airde, agus mar sin bíonn saoránaigh in ann an Chatalóinis agus an Chaistílis a labhairt agus iad ag déileáil leis an stát agus ní bhíonn ar éinne a dteanga a athrú.

Maidir le síneadh ar na scéimeanna teanga, ní shíneoinn iad. Chuala mé na polaiteoirí ag caint ar iad a shíneadh go seacht mbliana? Cén fáth? Bheadh bhur ndóthain ama agaibh córas riaracháin a ullmhú taobh istigh de thrí bliana.

An ceannteideal deiridh ar thug mé suntas dó ná uimhir a trí déag, agus scríobhtar ann gur cheart do chomhlachtaí príobháideacha atá ar conradh ag comhlachtaí poiblí seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil. Cén fáth nach mbeadh ar gach comhlacht, idir chomhlachtaí príobháideacha agus chomhlachtaí poiblí, a chuireann seirbhísí ar fáil don phobal, idir Bhéarlóirí agus Ghaeilgeoirí, na seirbhísí sin a chur ar fáil i nGaeilge? Tá mé ag caint ar bhiachlár i mbialann, an freastalaí i mbeár, comhlachtaí príobháideacha sláinte, ionad glaonna nó siopa. Sin í mo thuairim lom.

Cé na difríochtaí idir cás na hÉireann agus cás na Catalóine, agus an féidir linn aon rud a fhoghlaim óna chéile?

Ná déanaigí dearmad choíche gur teanga oifigiúil stáit í an Ghaeilge. Ní hamhlaidh don Chatalóinis. Is teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh í, fiú! Labhraítear an Chatalóinis i gceantar a bhfuil 13 milliún duine ann agus ní aithnítear í toisc nach bhfuil stát againn. Tuigeann 95% den phobal an Chatalóinis, labhraíonn 80% í agus tá léamh na teanga ag 60% toisc go múintear gach ábhar i ngach scoil i gCatalóinis. Tar éis dhá bhliain tosaítear ar an Spáinnis agus tar éis ceithre bliana tosaítear ar an mBéarla.

Sin é mo mholadh do mhuintir na hÉireann – méadaigh líon na scoileanna Gaeilge. Tá a fhios agam go bhfuil scoileanna Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta agus go bhfuil roinnt scoileanna Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus mar sin ach caithfear an líon sin a mhéadú. Is iad na scoileanna Gaeilge an phríomhuirlis agus an ceann is tábhachtaí.

An dara moladh ná cosc a chur ar éinne a dhéanann iarracht cur isteach ar cheart a chomhdhuine a rogha teanga a labhairt. Is ceart daonna é. Níor chóir d’aon roinn riaracháin “Ní ann don Ghaeilge anseo” a rá. Ba cheart go mbeadh ceart teanga ann do chách sa Phoblacht.

An nglacann Rialtas Mhaidrid leis an gcur chuige sa Chatalóin?

Tá an tAire Oideachais ag triail dlí a thabhairt isteach a athróidh cúrsaí dúinn. “Caithfidh muid páistí na Catalóine a Spáinniú,” a dúirt sé agus an bille á phlé aige.

Múintear páistí na Catalóine sa Chatalóinis. Fiú na páistí a bhfuil an Spáinnis sa bhaile acu, foghlaimíonn siad an Chatalóinis ar scoil. Tá ciall leis an gcóras; bíonn trí theanga acu faoin am a bhíonn siad deich mbliana d’aois. Tá na torthaí sna scoileanna s’againne níos fearr ná scoileanna i réigiúin aonteangacha.

Tá go leor ag cur in éadan an Rialtais mar gheall ar a moltaí. Thug siad deontas €6,000 do gach páiste a roghnaigh oideachas trí Spáinnis. Tá sé casta mar níl aon scoileanna poiblí Spáinnise ann. Tá scoileanna príobháideacha Béarla agus Spáinnise ann agus tá tuismitheoirí sna scoileanna sin ag iarraidh ar an Rialtas an deontas a thabhairt dóibh. Is ó cháiníocóirí na Catalóine a thiocfadh an t-airgead sin.

Tá formhór na dtuismitheoirí sa Chatalóin i bhfábhar na Catalóinise mar tugann sé deiseanna fostaíochta agus eile dá bpáistí.

Luaigh tú cúrsaí airgid ansin; céard a déarfá leis an té a déarfadh go gcosnódh cearta teanga an iomarca airgid?

Chuir mé an cheist nuair a tháinig mé anseo ‘an gcaitear airgead stáit ag poibliú na saothar mór Béarla a tháinig as Éirinn?’. Dúradh liom go gcaitear. Tá muintir na hÉireann an-bhródúil as a scríbhneoirí agus scaiptear an bród sin ar fud an domhain agus bíonn costas air sin, ach ní cheistítear an costas sin. Ní féidir cogadh a thosú mar gheall ar mhaoiniú do chultúr na ndaoine. Ach amháin sa chás go bhfuil tú as do mheabhair agus ag éileamh airgead aisteach, ach níl muintir na hÉireann á éileamh sin.

Is léir gur teanga láidir phobail í an Chatalóinis. Céard iad na céimeanna a thabharfar le hí a láidriú a thuilleadh?

Is iad réimsí na scannán agus na gcluichí ríomhaire na laigí is mó atá againn i láthair na huaire. Tagann siad ó na Stáit Aontaithe agus áiteanna eile thar lear. Ní chaithfidh príomhchomhlachtaí Hollywood a gcuid airgid ar athghuthú a scannán go mionteangacha.

Níor mhaith liom féin go ndéanfaí scannáin a athghuthú – má tá scannán i mBéarla, breathnaigh air i mBéarla ach bíodh fotheidil leis. Ach déantar beagnach gach scannán a athghuthú go Spáinnis. Is annamh a fhaigheann muid scannán ar cuireadh Catalóinis air. Sa Phortaingéil, tá Béarla i bhfad níos fearr acu ná mar atá ag na Spáinnigh mar bíonn na scannáin i mBéarla le fotheidil Phortaingéilise.

Caithfidh muid a chur ina luí ar na comhlachtaí gur cheart dóibh iad a chur ar fáil sa Chatalóinis má chuirtear ar fáil as Spáinnis iad.

Faoi láthair, ní bhíonn ach 5% de na scannáin a ndéantar athghuthú orthu sa Chatalóinis; cuirtear glórtha Spáinnise ar an gcuid eile acu. Beidh an dlí nua ag teacht isteach i gceann ceithre bliana agus beidh 50% de scannáin i bpictiúrlanna na Catalóine as Catalóinis.

Céard ba mhaith leat a fheiceáil ag tarlú ó thaobh chás na Catalóinise as seo go ceann cúig bliana?

Ní aithníonn stát na Spáinne na mionteangacha sa tír. Tagann go leor cuairteoirí chun na Spáinne agus samhlaíonn siad léi troideanna tarbh agus damhsa Flamenco agus an Spáinnis. Níl eolas acu ar an nGailís, ar Thír na mBascach ná ar an gCatalóin. Tá na céadatáin chéanna againn ó thaobh na dteangacha de is atá ag na hEilbhéisigh: tá 70% den phobal sin ina nGearmainiseoirí, 20% ina bhFrainciseoirí; agus tá mionteangacha eile ag an gcuid eile. Sa Spáinn, tá 70% ina gCaistíliseoirí, tá 20% ina gCatalóiniseoirí agus labhraíonn an chuid eile an Ghailísis agus an Bhascais.

Is é an cath atá romhainn ná alt bunreachta a fháil a chuirfidh ár gceithre theanga ar comhchéim. De réir an Bhunreachta, a tugadh isteach tar éis bhás Franco, cosnófar agus cuirfear na teangacha éagsúla chun cinn, ach níor tharla sé sin ó tháinig ann don ‘daonlathas’ sa Spáinn.

Céard is féidir le muintir na hÉireann a dhéanamh a dhéanfadh teanga phobail den Ghaeilge?

Cosnaídís an teanga seachas a bheith ag troid fúithi.

Ná bíodh an teanga mar pholaitíochta. Is ceist pholaitíochta í ach ná bíodh sí ina uirlis ag na páirtithe polaíochta. Ba cheart go dtiocfadh na páirtithe le chéile agus go gcosnódh siad an teanga seachas a bheith ag troid fúithí. 

Molaim lucht eagraithe na Comhdhála i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo (Conradh na Gaeilge) – ba cheart í a phlé ar bhealach sóisialta mar sin níos minice. Ba cheart í a úsáid go sóisialta níos minice – in áras an chontae, ar scoil – agus ba cheart an Ghaeltacht a leathnú.

 

Fág freagra ar '‘Seachain go ndéanfaí uirlis pholaitiúil den Ghaeilge’ – Ombudsman na Catalóine'

  • Fearn

    Tá cóir leighis sa chaint seo do lagmhisneach lucht na Gaeilge in Éirinn

  • Breathnóir

    Tá pointí fiúntacha suimiúla á ndéanamh ag Rafael Ribo ach ní mór cuimhneamh nach ionann cás na Gaeilge agus na Catalóinise. Labhraíonn na milliúin agus na milliúin duine Catalóinis i limistéar tíreolaíoch fairsing…

  • Darragh Ó Náraigh

    Agallamh iontach, tá an t-uafás le foghlaim againn ó lucht cur chun chinn na mionteangacha,idir an Chatalóinis,an Bhreatnais agus gach mionteanga eile. Ba cheart dúinn i bhfad níos mó a éileamh ón stáit ná mar atá á éileamh againn faoi láthair,agus ba chóir dúinn cur chuige níos uaillmhianaí a bheith againn chomh maith.

  • Glór í Eo

    B’fhearr gan a bheith ag brath ar an rialtas nó an gcóras Oideachais srl i gcónaí. An lámh déirce de shíor á síneadh amach againn agus ag clamhsán. Ní mór brath orainn féin agus a bheith dearfach. “Dearg le Díograis!” m.sh. tá géarghá le caifé agus siopa gaeilge i mBÁC, Gaillimh agus Corcaigh ar a laghad. Thabharfadh na hionaid seo deis do fhoghlaimeoirí an teanga a chleachtadh agus deis do Gaelgeoirí líofa pleananna a phlé agus ócáidí a eagrú. Tá sé ag lucht na Fraincíse agus na Spáinníse i mBÁC – agus lucht na Gaeilge i mBéal Feirste cheanna féin.